Sochar do Thuismitheoirí
- Foilsithe: 5 Samhain 2019
- An t-eolas is déanaí: 9 Eanáir 2026
- Cad is Sochar do Thuismitheoirí ann
- Conas cáiliú
- Ráta íocaíochta
- Déan iarratas
- Téigh i dteagmháil
- Treoirlínte Oibríochtúla
Cad is Sochar do Thuismitheoirí ann
Is scéim é an Sochar do Thuismitheoirí atá iníoctha le tuismitheoirí a ghlacann saoire tuismitheora ón obair. Tá sé ar fáil le haghaidh aon leanbh a rugadh nó atá faoi chúram a t(h)uismitheoirí uchtála ón 1 Samhain 2019.
Is éard atá i gceist le Sochar do Thuismitheoirí ná íocaíocht naoi seachtaine do gach tuismitheoir linbh atá faoi bhun dhá bhliain d’aois, nó sa dá bhliain i ndiaidh uchtála, atá ar Shaoire Tuismitheora ón obair chun aire a thabhairt dá leanbh agus atá clúdaithe ag árachas sóisialta (ÁSPC).
Is féidir le tuismitheoirí na 9 seachtaine a ghlacadh i dteannta a chéile nó seachtainí éagsúla saoire a thógáil.
Ó Lúnasa 2024:
- Mhéadaigh Sochar do Thuismitheoirí ó 7 seachtaine go 9 seachtaine.
Tá sé seo sa bhreis ar an Sochar Máithreachais agus ar an Sochar Atharthachta atá ann cheana féin.
Is íocaíocht í an Sochar do Thuismitheoirí le haghaidh dhaoine fostaithe agus féinfhostaithe:
- atá ar shaoire thuismitheora ón obair
- a bhfuil dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialta phá-choibhneasa (ÁSPC) íoctha acu
Is iad na haicmí ÁSPC a bheidh san áireamh sa Sochar Tuismitheora ná A, B, C, D, E, H agus S (féinfhostaithe)
Tá sé ar fáil d’aon leanbh a rugadh nó a uchtaíodh ar an 1 Samhain 2019 nó dá éis.
Is féidir Sochar do Thuismitheoirí a íoc le haghaidh naoi seachtaine i ndiaidh a chéile nó le haghaidh naoi seachtaine ar leith laistigh den chéad dhá bhliain de shaol do linbh.
Is féidir leat Sochar Tuismitheora a fháil am ar bith laistigh de dhá bhliain i ndiaidh na breithe nó an tsocrúcháin uchtála.
Ní mór duit iarratas a dhéanamh ar Shochar Tuismitheora laistigh de shé mhí i ndiaidh do Shaoire Tuismitheora a thógáil.
Conas cáiliú
Chun cáiliú le haghaidh Sochair Tuismitheora, ní mór go mbeifeá i mbun fostaíochta nó féinfhostaíochta inárachaithe faoi láthair agus go mbeadh dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC) íoctha agat.
Má tá Sochar Máithreachais, Sochar Uchtála nó Sochar Atharthachta faighte agat do do leanbh, comhlíonfaidh tú na ceanglais maidir le ranníocaíochtaí ÁSPC go huathoibríoch chun do Shochar Tuismitheora a fháil.
Más fostaí thú, ní mór go mbeadh:
- 39 seachtain ar a laghad de ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha agat i rith na dtréimhsí 12 mhí roimh an gcéad lá a fhaigheann tú do Sochar do Thuismitheoirí NÓ
- 39 seachtain ar a laghad de ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha agat ó thosaigh tú ag obair agus 39 seachtain ar a laghad de ÁSPC íoctha nó creidiúnaithe sa bhliain chánach díreach roimh an mbliain chánach ábhartha. Mar shampla, má tá Saoire Tuismitheora á tógáil agat in 2026, is í 2024 an bhliain chánach ábhartha agus is é 2025 an bhliain ina dhiaidh sin NÓ
- 26 seachtain ar a laghad de ÁSPC íoctha sa bhliain chánach ábhartha agus 26 seachtain ar a laghad de ÁSPC íoctha sa bhliain chánach roimh an mbliain chánach ábhartha. Mar shampla, má tá Saoire Tuismitheora á tógáil agat in 2026, is í 2024 an bhliain chánach ábhartha agus is é 2023 an bhliain roimhe sin
Mura gcomhlíonann tú na coinníollacha ÁSPC seo agus má bhí tú i mbun féinfhostaíochta inárachaithe sular chuir tú tús le fostaíocht inárachaithe mar fhostaí, féadfaidh tú do ranníocaíochtaí ÁSPC (Aicme S) ón bhféinfhostaíocht sin a úsáid chun cáiliú le haghaidh an tSochair Tuismitheora – féach ar choinníollacha ÁSPC do dhaoine féinfhostaithe thíos.
Bronntar ranníocaíochtaí creidiúnaithe, nó creidmheasanna, ort go huathoibríoch nuair atá an Sochar do Thuismitheoirí á fháil agat. Bronntar creidmheasanna ar an ráta céanna leis an ranníocaíocht deiridh a d’íoc tú. Cabhraíonn na creidmheasanna seo le do theidlíocht amach anseo ar shochair agus ar phinsin leasa shóisialaigh a chosaint. Tá tuilleadh eolais maidir le ranníocaíocht chreidiúnaithe nó creidmheasanna ar fáil anseo.
Má bhí tú i mbun fostaíochta inárachaithe roimhe seo i dtír atá clúdaithe ag Rialacháin AE, féadfaidh tú do thaifead árachais sa tír sin a nascadh le do ranníocaíochtaí ÁSPC Éireannacha chun cabhrú leat cáiliú agus an Sochar do Thuismitheoirí a fháil in Éirinn. Ní mór duit a bheith i mbun fostaíochta inárachaithe in Éirinn faoi láthair agus go bhfuil do ranníocaíocht ÁSPC is déanaí íoctha agat in Éirinn. Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir le do ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh ó thar lear a nascadh le do chinn anseo.
Má tá tú féinfhostaithe, ní mór duit a bheith i bhfostaíocht inárachaithe agus go bhfuil:
- 52 ranníocaíocht ÁSPC íoctha agat ag Aicme S sa bhliain chánach ábhartha. Mar shampla, má tá Sochar do Thuismitheoirí á éileamh agat in 2026, is í 2024 an bhliain chánach ábhartha NÓ
- 52 ranníocaíocht ÁSPC íoctha agat ag Aicme S sa bhliain chánach díreach roimh an mbliain chánach ábhartha. Mar shampla, má tá Sochar do Thuismitheoirí á éileamh agat in 2026, is í 2023 an bhliain chánach díreach roimh an mbliain chánach ábhartha NÓ
- 52 seachtain de ranníocaíocht ÁSPC íoctha agat ag Aicme S sa bhliain chánach díreach roimh an mbliain chánach ábhartha. Mar shampla, má tá Sochar do Thuismitheoirí á éileamh agat in 2026, is í 2025 an bhliain chánach díreach roimh an mbliain chánach ábhartha
Mura gcomhlíonann tú na coinníollacha ÁSPC seo agus má bhí tú i mbun fostaíochta inárachaithe sular chuir tú tús le féinfhostaíocht, is féidir leat do ranníocaíochtaí ÁSPC ón bhfostaíocht sin a úsáid chun cáiliú le haghaidh an tSochar Tuismitheora – féach ar choinníollacha ÁSPC do dhaoine fostaithe thuas.
Má tá tú i mbun féinfhostaíochta inárachaithe, ní bhronntar ranníocaíochtaí creidiúnaithe nó creidmheasanna ort go huathoibríoch agus Sochar Tuismitheora á fháil agat.
Tá tuilleadh eolais maidir le ranníocaíocht chreidiúnaithe nó creidmheasanna ar fáil anseo.
Ráta íocaíochta
Is é €299 in aghaidh na seachtaine ar feadh naoi seachtaine an ráta íocaíochta a bhaineann leis an Sochar do Thuismitheoirí. Is féidir an Sochar do Thuismitheoirí a íoc i mbloic sheachtainiúla ar leithligh nó is féidir é a íoc thar thréimhse 9 seachtaine i ndiaidh a chéile.
Íoctar an Sochar Tuismitheora go díreach isteach i do chuntas reatha nó taisce i do bhanc nó cumann foirgníochta. Ní féidir é a íoc isteach i gcuntas morgáiste.
Féadfaidh d’fhostóir leanúint le híocaíocht iomlán a thabhairt duit fad is atá tú ar shaoire tuismitheora. Féadfaidh siad a éileamh go n-íocfar do Shochar Tuismitheora leo, agus is féidir leat é seo a roghnú.
Má tá íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe á bhfáil agat cheana féin, b’fhéidir go bhfaighfeá Sochar Tuismitheora ar leathráta
Méaduithe ar íocaíocht
Má tá cleithiúnaithe agat, b’fhéidir go mbeifeá in ann íocaíocht níos airde a fháil. Nuair a dhéanann tú iarratas, cuirtear ráta comhréidh do Shochar do Thuismitheoirí i gcomparáid le ráta an tSochair Breoiteachta (lena n-áirítear méaduithe le haghaidh cleithiúnaithe) a d’íocfaí leat dá mbeifeá as láthair ón obair mar gheall ar bhreoiteacht. Íoctar an ráta is airde den dá ráta leat.
Cánacha
Má íocann tú cáin, beidh ort cáin a íoc ar Shochar Tuismitheora. Ní bheidh ort an Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) ná ÁSPC a íoc.
Déan iarratas
Iarratas MyWelfare
Is é an bealach is tapúla chun iarratas a dhéanamh ar Sochar do Thuismitheoirí ná ar líne ag MyWelfare.ie. Ní mór duit cuntas MyGovID fíoraithe a bheith agat chun MyWelfare.ie a úsáid.
Beidh Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) do leanbh ag teastáil chun an t-iarratas seo a chur i gcrích.
Mura féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne, is féidir foirm iarratais maidir leis an Sochar Tuismitheora a iarraidh ón Rannóg Sochair Tuismitheora trí ríomhphost a sheoladh.
Ní féidir le máithreacha ar rugadh a leanbh ar an 1 Samhain 2019 nó dá éis tairbhe a bhaint as a teidlíocht chun Sochar Tuismitheora a fháil ach i gcás nach bhfuil Sochar Máithreachais á fháil acu a thuilleadh.
Má roghnaíonn Máthair a saoire Mháithreachais neamhíoctha a thógáil i ndiaidh a Sochar Máithreachais, ní féidir léi tairbhe a bhaint as a teidlíocht le haghaidh Sochair Tuismitheora ach i gcás ina bhfuil a tréimhse de shaoire neamhíoctha imithe in éag.
Téigh i dteagmháil
Parent's Benefit Section
- Seoladh:
- Parent's Benefit Section, Department of Social Protection, McCarter's Road, Buncrana, Donegal, Co. Donegal, F93 CH79
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 300600;
074 9164496
Treoirlínte Oibríochtúla
Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus ar na nósanna imeachta a gcloíonn ball foirne sa roinn leo agus iad i mbun a gcuid oibre.