LLF - Forlíonadh Téimh
- Foilsithe: 13 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 13 Feabhra 2026
- Cad is Forlíonadh Téimh ann
- Conas cáiliú ina leith
- Rátaí íocaíochta
- Déan iarratas
- Treoirlínte Oibríochtúla
Cad is Forlíonadh Téimh ann
Is íocaíocht í Forlíonadh Téimh chun cabhrú leat leis na costais bhreise a bhaineann le do theach a théamh i gcás ina bhfuil riachtanais téimh bhreise agat mar gheall ar dhrochshláinte nó míchumas.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an bhforlíonadh thar ceann céile nó páirtí nó linbh chleithiúnaigh freisin.
Conas cáiliú ina leith
Caithfidh costais bhreise téimh a bheith agat mar gheall ar do dhrochshláinte nó míchumas féin nó drochshláinte nó míchumas do chleithiúnaithe le bheith incháilithe le haghaidh Forlíonadh Téimh.
Beidh ar do liachleachtóir (Dochtúir Ginearálta/Comhairleoir) an fhoirm a chomhlánú
De ghnáth, ní bheidh tú incháilithe má bhaineann na nithe seo a leanas leatsa (an t-iarratasóir):
- tá rochtain agat ar acmhainní eile chun an costas a chlúdach
- tá tú i mbun obair lánaimseartha (30 uair an chloig nó níos mó in aghaidh na seachtaine)
- tá tú i mbun oideachas lánaimseartha
- tá tú páirteach i ndíospóid trádála nó ar stailc
Rátaí íocaíochta
Níl aon ‘ráta íocaíochta’ seasta ann don Fhorlíonadh Téimh.
Braithfidh an íocaíocht a gheobhaidh tú ar ioncam seachtainiúil do theaghlaigh, do choigiltis agus d’infheistíochtaí, do chostais teaghlaigh, costais an téimh bhreise a theastaíonn uait, agus do chumas na costais sin a íoc.
Déan iarratas
Chun iarratas a dhéanamh, bailigh foirm iarratais in aon Ionad Intreo nó Oifig Brainse agus líon isteach ansin í. Níl aon ghá le coinne a chur in áirithe.
An méid is gá duit a sholáthar chun gur féidir linn cabhrú leat le d’éileamhnasc
Chun cabhrú le d’éileamh a phróiseáil, ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas agat:
- Uimhreacha Pearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSPanna) duit féin, do do chéile, do pháirtí sibhialta nó do do chomhchónaitheoir agus do do leanaí
- cruthúnas aitheantais, mar shampla: Cárta Seirbhísí Poiblí (má tá ceann agat), pas, ceadúnas tiomána, cead oibre, cead cónaithe Éireannach
- cáipéisí le d’ioncam, costais agus cás airgeadais a thaispeáint, amhail duillíní pá agus ráitis bhainc
- cáipéisíocht tacaíochta, lena n-áirítear billí téimh a fuarthas le déanaí más ábhartha, i ndáil le costais téimh a thabhaíodh
Treoirlínte Oibríochtúla
Déanann treoirlínte oibríochtúla cur síos ar na próisis agus ar na nósanna imeachta a leanann baill foirne na roinne iad agus iad i mbun a gcuid oibre.