Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) a Fháil
- Foilsithe: 10 Deireadh Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 27 Meitheamh 2025
- Fógra tábhachtach do dhaoine atá ag teacht ón Úcráin
- Cad is Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) ann
- Rialacha
- Conas Iarratas a Dhéanamh
- Iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP má tá tú i do chónaí lasmuigh d'Éirinn
- Iarratas a chur isteach d’Uimhir PSP thar ceann linbh
- Foirmeacha
- Téigh i dteagmháil
Fógra tábhachtach do dhaoine atá ag teacht ón Úcráin
Má tháinig tú go hÉirinn ón Úcráin le déanaí faoin Treoir um Chosaint Shealadach de chuid an Aontais Eorpaigh, níor cheart duit iarratas ar Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) a dhéanamh ar líne. Ina áit sin, ba cheart duit glaoch ar cheann d’Ionaid Leithdháilte Uimhir PPS ár roinne. Tá socruithe faoi leith déanta ag an roinn chun déileáil le d'iarratas ar Uimhir PSP agus chun cuidiú leat le haon riachtanas maidir le tacaíocht ioncaim.
Cad is Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) ann
Cabhraíonn Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) leat teacht ar shochair leasa shóisialaigh, ar sheirbhísí poiblí agus ar eolas in Éirinn.
Tá 7 n-uimhir i ngach aon Uimhir PSP mar aon le litir amháin nó dhá litir i ndiaidh na n-uimhreacha sin.
Is féidir leat teacht ar liosta de na gníomhaireachtaí Sainithe a úsáideann Uimhreacha PSP anseo.
Rialacha
Rialacha
Chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PPS, ní mór duit na nithe seo a leanas a sholáthar:
- fianaise ar d'aitheantas
- fianaise ar do sheoladh
- An fáth a dteastaíonn UPSP uait
Fianaise ar d'aitheantas:
Más saoránach Éireannach tú a rugadh in Éirinn:
- do phas Éireannach reatha
NÓ
- do cheadúnas tiomána Éireannach nó RA reatha nó do cheadúnas tiomána foghlaimeora Éireannach (má tá ceann agat)
Déanfaimid seiceáil ar na taifid bhreithe atá i seilbh na Príomh-Oifige Clárúcháin (GRO), le haghaidh gach duine a bheirtear in Éirinn, mar chuid d’fhíorú ar shonraí céannachta duine.
Ba chóir a thabhairt faoi deara gur féidir leis na hoifigigh SAFE dul i dteagmháil le GRO chun sonraí daoine uchtaithe a fhíorú, toisc nach bhfuil rochtain ag oifigigh SAFE ar thaifid uchtaithe.
I gcás nach féidir teacht ar thaifead agus nach bhfuil an t-oifigeach SAFE in ann an fhaisnéis bhreithe a thug tú a fhíorú, iarrfar ort do theastas breithe** a sholáthar chun do shonraí breithe a fhíorú.
** Teastas Breithe Éireannach – a eisíodh de bhun Acht um Chlárú Sibhialta 2004
NÓ
Teastas Breithe Éireannach – Cóip Dheimhnithe de thaifead sa Chlár d’Uchtleanaí a eisíodh de bhun Acht Uchtála 2010.
Más Saoránach Éireannach a rugadh i dTuaisceart na hÉireann nó Saoránach de chuid na RA thú:
- do phas reatha
NÓ
- do theastas breithe AGUS do cheadúnas tiomána iomlán reatha nó do cheadúnas Foghlaimeora Éireannach
Más saoránach Éireannach thú trí Eadóirseacht:
- do phas Éireannach reatha
NÓ
- Deimhniú Eadóirseachta (agus do ghrianghraf air)
Más saoránach Éireannach thú trí Chlárú Breithe Coigríche:
- do phas Éireannach reatha
NÓ
- do Theastas Cláraithe Breithe Coigríche
AGUS
- do cheadúnas tiomána Éireannach nó Ríocht Aontaithe nó ceadúnas tiomána foghlaimeora Éireannach (má tá ceann agat)
Más saoránach den AE/LEE thú (seachas ó Éirinn agus ón Ríocht Aontaithe):
- do phas reatha
NÓ
- cárta aitheantais náisiúnta
Más saoránach neamh-AE/LEE thú:
- do phas reatha
NÓ
- Doiciméad taistil 1951
Doiciméid eile atá cabhrach
Má tá aon cheann de na hearraí atá liostaithe thíos agat, ba cheart duit iad a thabhairt leat chuig do choinne, toisc go bhféadfaidís d’aitheantas a dheimhniú freisin:
- cárta leighis
- Cárta Eorpach um Árachas Sláinte
- cárta dochair/creidmheasa agus ráiteas airgeadais ó institiúid chreidmheasa
- cárta mic léinn
- faisnéis fhostaíochta ó na Coimisinéirí Ioncaim
- Phas Saorthaistil
Mura bhfuil aon cheann de na doiciméid thuas agat, ba chóir duit doiciméid tacaíochta nó aon saghas aitheantas fótagrafach a thabhairt leat.
Fianaise ar do sheoladh:
Chun Uimhir PSP a fháil, ní mór duit fianaise ar do sheoladh a sholáthar.
Ní mór go mbeadh d'ainm agus do sheoladh ar an doiciméad agus ní ghlacfar le doiciméad a bhfuil dáta níos mó ná 3 mhí ó shin air.
Is féidir leat aon cheann de na doiciméid seo a leanas a úsáid chun é seo a dhéanamh:
- bille fóntais teaghlaigh
- litir nó doiciméad oifigiúil
- ráiteas bainc
- léas réadmhaoine nó comhaontú tionóntachta
- litir oifigiúil ó roinn nó gníomhaireacht Rialtais
- deimhniú oifigiúil seolta ag tríú páirtí
Má tá tú ag fanacht le cairde nó gaolta, tá bille teaghlaigh bunaidh mar aon le nóta ó shealbhóir an bhille lena ndeimhnítear go bhfuil cónaí ort ag seoladh an bhille inghlactha. D’fhéadfaí an nóta seo a scríobh ar an mbille féin
An chúis a dteastaíonn Uimhir PSP uait:
Samplaí de na cúiseanna a bhféadfadh Uimhir PPS a bheith uait:
- chun dul i mbun fostaíochta
- iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána nó é a mhalartú
- iarratas a dhéanamh ar íocaíocht leasa shóisialaigh
- chun breith do linbh a chlárú
- oiliúint “SAFEPASS” a chur i gcrích chun oibriú sa tionscal tógála
- rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí eile
- clárú le haghaidh cúrsa i scoil nó coláiste
- iarratas a dhéanamh ar Phas Éireannach (má tá cónaí ort sa Stát)
- má tá sé ar intinn agat pósadh agus cónaí sa Stát tar éis phósta
- más mian leat seirbhís arna soláthar ag Comhlacht Poiblí (Sonraithe).
Conas Iarratas a Dhéanamh
Má tá tú 18 mbliana d'aois nó níos sine is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP duit féin agus do leanbh ar líne ag MyWelfare.
Beidh cuntas MyGovID bunúsach nó fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil ceann agat, is féidir leat ceann a shocrú go héasca anseo.
Iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP má tá tú i do chónaí lasmuigh d'Éirinn
Má tá tú i do chónaí lasmuigh d'Éirinn agus má theastaíonn Uimhir PPS uait chun idirghníomhú le gníomhaireacht stáit in Éirinn amhail Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim nó ranna rialtais eile, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne ag www.mywelfare.ie, tríd an bpost nó trí ríomhphost. Chun iarratas a dhéanamh ar líne, beidh cuntas bunúsach nó fíoraithe MyGovID ag teastáil uait. Mura bhfuil ceann agat, is féidir leat ceann a shocrú go héasca anseo.
Beidh ort an méid seo a leanas a chur ar fáil freisin:
- fianaise ar do sheoladh
- fianaise ar d'aitheantas
- fianaise ar an gcúis a dteastaíonn Uimhir PSP uait
- foirm thoilithe sínithe agatsa má tá an Uimhir PSP le heisiúint chuig ionadaí tríú páirtí, amhail aturnae nó cuntasóir, mar shampla
- ceistneoir comhlánaithe
Is féidir iarratais tríú páirtí (mar shampla arna ndéanamh ag aturnae, cuntasóir, nó fostóir thar ceann an duine a dteastaíonn Uimhir PSP uaidh/uaithi) a sheoladh trí ríomhphost nó tríd an bpost. Ba cheart foirmeacha comhlánaithe a sheoladh trí ríomhphost chuig CIS@welfare.ie nó sa phost chuig;
An Roinn Coimirce Sóisialaí, Liatroim
Seoladh: An Roinn Coimirce Sóisialaí, Lóiste na Sionainne, Cora Droma Rúisc, Liatroim, N41 KD81
Iarratas a chur isteach d’Uimhir PSP thar ceann linbh
Tugtar Uimhir PSP do leanaí a bheirtear i bPoblacht na hÉireann nuair a chláraítear a mbreith leis an bPríomh-Oifig Chlárúcháin (GRO). Ciallaíonn sé seo nach bhfuil gá iarratas ar Uimhir PSP a chur isteach maidir le leanbh a rugadh sa stát. Nuair nach gcláraítear breith laistigh de 180 lá ón mbreith, ní mór do thuismitheoir nó do chaomhnóir iarratas a dhéanamh ar Uimhir PPS.
Caithfidh tuismitheoir nó caomhnóir iarratas a dhéanamh ar uimhir PSP do leanbh a bhfuil cónaí orthu i bPoblacht na hÉireann ach nár rugadh anseo iad. Caithfidh Uimhir PSP a bheith ag duine de thuismitheoirí nó de chaomhnóirí an linbh iad féin sula ndéanann siad iarratas ar son an linbh.
Agus Uimhir PPS á hiarraidh agat do leanbh, beidh ort na nithe seo a leanas a sholáthar:
fianaise ar do ghaol leis an leanbh, mar shampla teastas breithe/uchtaithe nó doiciméid chúirte ina n-ainmnítear an tuismitheoir/caomhnóir agus an leanbh
- fianaise ar do ghaol leis an leanbh, mar shampla teastas breithe/uchtaithe nó doiciméid chúirte ina n-ainmnítear an tuismitheoir/caomhnóir agus an leanbh
- fianaise ar d'aitheantas féin, mar shampla pas nó ceadúnas tiomána
Foirmeacha
Department of Social Protection Leitrim
- Seoladh:
- Department of Social Protection, Shannon Lodge, Carrick on Shannon, Leitrim, N41 KD81
Téigh i dteagmháil
Má tá ceist ar bith agat maidir le d'iarratas ar Uimhir PSP, déan teagmháil le d'ionad leithdháilte Uimhreacha PSP áitiúil, le do thoil.