Comhairliúchán ar an Dréacht-Straitéis Náisiúnta Bithmheatáin
- Foilsithe: 30 Eanáir 2024
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 30 Eanáir 2024
- Dúnadh na haighneachtaí: 5 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Consultation is closed
Forbhreathnú ar an gComhairliúchán
Cé go bhfuil an tionscal bithmheatáin in Éirinn ag luathchéim dá fhorbairt faoi láthair, tá acmhainneacht shuntasach aige go fóill. Tá acmhainneacht ag bithmheatán ionad gáis iontaise a ghlacadh ina lán earnálacha a bhfuil sé deacair iad a dhícharbónú agus imreoidh sé ról suntasach i gcur ar ár gcumas aistriú chuig geilleagar glan-nialasach, agus ról suntasach á imirt aige an tráth céanna in earnáil talmhaíochta na hÉireann a dhícharbónú.
Aithnítear sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 an deis chun tionscal mór dúchasach bithmheatáin a fhorbairt, ar plean é ina ngealltar tacú le suas le 5.7 TWh de bhithmheatán a tháirgtear go dúchasach a sholáthar faoin mbliain 2030.
Ceann amháin de na príomhchéimeanna tosaigh i dtreo an sprioc uaillmhianach sin a chomhlíonadh is ea Straitéis Náisiúnta Bithmheatáin a fhorbairt, rud ar fhorbair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara é i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Bunaíodh grúpa oibre tiomnaithe um Dhíleá Anaeróbach/Bithmheatán faoi choimirce an Tascfhórsa um Theas agus an Timpeallacht Thógtha chun formhaoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt na Straitéise Náisiúnta Bithmheatáin agus ar na cineálacha tacaíochtaí agus beart beartais is gá chun an tionscal a mhúscailt.
Tar éis caidreamh a dhéanamh le príomh-gheallsealbhóirí agus le saineolaithe tionscail, forbraíodh Dréacht-Straitéis Náisiúnta Bithmheatáin. Tá tuairimí á lorg againn anois ó pháirtithe leasmhara maidir leis na príomhghníomhartha atá le déanamh, agus maidir leis an treochlár atá beartaithe, chun tionscal mór bithmheatáin a fhorbairt in Éirinn.
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le geallsealbhóirí ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Ní dhearnadh aon chinntí deiridh go fóill maidir leis an Dréacht-Straitéis ná maidir leis an dóigh a gcuirfear chun feidhme í. Úsáidfear an t-aiseolas a gheofar mar chuid den phróiseas comhairliúcháin seo chun bonn eolais a chur go díreach faoin leagan deiridh den Straitéis.
Tá an leagan Gaeilge den Dréacht-Straitéis ar fáil, ach é a iarraidh.
Aiseolas a Chur Isteach
D’fhorbraíomar suirbhé ar líne chun aiseolas a ghabháil, agus chuirfimis fáilte ar leith roimh thuairimí ó sholáthraithe teasa nó ó aon duine a bhfuil spéis aige/aici i dtionscal breosla in-athnuaite na hÉireann.
Is é an dáta deiridh ar a nglacfar le haighneachtaí ná 5.30pm an 5 Márta 2024.
Dá mba mhaith leat an suirbhé comhairliúcháin a chomhlánú i bhformáid chruachóipe, nó trí Ghaeilge, déan teagmháil linn trí ríomhphost a sheoladh chuig
NationalBiomethaneStrategyConsultation@decc.gov.ie nó le casadh an phoist ag:
An Rannán Beartais Teasa
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
29 – 31 Bóthar Adelaide,
Baile Átha Cliath,
D02 X285
Cosaint Sonraí
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le gach geallsealbhóir ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneoimid na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseoimid an leagan deiridh den Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe.
Beidh do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir na nithe seo a leanas:
- an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
- na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007 go 2018
- an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018
Freagraí a fhoilsiú
Tá sé de rún againn a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin. Cuirfimid sonraí pearsanta i bhfolach (bainfimid iad) roimh fhoilsiú.
Leag béim ar aon fhaisnéis atá íogair
Agus freagra á thabhairt agat ar an gcomhairliúchán seo, leag béim go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear i do fhreagra aon fhaisnéis nár mhaith leat go n-eiseofaí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile. Is féidir na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis sin:
- faisnéis phearsanta
- faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
- faisnéis rúnda
Léigh ár bhFógra Príobháideachta Sonraí
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachta Sonraí, rud ina mínítear na nithe seo a leanas:
- conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta
- cén fáth a mbailímid iad
- conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin
- na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta
- conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú