English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán ar an togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Rialachán maidir le Millíní Plaisteacha

Consultation is closed


Forbhreathnú ar an gComhairliúchán

Is é aidhm an chomhairliúcháin seo tuairimí a lorg ó pháirtithe leasmhara ar an togra ón Aontas Eorpach le haghaidh Rialachán maidir le caillteanas millíní plaisteacha a chosc chun truailliú micreaphlaisteach a laghdú a thabhairt isteach.


Cúlra

D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach togra i mí Dheireadh Fómhair 2023 le haghaidh Rialachán maidir le caillteanas millíní plaisteacha a chosc chun truailliú micreaphlaisteach a laghdú.

Leis an togra, thabharfaí ceanglais isteach le haghaidh deimhniúcháin, coimeád taifead agus pleananna measúnaithe riosca ar oibreoirí ábhartha san Aontas Eorpach agus ar na hiompróirí eile a iompraíonn millíní plaisteacha san Aontas. Tá ceanglais níos éadroime ann ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, chun a áirithiú go ndéanfar an maolú iomchuí ar thionchair ionchasacha ar a n-oibríochtaí.

Cabhróidh na haighneachtaí a gheofar le heolas a dhéanamh do sheasamh na hÉireann san idirbheartaíocht leanúnach ar an ní seo leis an Meitheal Oibre Eorpach ábhartha maidir leis an gComhshaol.

Conas aighneacht a dhéanamh

Tá an Páipéar Comhairliúcháin, mar aon le cóip den Togra é féin agus de na hIarscríbhinní a ghabhann leis, ar fáil lena n-íoslódáil thíos. Tá an Togra agus na hIarscríbhinní ar fáil i mBéarla amháin.

Comhairliúchán ar an togra ón Aontas Eorpach le haghaidh Rialachán maidir le caillteanas millíní plaisteacha a chosc chun truailliú micreaphlaisteach a laghdú
Amharc amharc
Proposal for Regulation on Plastic Pellet Losses
Amharc amharc
Proposal for Regulation on Plastic Pellet Losses - Annexes
Amharc amharc

Is féidir aighneachtaí a sheoladh le ríomhphost chuig circeconmaterials@decc.gov.ie nó le casadh an phoist chuig:

An Comhairliúchán ar an Rialachán maidir le Millíní Plaisteacha,

An Rannán um an nGeilleagar Ciorclach,

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide,

Bóthar an Bhaile Nua,

Loch Garman.

Y35 AP90

Is é 5.30pm Dé Céadaoin an 24 Iúil 2024 an uair dheiridh a ghlacfar le haighneachtaí comhlánaithe.


Cosaint Sonraí

Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le gach geallsealbhóir ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Cé go bhfuilimid ag lorg na dtuairimí ón tionscal go sonrach, féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo.

Beidh do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir na nithe seo a leanas:

  • an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
  • na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007 go 2018
  • an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018

Freagraí a fhoilsiú

Tá sé de rún againn a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar ár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin. Cuirfimid sonraí pearsanta in eagar (bainfimid iad) roimh fhoilsiú.

Leag béim ar aon fhaisnéis atá íogair

Agus freagra á thabhairt agat ar an gcomhairliúchán seo, leag béim go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear i do fhreagra aon fhaisnéis nár mhaith leat go n-eiseofaí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile. Is féidir na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis sin:

  • faisnéis phearsanta
  • faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
  • faisnéis rúnda

Léigh ár bhFógra Príobháideachta Sonraí

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachta Sonraí, rud ina mínítear na nithe seo a leanas:

  • conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta
  • cén fáth a mbailímid iad
  • conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin
  • na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta
  • conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú