English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán maidir leis an Straitéis um Nascacht Dhigiteach

Consultation is closed

An 1 Feabhra sheol an Rialtas straitéis dhigiteach náisiúnta nua, Harnessing Digital – The Digital Ireland Framework, chun an t-aistriú digiteach a stiúradh agus a chumasú ar fud gheilleagar agus sochaí na hÉireann. Le Harnessing Digital – The Digital Ireland Framework féachtar le hÉire a shuíomh mar cheannaire digiteach, ag stiúradh agus ag cumasú an aistrithe dhigitigh ar fud an gheilleagair agus ar fud na sochaí. Leagtar amach é thar ceithre chroíghné, atá ag teacht leis na ceithre phríomhphointí de Chompás Digiteach an AE: Aistriú Digiteach Gnólachtaí; Bonneagar Digiteach; Scileanna; agus Seirbhísí Poiblí a Dhigitiú, agus tacaíonn creat rialála nua-aimseartha agus soiléir le hacmhainní maithe leis seo.

Is éard atá sa Straitéis um Nascacht Dhigiteach fo-Straitéis atá dírithe go príomha ar sheachadadh ghné an Bhonneagair Dhigitigh a chumasú. Leis an Straitéis um Nascacht Dhigiteach leagtar amach uaillmhian an Stáit agus na cumasóirí straitéiseacha agus tionscnaimh atá de dhíth chun a chinntiú go mbainfear amach leibhéal na huaillmhéine.

Tá dréacht-Straitéis um Nascacht Dhigiteach cruthaithe ag an Roinn agus fáiltítear roimh thráchtaireachtaí agus tuairimí ó pháirtithe leasmhara maidir leis an Straitéis. Fáiltíonn an Roinn roimh aon eolas tacaíochta nó tagartha ar thuairimí a roinntear.

Comhairliúchán maidir leis an Straitéis um Nascacht Dhigiteach
Amharc amharc
An Straitéis um Nascacht Dhigiteach d’Éirinn 2022
Amharc amharc

Is é an dáta deiridh d’aighneachtaí 5.30pm 31 Márta 2022

Ba chóir freagairtí uile ar an gcomhairliúchán seo a mharcáil go soiléir: "Comhairliúchán maidir le Straitéis an Stáit um Nascacht Dhigiteach – Ainm an Fhreagróra" agus a sheoladh chuig R-phost: digitalconnectivity@decc.gov.ie agus/nó:

Brian McMahon

Comhairliúchán maidir leis an Straitéis um Nascacht Dhigiteach

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

29-31 Bóthar Adelaide

Baile Átha Cliath 2

Éire

D02 X285


Cosaint Sonraí

Táimid meáite ar dhul i dteagmháil le páirtithe leasmhara ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Is féidir le duine nó eagraíocht ar bith aighneacht a dhéanamh maidir leis an gcomhairliúchán seo. Déanfar gach aighneacht agus aiseolas a mheas sula dtabharfar an Straitéis chun críche.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (FOI), na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol 2007-2018 (AIE) agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018.

Tabhair do d’aire freisin go bhfuil sé beartaithe againn ábhar na n-aighneachtaí go léir a gheofar i dtaca lenár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin. Déanaimid sonraí pearsanta a cheilt roimh fhoilsiú. Agus freagra á thabhairt ar an gcomhairliúchán seo, ba cheart do pháirtithe a léiriú go soiléir má tá faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de nó faisnéis rúnda ina gcuid freagraí nár mhaith leo a chur ar fáil faoi Shaoráil Faisnéise, AIE nó a fhoilsiú ar bhealach eile.

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháide Sonraí a mhíníonn cén uair agus cén chaoi a mbailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid amhlaidh agus cén chaoi a gcaithimid leis an bhfaisnéis sin. Míníonn sé freisin do chearta maidir le faisnéise pearsanta a bhailiú agus cén chaoi ar féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.

toradh an chomhairliúcháin


Aighneachtaí Comhairliúcháin

Aighneachtaí ó Earnáil na Tionsclaíochta

ALTO Enet Equinix
Ericsson Ireland Imagine National Broadband Ireland (NBI)
PiPiper SIRO Sky Ireland
Telecommunications Industry Ireland (TII) Virgin Media Ireland Vodafone Ireland

Aighneachtaí ó Ghrúpaí/Eagraíochtaí

American Chamber of Commerce Ireland (AmCham) CONNECT Dublin City Council (DCC)
Electromagnetic Sense Ireland (ES-Ireland) Engineers Ireland Green Rebel
IDA Ireland Not Here Not Anywhere Right to Change (R2C)
Western Development Commission (WDC)

Aighneachtaí ó Dhaoine Aonair

1 2 3 4 5 6 7
8 9 10 11 12 13 14
15 16 17 18 19 20 21
22 23