English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán poiblí ar Buiséad Carbóin

Consultation is closed

Is cuid de phlean gníomaíochta iad buiséid charbóin, a leagtar amach san Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021. San Acht, a síníodh i mí Iúil na bliana seo, cuirtear tacaíocht ar fáil chun Éire a aistriú ina geilleagar aeráidneodrach faoi 2050 – cuspóir atá ceangailteach ó thaobh dlí (an "Cuspóir Náisiúnta Aeráide") – agus chun leibhéil astaíochtaí a laghdú de 51% faoi 2030 i gcomparáid leis na leibhéil in 2018. Rialaíonn na buiséid charbóin na leibhéil gás ceaptha teasa a d'fhéadfadh a bheith á n-astú in Éirinn in aon tréimhse cúig bliana agus beidh de chuspóir acu éacht an chuspóra náisiúnta aeráide a chur chun cinn.

Faoin Acht, cuirtear de chúram ar an gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide (CCAA) na buiséid charbóin atá molta a ullmhú, bunaithe ar an bhfianaise agus anailís eolaíoch is déanaí, agus moladh de chuid na Comhairle a chur os comhair an Aire ina dhiaidh sin. Chuir an CCAA an chéad chlár molta de thrí bhuiséad carbóin i ndiaidh a chéile chuig an Aire ar an 25 Deireadh Fómhair 2021.

Déanfaidh an tAire na buiséid mholta a mheas, rachhaidh sé i gcomhairle le hAirí iomchuí eile agus leis an bpobal, déanfaidh sé athruithe ar an mbuiséad carbóin molta, más cuí, agus cuirfidh sé na buiséid faoi bhráid an Rialtais. Agus dearbhú faighte ón Aire, déanfaidh an tAire rún a mholadh in dhá Theach an Oireachtais d'fhonn faomhadh a fháil ar an mbuiséad carbóin. Beidh éifeacht leis an mbuiséad carbóin amhail ar an dáta a ritheadh rún, rún ina ndéantar na buiséid charbóin a cheadú, sa dá Theach, agus ón dáta sin i leith.

Sula ndéanann sé moladh don Rialtas, tá an tAire ag dul i gcomhairle faoi láthair i dtaobh moladh de chuid an CCAA le haghaidh trí bhuiséad carbóin uile-gheilleagair don tréimhse 2021-2035. Tá fáilte roimh pháirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a roinnt maidir leis an litir de chuid an CCAA maidir leis an mbuiséad carbóin a cuireadh chuig an Aire Ryan agus leis an an tuairisc theicniúil a théann leis ar fhoilsigh an CCAA iad araon ar an 25 Deireadh Fómhair 2021. Is féidir teacht ar an doiciméad comhairliúcháin seo thíos.

Comhairliúchán ar Buiséad Carbóin
Comhairliúchán ar Buiséad Carbóin
Amharc amharc

Ba chóir go mbeadh freagraí iomlána ar an gcomhairliúchán seo faighte ag an Roinn faoi 5.30i.n. ar an 10 Feabhra 2022

Ba chóir aighneachtaí a chur ar ríomhphost chuig carbonbudgetconsultation@decc.gov.ie nó iad a sheoladh sa phost chuig:

An Rannán Aeráide – Buiséid Charbóin

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

29-31 Bóthar Adelaide,

Baile Átha Cliath,

D02 X285


Cosaint Sonraí

Táimid tiomanta teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara ar bhealach a bheidh soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh maidir leis an gcomhairliúchán seo. Déanfar gach aighneacht agus aiseolas faighte laistigh den chreat ama a mheas

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014, Rialacháin faoi Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol 2007-2014 (AIE) agus an tAcht um Chosaint Sonraí 2018.

Tabhair faoi deara freisin go bhfuil sé i gceist ag an Roinn ábhar gach aighneacht a sheoltar chuig an gcomhairliúchán seo a fhoilsiú ar a suíomh Gréasáin. Déanfaidh an Roinn sonraí pearsanta a fholú sula bhfoilseofar iad. Ba cheart do pháirtithe a chur in iúl go soiléir agus iad ag freagairt an chomhairliúcháin seo, cad iad na háiteanna ina bhfuil faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála nó faisnéis rúnda nár mhaith leo go scaoilfí amach iad faoi Shaoráil Faisnéise, AIE nó a fhoilsiú ar bhealach eile.

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachais Sonraí atá ar fáil ar ár suíomh Gréasáin agus a mhíníonn conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid amhlaidh agus an chaoi a gcaithimid leis an bhfaisnéis sin. Míníonn sé freisin do chearta maidir le bailiú faisnéise pearsanta agus conas ar féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.