English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Fuinneamh In-athnuaite amach ón gCósta: Measúnú um Thoiliú Limistéir Mhuirí do Thionscadail Ábhartha

Consultation is closed

Déanann an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2021 athgheallúint na hÉireann i ndáil le 5GW d'acmhainn gaoithe amach ón gcósta a shuiteáil inár limistéar muirí faoi 2030, agus tugtar isteach cuspóir nua, is é sin go ndéanfar oiread agus 80% dár leictreachas a fhoinsiú ó fhuinneamh in-athnuaite faoin mbliain chéanna. Chomh maith lenár sciar fuinnimh in-athnuaite a mhéadú, tacóidh na spriocanna seo lenár ngealltanais maidir le hastuithe carbóin a laghdú, comhlíonfaidh siad na méaduithe a bhfuiltear ag súil leo san éileamh ar leictreachas baile agus méadófar sláine an tsoláthair leictreachais.

Is ionann an tAcht um Pleanáil Limistéir Mhuirí agus príomhfhreagairt an Stáit don athchóiriú ar rialachas muirí a bhfuil géarghá leis. Cuireann an tAcht bonn dlíthiúil faoi chóras pleanála muirí atá úrnua, a bhainfidh cothromaíocht amach idir leas a bhaint as ár n-acmhainneacht ollmhór gaoithe amach ón gcósta agus ár dtimpeallacht shaibhir uathúil mhuirí a chosaint.

Ceann de phríomhghnéithe an Achta is ea toiliú nua Stáit a chruthú, Toiliú Limistéir Mhuirí (MAC), mar chéad chéim sa phróiseas pleanála nua.

Faoi na forálacha speisialta um aistriú san Acht MAP, beidh an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide freagrach as MACanna a mheasúnú agus a dheonú don chéad chéim seo de thionscadail amach ón gcósta, a shásaíonn an sainmhíniú ar “relevant maritime usage” faoin Acht (na Tionscadail Ábhartha). Osclófar iarratais ar MAC ó na tionscadail sin i mbliana agus is céim thábhachtach í chun ár spriocanna 2030 a bhaint amach.

Is é aidhm an chomhairliúcháin seo:

  • An cur chuige molta do mheasúnú MAC ar Thionscadail Ábhartha a leagan amach
  • Eolas tábhachtach a sholáthar ar ghnéithe éagsúla den chóras nua MAC do Thionscadail Ábhartha
  • Aiseolas a iarraidh ar pháirtithe leasmhara faoin gcur chuige atá beartaithe maidir le measúnú a dhéanamh ar iarratais MAC

Tá trí cháipéis sa chomhairliúchán seo, agus iarrtar ar fhreagróirí na trí cinn acu a léamh:

Measúnacht um Thoiliú Limistéir Mhuirí do Thionscadail Ábhartha Cáipéis Chomhairliúcháin
Amharc amharc
Annex 1 - MAC Technical Capability Guidance
Amharc amharc
Annex 2 - MAC Financial Capability Guidance
Amharc amharc

Is é an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí 5.30pm 16 Feabhra 2022

Is féidir aighneachtaí leis an ábhar ‘Comhairliúchán Measúnúcháin MAC’ a dhéanamh chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: oreconsenting@decc.gov.ie nó tríd an bpost chuig:

Comhairliúchán um Measúnú MAC

Fuinneamh Amach ón gCósta – An Rannóg Comhshaoil agus Toiliúcháin

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

29-31 Bóthar Adelaide, Baile Átha Cliath

D02 X285


Cosaint Sonraí

Táimid meáite ar dhul i dteagmháil le páirtithe leasmhara ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Is féidir le duine nó eagraíocht ar bith aighneacht a dhéanamh maidir leis an gcomhairliúchán seo. Déanfar gach aighneacht agus aiseolas a mheas sula dtabharfar na Measúnú um Thoiliú Limistéir Mhuirí (MAC) chun críche.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (FOI), na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol 2007-2018 (AIE) agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018.

Tabhair do d’aire freisin go bhfuil sé beartaithe againn ábhar na n-aighneachtaí go léir a gheofar i dtaca lenár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin. Déanaimid sonraí pearsanta a cheilt roimh fhoilsiú. Agus freagra á thabhairt ar an gcomhairliúchán seo, ba cheart do pháirtithe a léiriú go soiléir má tá faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de nó faisnéis rúnda ina gcuid freagraí nár mhaith leo a chur ar fáil faoi Shaoráil Faisnéise, AIE nó a fhoilsiú ar bhealach eile.

Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháide Sonraí a mhíníonn cén uair agus cén chaoi a mbailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid amhlaidh agus cén chaoi a gcaithimid leis an bhfaisnéis sin. Míníonn sé freisin do chearta maidir le faisnéise pearsanta a bhailiú agus cén chaoi ar féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.