An Creat Todhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta
- Foilsithe: 1 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 27 Bealtaine 2025
- Athbhreithniú 2025 ar an gCreat Todhchaíoch
- Measúnú ar an Acmhainn Theicniúil Fuinnimh Gaoithe Amach ón gCósta
- Ráiteas Beartais maidir leis an gCreat Todhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta
- An Creat Todhchaíoch - Anailís Eacnamaíoch
- Tuarascáil Scagtha Measúnachta Straitéisí Timpeallachta/Measúnachta Cuí maidir leis an dréacht-Ráiteas Beartais maidir leis an gCreat Todhchaíoch
Tá acmhainneacht ag Éirinn a bheith ina ceannaire domhanda i réimse an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta. A bhuí leis an raidhse acmhainní nádúrtha suntasacha atá againn, is féidir linn, agus an uaillmhian cheart, an díriú ceart agus an cur chuige comhoibríoch ceart againn, ár soláthar fuinnimh ghlain, in-athnuaite agus inacmhainne féin a bheith againn. Beimid in ann an tráth céanna fás glas dúchasach a fhorbairt agus leas iomlán a bhaint as na deiseanna margaidh onnmhairiúcháin a thiocfaidh chun cinn. Cuirfidh sé sin ar chumas na hEorpa freisin an sprioc atá againn aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas Eorpach faoin mbliain 2050 a chomhlíonadh, ar aon dul le Comhaontú Pháras.
Is é an t-aon bhealach amháin inar féidir an acmhainneacht sin a bhaint amach ná uaillmhian náisiúnta agus cur chuige straitéiseach fadtéarmach a bheith againn. Tugtar aghaidh ar an dá ní sin sa Ráiteas Beartais maidir leis an gCreat Todhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta. Leagtar amach ann na huaillmhianta fadtéarmacha atá againn 20 GW a bhaint amach faoin mbliain 2040 agus 37 GW a bhaint amach faoin mbliain 2050, mar aon leis na cuspóirí atá againn. Leagtar amach ann freisin an dóigh a gcomhlíonfar na huaillmhianta agus na cuspóirí sin.
Áirítear leis an gCreat Todhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta 29 bpríomhghníomh chun cur chuige fadtéarmach pleantreoraithe na hÉireann i leith fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt. Tá sé bunaithe ar anailís ar dheiseanna eacnamaíocha chun infheistíocht a spreagadh agus chun uasmhéadú a dhéanamh ar thoradh airgeadais agus eacnamaíoch an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta don Stát agus do phobail áitiúla. Iniúchtar ann freisin an fhéidearthacht a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite farasbairr a onnmhairiú trí idirnascadh méadaithe, agus déantar anailís ann ar na deiseanna a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite farasbairr a úsáid le haghaidh táirgí agus seirbhísí fuinnimh mhalartaigh is féidir a chur isteach i margaí idirnáisiúnta.
Áirítear na nithe seo le treoirphrionsabail an bheartais: an timpeallacht mhuirí agus an bhithéagsúlacht mhuirí a chosaint; inacmhainneacht an fhuinnimh a chinntiú do thomhaltóirí; toradh cothromasach a thabhairt do phobail; beartais agus bonneagar a ailíniú; muinín as infheistíocht a spreagadh; béim a leagan ar nuálaíocht teicneolaíochta; deiseanna le haghaidh toradh a thabhairt don stát a léiriú; agus tús áite a thabhairt do chaidreamh le geallsealbhóirí agus leis an bpobal.
Athbhreithniú 2025 ar an gCreat Todhchaíoch
Comhpháirt amháin den Ráiteas Beartais maidir leis an gCreat Todhchaíoch is ea próiseas ionsuite athbhreithniúcháin bhliantúil atá ceaptha chun comhsheasmhacht a chinntiú leis an earnáil éabhlóideach fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta in Éirinn agus chun a chur in iúl an athuair go bhfuil an Rialtas tiomanta dá spriocanna fuinnimh a bhaint amach. Gabhtar in Athbhreithniú 2025 ar an gCreat Todhchaíoch, a foilsíodh i mí na Bealtaine 2025, an dul chun cinn a rinne an earnáil fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta sa bhliain seo a chuaigh thart. Tugtar sa tuarascáil sin an t-eolas mionsonraithe is deireanaí ar dhul chun cinn ar gach ceann de na 29 ngníomh faoin gCreat Todhchaíoch, mar aon le plean gníomhaíochta nuashonraithe don bhliain atá le teacht.
Measúnú ar an Acmhainn Theicniúil Fuinnimh Gaoithe Amach ón gCósta
Léirítear in Athbhreithniú 2025 ar an gCreat Todhchaíoch an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo san earnáil foinsí fuinnimh in-athnuaite. Rud suntasach ina leith sin ba ea an staidéar a coimisiúnaíodh faoi Ghníomh 2 agus faoi Ghníomh 3 den Ráiteas Beartais maidir leis an gCreat Todhchaíoch chun meastóireacht a dhéanamh ar an acmhainneacht atá ag an acmhainn fuinnimh gaoithe amach ón gcósta in Éirinn, lena n-áirítear tionscadail taispeána teicneolaíochta snámhaí fuinnimh gaoithe amach ón gcósta. Sa tuarascáil sin maidir leis an Measúnú ar an Acmhainn Theicniúil Fuinnimh In-athnuaite Amach ón gCósta, bunaítear na limistéir ina bhfuil sé indéanta ón taobh teicniúil de fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt, agus tugtar moltaí maidir le conas tacú leis an tionscal fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta in Éirinn cabhrú le bonn eolais a chur faoi phleanáil.
Tá an Creat Todhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta ar cheann de na príomhghníomhartha a foilsíodh inniu faoin gClár um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta, atá ar an bplean uile-chórais ar fhorbair an Tascfhórsa um Ghaoth Amach ón gCósta a Sholáthar é.
Ráiteas Beartais maidir leis an gCreat Todhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta
Tá an Creat Todhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta ar cheann de na príomhghníomhartha a foilsíodh i mí na Bealtaine 2024 faoin gClár um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta, atá ar an bplean uile-chórais ar fhorbair an Tascfhórsa um Ghaoth Amach ón gCósta a Sholáthar é.
Is féidir na doiciméid chomhairliúcháin agus na freagraí uile a fuarthas a fháil ar an leathanach comhairliúcháin phoiblí.
An Creat Todhchaíoch - Anailís Eacnamaíoch
Tá an ráiteas beartais maidir leis an gCreat Todhchaíoch bunaithe ar anailís eacnamaíoch, lena n-áirítear tacar tuarascálacha a choimisiúnaigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus a sholáthair AFRY Managing Consultants agus BVG Associates le déanaí. Seoladh an anailís choimisiúnaithe mhargaidh eacnamaíoch chun measúnú a dhéanamh ar inmharthanacht na spriocanna fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta agus ar na deiseanna onnmhairiúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann. Chuir AFRY agus BVG Associates, ar sainchomhairleoirí seachtracha iad, cúig thuarascáil le chéile inar díríodh ar na sruthanna oibre seo a leanas:
- Sruth Oibre 1 – Anailís Mhargaidh: cásanna iomchuí margaidh cumhachta a chruthú ina bhfuil toilltí éagsúla fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta agus spriocanna éagsúla idirnaisc lena saothrú i sruthanna oibre ina dhiaidh sin
- Sruth Oibre 2 – Idirnasc: measúnú a dhéanamh ar an inmharthanacht theicniúil agus airgeadais a bhaineann le leictreachas a onnmhairiú trí idirnasc, go háirithe idirnasc leis an bhFrainc, leis an Ríocht Aontaithe, agus le tíortha eile i dtuaisceart na hEorpa
- Sruth Oibre 3 – Hidrigin in-athnuaite: anailís a dhéanamh ar a bhféadfadh a bheith i ndán do hidrigin in Éirinn, lena n-áirítear cost-iomaíochas a uasmhéadú
- Sruth Oibre 4 – Inmharthanacht onnmhairiúcháin: meastóireacht a dhéanamh ar an inmharthanacht onnmhairiúcháin agus na himpleachtaí i ndáil le hOllbhreisluach agus tairbhí fostaíochta, mar aon le tosca beartais, trádála agus infheistíochta
- Sruth Oibre 5 – Toradh sochaíoch: tráchtaireacht a sholáthar ar an toradh airgeadais agus eacnamaíoch don Stát agus do phobail áitiúla, lena n-áirítear sásraí molta rialála
Tuarascáil Scagtha Measúnachta Straitéisí Timpeallachta/Measúnachta Cuí maidir leis an dréacht-Ráiteas Beartais maidir leis an gCreat Todhchaíoch
Chun a bheith ag gabháil le foilsiú an Ráitis Beartais maidir leis an gCreat Todhchaíoch le haghaidh comhairliúchán poiblí, tá tuarascáil scagtha le haghaidh Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Measúnacht Chuí á seoladh ag Mace Consultancy Ltd. Beidh scagadh an ráitis beartais seo ar siúl ar fud thréimhse an phróisis comhairliúcháin phoiblí.