An Plean Gníomhaíochta um Thearcrochtain Fuinnimh
- Foilsithe: 16 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 20 Eanáir 2023
Cheadaigh an Rialtas Plean Gníomhaíochta nua um Thearcrochtain Fuinnimh an 13 Nollaig. Tá an Plean foilsithe anois agus tá sé ar fáil thíos.
Agus iad ag tógáil ar an Straitéis chun Tearcrochtain Fuinnimh a Chomhrac, a foilsíodh sa bhliain 2016, agus mar fhreagairt do phraghsanna méadaitheacha fuinnimh, tagann na gníomhartha sa Phlean seo faoi dhá chatagóir uileghabhálacha: gníomhartha garthéarmacha agus meántéarmacha lena ngabhann tacaíochtaí ioncaim, coimirce sóisialaí agus cosanta tomhaltóirí chun cabhrú le tomhaltóirí teacht slán as an ngeimhreadh seo; agus cistiú méadaithe le haghaidh uasghráduithe éifeachtúlachta fuinnimh sa bhliain 2023 agus ina diaidh chun dul i ngleic leis na bunchúiseanna le tearcrochtain fuinnimh. Tá an-chuid de na gníomhartha garthéarmacha sa phlean seo i bhfeidhm cheana féin agus déanfar dlúthfhaireachán ar a dtionchar ar fud Ráithe 1 den bhliain 2023.
Cuspóir tábhachtach atá leis an bPlean seo is ea na bearta uile atá á gcur chun feidhme ar fud an Rialtais thar gheimhreadh na bliana 2022/23 a chumhdach agus foinse faisnéise soiléire a sholáthar do thomhaltóirí agus do gheallsealbhóirí. Fógraítear dhá choimirce bhreise sa phlean freisin; bunóimid ciste €10 milliún chun coimirce bhreise a sholáthar do dhaoine atá ag streachailt lena mbillí fuinnimh a íoc (de bhreis ar thacaíochtaí ó sholáthraithe agus ar an Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise a n-oibríonn an Roinn Coimirce Sóisialaí í), agus cuirfimid reachtaíocht ar aghaidh chun an sainmhíniú ar cad is custaiméir leochaileach ann a leathnú chun leochaileacht ó thaobh an airgeadais de a fholú, rud lena leathnófar ar feadh tréimhse níos faide thar an ngeimhreadh an chosaint ar dhícheangal as mainneachtain cuntas a íoc.