English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Plean Náisiúnta le haghaidh Nochtaí Éigeandála Núicléiche agus Raideolaíche

Leis an bPlean Náisiúnta le haghaidh Nochtaí Éigeandála Núicléiche agus Raideolaíche, nuashonraítear an Plean Náisiúnta Éigeandála le haghaidh Timpistí Núicléacha agus glactar áit an Phlean sin.

Leagtar amach sa Phlean Náisiúnta sin na bearta le haghaidh freagairt náisiúnta do staid nochta éigeandála agus le haghaidh an aistrithe ina dhiaidh sin chuig staid bhainistithe nochta reatha. Is féidir go n-úsáidfear na bearta céanna mar fhreagairt do staid náisiúnta nochta éigeandála a thiocfaidh as timpiste nó teagmhas in áit eile thar lear.

Is é sprioc lárnach an Phlean Náisiúnta ná laghdú substaintiúil a dhéanamh ar a mhéid a nochtfar an pobal d’aon éilliú radaighníomhach a bhainfidh Éire amach mar thoradh ar thimpiste nó teagmhas thar lear. Déantar amhlaidh ann trí bhreac-chuntas a thabhairt ar na céimeanna a leanfar chun bearta cosanta a chur chun feidhme go mear sna huaireanta agus sna laethanta díreach tar éis an teagmhais. A bhuí leis na céimeanna sin, déanfar laghdú substaintiúil ar a mhéid a nochtfar an pobal d’aon éilliú radaighníomhach a bhainfidh Éire amach. Dá réir sin, íoslaghdófar na rioscaí sláinte fadtéarmacha a d’fhéadfadh a bheith ann don daonra.

Foráiltear leis an bPlean Náisiúnta d’úsáid a bhaint as struchtúir bhunaithe an Ghrúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí mar fhreagairt d’aon teagmhas den sórt sin, agus leagtar amach ann na bearta cuí, na freagrachtaí cuí agus na nósanna imeachta cuí.

Aithnítear sa Phlean Náisiúnta an ról a bheidh ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú ComhshaoilnGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil mar phríomhúdarás inniúil le haghaidh na freagartha do staid nochta éigeandála núicléiche nó raideolaíche.

An Plean Náisiúnta le haghaidh Nochtaí Éigeandála Núicléiche agus Raideolaíche
Amharc amharc