English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Straitéis Náisiúnta Bithmheatáin

D’fhógair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus Charlie McConalogue, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, foilsiú Straitéis Náisiúnta Bithmheatáin na hÉireann inniu.

Tá an Rialtas tiomanta do thacú le suas le 5.7 TWh de bhithmheatán a tháirgtear go dúchasach a sholáthar faoin mbliain 2030. Ceann amháin de na príomhchéimeanna tosaigh i dtreo an sprioc uaillmhianach sin a chomhlíonadh is ea an Straitéis Náisiúnta Bithmheatáin a fhoilsiú.

Sa Straitéis Náisiúnta Bithmheatáin, leagtar amach an beartas agus na bearta rialála is gá, agus soláthraítear treochlár, chun tionscal mór bithmheatáin a fhorbairt in Éirinn. Bhí forbairt na Straitéise dírithe ar chreat a chuimsíonn cúig cholún idirnasctha, a mheastar a bheith ríthábhachtach maidir le comhlíonadh spriocanna:

  • inbhuanaitheacht;
  • an tÉileamh ar bhithmheatán;
  • an bithgheilleagar agus an geilleagar ciorclach;
  • eacnamaíocht an bhithmheatáin, agus
  • ceanglais beartas cumasúcháin.

Ailíníodh gach colún le cúig phríomhghníomh straitéiseacha is fiche. Tá sé mar aidhm le gach gníomh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin, agus tacú leis na deiseanna, a ghabhann le díleá anaeróbach agus le táirgeadh bithmheatáin.

Chun an Straitéis a chur chun feidhme agus chun na gníomhartha sin a chur i gcrích, beidh gníomhaíocht chomhbheartaithe ag teastáil ar fud príomh-Ranna agus príomh-Ghníomhaireachtaí Rialtais chun a chinntiú go mbeidh na tacaíochtaí agus an bonneagar is gá i bhfeidhm chun tacú leis an tionscal bithmheatáin. Déanfaidh Grúpa Cur Chun Feidhme Idir-rannach nuachruthaithe um Bithmheatán formhaoirseacht ar chur chun feidhme na Straitéise, tomhaisfidh sé tionchar na Straitéise, agus déanfaidh sé faireachán ar chomhlíonadh spriocanna. Tabharfaidh an Grúpa Cur Chun Feidhme tuairisc go díreach don Tascfhórsa um Theas agus an Timpeallacht Thógtha.

Tá táirgeadh inbhuanaithe ina chuid dhílis den Straitéis. Ceann amháin de na luathghníomhartha lena gcur i gcrích a bheidh i gCairt um Inbhuanaitheacht Bithmheatáin a fhorbairt i gcomhar le geallsealbhóirí beartais, le geallsealbhóirí tionscail agus le geallsealbhóirí sochaíocha. Leis an gCairt, tacófar le tionscal bithmheatáin a bheidh faoi stiúir ag an lucht talmhaíochta, tabharfar aird ar spriocanna bunaithe le haghaidh uisce, ithir, bithéagsúlacht agus seirbhísí éiceachórais a chosaint agus a athbhunú, agus tabharfar cosaint ar aon iarmhairtí diúltacha neamhbheartaithe.

Straitéis Náisiúnta Bithmheatáin na hÉireann
Amharc amharc

An Plean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta

D'fhorbair an rialtas Item was unpublished or removed ionas gur féidir le hÉirinn rochtain a fháil ar mhaoiniú faoi Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais Eorpaigh. Meastar go bhfaighidh Éire €988 milliún i ndeontais faoin tSaoráid.

Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an chomhpháirt is mó de NextGenerationEU, freagairt an Aontais Eorpaigh ar an bpaindéim dhomhanda. Is é is aidhm a bheith ag cabhrú leis an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta láithreach a d’eascair as an bpaindéim a dheisiú agus a bheith ag ullmhú d'Eoraip tar éis COVID-19 atá níos glaise, níos digití, níos athléimní agus níos oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar an todhchaí.