Caighdeáin Bunlíne Cibearshlándála
- Foilsithe: 30 Samhain 2021
- An t-eolas is déanaí: 29 Eanáir 2025
Bhí gealltanas sa Straitéis Náisiúnta Cibearshlándála 2019-2024 go bhfoilseofaí Caighdeán Bunlíne Cibearshlándála do sheirbhísí TFC an Rialtais. Rinne Grúpa Stiúrtha le hionadaíocht ó pháirtithe leasmhara i Ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais an próiseas chun na caighdeáin a chur le chéile a bhainistiú.
Tá na caighdeáin forbartha anois ag an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála (NCSC), i gcomhar le hOifig Phríomhoifigeach Faisnéise an Rialtais (OGCIO), a bhfuil sé mar aidhm acu caighdeán inghlactha slándála a chruthú agus creat leathan a chruthú le haghaidh sraith beart gur féidir athbhreithniú a dhéanamh orthu le himeacht ama.
Leanann samhail na gCaighdeán cur chuige iomlánaíoch agus cuimsitheach i leith na saincheisteanna a bhaineann le Cibearshlándáil a chomhcheanglaíonn na caighdeáin éagsúla is fearr chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na bpríomhpháirtithe leasmhara.
Níl aon réiteach amháin ann maidir le cibearshlándáil agus Comhlacht Seirbhíse Poiblí a chosaint. Mar shampla, bíonn fadhbanna ar leith ag baint le hionsaithe "Lá nialais" a dhúshaothraíonn leochaileachtaí bogearraí nach raibh aithne orthu roimhe seo.
Ba cheart, áfach, go gcuirfí Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí i riocht i bhfad níos fearr chun ionsaí a shainaithint, a chosaint, a bhrath, freagairt air, agus athshlánú ó ionsaí agus damáiste agus tionchar a n-íoslaghdú trí úsáid a bhaint as an gCreat Caighdeán Bunlíne Cibearshlándála chun bainistiú rioscaí cibearshlándála a mheasúnú agus a fheabhsú.