Iarrtar Léirithe Spéise le haghaidh rannpháirtithe i gClár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2024-2025
- Foilsithe: 16 Feabhra 2024
- An t-eolas is déanaí: 22 Márta 2024
- Ról agus Freagrachtaí Churadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
- Conas iarratas a dhéanamh
- Ceisteanna Iarratais
Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ag iarraidh Léirithe Spéise le haghaidh rannpháirtithe i gClár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2024-2025.
Bunaíodh Clár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe sa bhliain 2019. Is clár neamhchistithe é a forbraíodh chun feasacht an phobail a mhúscailt ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus chun a thaispeáint, trí na heiseamláirí dea-chleachtais a sholáthraíonn Curaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, gur féidir le gach duine sa tsochaí rannchuidiú le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe.
Faoin gClár, ceapfaidh an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide roinnt eagraíochtaí mar Churaidh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar feadh tréimhse 12 mhí. Roghnófar na heagraíochtaí as measc raon leathan earnálacha de shochaí na hÉireann, agus iad ag déanamh ionadaíocht don tiomantas don fhorbairt inbhuanaithe atá ann ar fud na n-earnálacha poiblí, príobháideacha, pobail, deonacha, óige agus eagraíochtaí neamhrialtasacha. Glacfar le hiarratais ó eagraíochtaí agus ó ghrúpaí atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann. Áirítear leo sin eagraíochtaí trasteorann ilnáisiúnta a bhfuil oibríochtaí ar bun acu in Éirinn.
Ról agus Freagrachtaí Churadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
Ról
- Na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn
- Gníomhú mar eiseamláir dea-chleachtais den dóigh ar féidir le heagraíocht nó le grúpa rannchuidiú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus na Spriocanna sin a chomhtháthú isteach ina gcuid oibre agus gníomhaíochtaí
- An méid a fhoghlaimíonn siad a chomhroinnt le daoine eile
Freagrachtaí
- Na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun cinn, agus obair a nascadh leo, go leanúnach
- An t-eolas is deireanaí a thabhairt gach ráithe ar obair ghaolmhar agus ar ghníomhaíochtaí gaolmhara
- Imeacht a bhaineann leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe nó imeacht cur chun cinn a eagrú le linn dóibh a bheith ina gCuradh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (b’fhearr an t-imeacht sin a chur ar siúl le linn sheachtain na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i mí Mheán Fómhair 2024)
- Rannchuidiú a dhéanamh ag sárthaispeántas deireadh téarma
Ról na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Tacóidh an Roinn leis na Curaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun cinn trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- Ceardlann tosaigh, cruinnithe ráithiúla, sárthaispeántas deireadh téarma agus imeachtaí eile a bhaineann leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a eagrú
- Paca faisnéise a sholáthar do na Curaidh, lena n-áirítear treoir maidir leis an gClár, teimpléid tuairiscithe ráithiúil, agus sócmhainní branda lena n-úsáid chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun cinn
- Faisnéis agus gníomhaíochtaí a bhaineann le tionscnaimh na gCuradh a chur ar áireamh in GeoHive na hÉireann do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.
- Rochtain a thabhairt do na Curaidh ar uirlis léarscáilithe Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe chun gur féidir leo tionscadail agus gníomhaíochtaí a léarscáiliú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
Conas iarratas a dhéanamh
- Glacfar le hiarratais i bhformáid scríofa nó físe
- Ná scríobh níos mó ná 600-700 focal i d’iarratas agus ná cuir físeán atá níos faide ná 4 go 5 nóiméad isteach
- Bain úsáid as teanga atá soiléir agus achomair
- Agus samplaí á dtabhairt agat den dóigh a rannchuidíonn do chuid gníomhaíochtaí nó oibre leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, is féidir leat tagairt a dhéanamh freisin do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus aidhmeanna aonair – is féidir iad sin a fháil ar gov.ie nó ar sdgs.un.org/goals.
- Is féidir leat naisc ábhartha a thabhairt chun tacú le do shamplaí de do chuid oibre agus den dóigh a gcuireann tú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe chun cinn
- Chun ionadaíocht leathan na n-earnálacha éagsúla den tsochaí a chinntiú, tarraingeofar iarratais ó raon leathan réimsí earnála. Luaigh i d’iarratas freisin cén chatagóir faoina dtagann d’eagraíocht nó do ghrúpa:
o Gnólacht – gnólacht mór (250 fostaí nó níos mó)
o Gnólacht – Gnólacht beag nó meánmhéide nó gnólacht eile (níos lú ná 250 fostaí)
o Oideachas
o Údarás áitiúil agus gníomhaireacht stáit
o Grúpa bailte slachtmhara agus grúpa pobail
o Eagraíocht neamhrialtasach/carthanas/fiontar sóisialta
o Turasóireacht, spórt agus meáin
o An óige
o Eile (sonraigh/tabhair tuairisc ghairid)
Ceisteanna Iarratais
Má tá spéis ag d’eagraíocht nó ag do ghrúpa in iarratas a dhéanamh ar ghníomhú mar Churadh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, freagair na ceisteanna seo a leanas i d’iarratas (50 marc san iomlán).
1. Cén fáth go bhfuil spéis ag d’eagraíocht nó ag do ghrúpa i ngníomhú mar Churadh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe? (10 marc)
2. Cén dóigh a rannchuidíonn obair d’eagraíochta nó do ghrúpa leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe? (Tabhair samplaí de na cineálacha gníomhaíochtaí nó oibre a dhéanann nó a rinne d’eagraíocht nó do ghrúpa agus a chabhraigh nó a chabhraíonn leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach) (20 marc)
3. Dá roghnófaí mar Churadh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe thú, cén dóigh a ndéanfá na nithe seo a leanas:
i. na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun cinn agus feasacht a mhúscailt orthu; (10 marc)
agus
ii. na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a leabú isteach in obair d’eagraíochta? (10 marc)
Seol d’iarratas chuig SDGs@decc.gov.ie agus cuir do mhionsonraí teagmhála roghnaithe ar áireamh ann.
Ní mór gach Léiriú Spéise a fháil faoin spriocdháta sínte 5pm, Dé Luain, an 8 Aibreán 2024
Chun leagan Word den doiciméad seo a iarraidh, seol ríomhphost chuig SDGs@decc.gov.ie