English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Tuarascáil ón nGrúpa Idir-Rannach - Soláthar Seirbhísí Rialtais

Sa bhliain 2021, bunaíodh grúpa oibre idir-rannach chun scrúdú a dhéanamh ar an indéantacht a bhaineann le seirbhísí breise rialtais a bheith á soláthar tríd An Post agus tríd an líonra postoifigí. Chuimsigh comhaltas an ghrúpa ranna/gníomhaireachtaí a raibh an seans is mó ann go mbeadh mór-réimsí oibríochta acu. Rinne an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cathaoirleacht ar an nGrúpa ar leibhéal an Rúnaí Chúnta.

Thug an rialtas fionnachtana an ghrúpa oibre idir-rannaigh faoi deara an 31 Bealtaine 2022, agus is féidir an tuarascáil maidir le 'Soláthar Seirbhísí Rialtais' a aimsiú thíos.

Leag an rialtas sprioc síos go ndéanfaí 90% de sheirbhísí a thomhailt ar líne faoin mbliain 2030. Mar gheall ar an raon bealaí soláthar seirbhísí atá ar fáil faoi láthair, moltar sa tuarascáil go ndéanfadh an rialtas athbhreithniú cuimsitheach ar conas a sholáthrófar a sheirbhísí uile don phobal amach anseo, ar líne agus as líne araon.

Soláthar Seirbhíse Rialtais - Nollaig 2021
Amharc amharc