English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Scéim Ghinearálta an Bhille um Gheilleagar Ciorclach 2021

Ó thaobh an chomhshaoil agus na heacnamaíochta, níl samhail líneach eacnamaíoch an lae inniu 'Tógáil-Déanamh-Dramhaíl-' inbhuanaithe. Admhaítear é seo sa Chlár Rialtais agus aithnítear gur gá d'Éirinn geilleagar ciorclach a bhunú d'fhonn cabhrú linn ár n-uaillmhianta aeráide a bhaint amach.

D'athdhearbhaigh an Plean Gníomhaíochta Dramhaíola 2020 um Gheilleagar Ciorclach an nasc idir an geilleagar ciorclach agus gníomhaíocht aeráide agus sainordaíonn sé cur chuige uile-rialtais chun aistriú rathúil go geilleagar ciorclach a chinntiú.

Soláthróidh an Straitéis um Gheilleagar Ciorclach atá ag teacht aníos creat beartais náisiúnta le haghaidh aistriú na hÉireann go geilleagar ciorclach. Cuireann an Bille seo bonn soiléir reachtúil, agus an tiomantas do gheilleagar ciorclach, leis an Straitéis sin.

Is céim lárnach é an Bille um Gheilleagar Ciorclach in aistriú rathúil gheilleagar na hÉireann go geilleagar ciorclach agus is fianaise é ar thiomantas an Rialtais an aidhm sin a bhaint amach.

General Scheme Circular Economy Bill 2021
Amharc amharc