English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Treorchlár um Chomhaontú Ceannaigh Cumhachta Corparáide Leictreachais In-Athnuaite

Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta Aeráide 2021 treochlár chun an sprioc de laghdú 51% ar astaíochtaí Gáis Ceaptha Teasa (GHG) a bhaint amach faoi 2030, a bunaíodh leis an Acht 2030 um Ghníomhú Aeráid agus Forbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021. Áirítear leis seo an t-éileamh ar leictreachas a ghintear ó fhoinsí in-athnuaite a mhéadú faoi 2030 go dtí suas le 80%. Ní amháin go ndéanfaidh sé seo ár n-astaíochtaí ón leictreachas a laghdú, ach beimidh in ann earnálacha eile mar iompar, tionscal agus teas a leictriú dá bharr agus ár n-astaíochtaí sna hearnálacha seo a laghdú freisin.

San Iarscríbhinn Gníomhaíochtaí faoin bPlean Gnímh don Aeráid, a foilsíodh ar an 14 Nollaig 2021, tá gealltanais i nGníomh 99 ann go bhfoilseofar treochlár le haghaidh CCCCanna faoi dheireadh R1 2022.

Tá ról ag comhaontuithe ceannaigh cumhachta corparáide (CCCCanna) maidir leis an earnáil leictreachais a dhícharbónú. Is é atá i gceist le CPPA nuair a fhaigheann cuideachta leictreachas in-athnuaite trí chomhaontú conartha díreach le gineadóir leictreachais in-athnuaite.

Chun tacú le soláthar cost-éifeaachtach na spríce leitreachais in-athnuaite, cuireadh de chúram ar an SEAI staidéar a choimisiúnú chun eolas a thabhairt do pholasaí an Rialtais maidir leis an dóigh is fearr chun forbairt a dhéanamh ar an margadh do CPPAanna.

Tionóladh Grúpa Stiúrtha tras-earnála agus gníomhaireachta agus thug an SEAI conradh do na comhairleoirí Baringa chun an staidéar a dhéanamh. I mí Feabhra 2021, láinseáil an SEAI comhairliúchán poiblí ar roghanna polasaithe chun CPPAanna a mhéadú, chomh maith le tuarascáil chomhairleach mhionsonraithe.

Ag tógáil ar an obair seo,leagtar amach sa treochlár seo seacht bpríomhphrionsabal a forbraíodh chun cuidiú lena chinntiú go gcuireann soláthar cumhachta corparáidí go héifeachtach agus go héifeachtúil le spriocanna aeráide agus fuinnimh in-athnuaite na hÉireann a bhaint amach. Leagtar amach sa treochlár freisin an fráma ama a bhfuiltear ag súil leis le haghaidh forbairtí polasaithe gaolmhara.

Treochlár um Chomhaontú Ceannaigh Cumhachta Corparáide Leictreachais In-Athnuaite
Amharc amharc