Cuimsiú Digiteach
- Foilsithe: 12 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 9 Bealtaine 2025
- An Straitéis Dhigiteach
- Inrochtaineacht Gréasáin
- Scileanna Digiteacha
- Gnólachtaí Digiteacha
- An Eoraip Dhigiteach
Acmhainn do chách is ea an tIdirlíon. Leis an Idirlíon, ceanglaítear na billiúin daoine le chéile, agus tairgtear modhanna iomadúla chun idirghníomhú, chun cumarsáid a dhéanamh, agus chun a bheith cruthaitheach agus táirgiúil. Ciallaíonn sé sin gur ann do dheiseanna nua maidir leis an dóigh a mairimid, a n-oibrímid agus a bhfoghlaimímid. Tá sé ríthábhachtach go dtabharfaí deis do gach duine páirt iomlán a ghlacadh i saol digiteach an lae inniu.
An Straitéis Dhigiteach
Seoladh an chéad chéim den Straitéis Náisiúnta Dhigiteach i mí Iúil 2013. Tá an straitéis sin dírithe ar rannpháirtíocht dhigiteach agus ar an tairbhe is féidir le hÉirinn a bhaint as sochaí atá rannpháirteach go digiteach. Leagtar amach inti fís shoiléir agus roinnt gníomhartha praiticiúla chun cabhrú le méadú a dhéanamh ar an líon saoránach agus gnólachtaí a ghabhann do ghníomhaíochtaí ar líne tríd an tionscal, trí fhiontraíocht, trí oiliúint saoránach, trí scoileanna agus tríd an oideachas.
Agus é ag cur le Céim 1, tá an rialtas ag iarraidh Straitéis Náisiúnta Dhigiteach nua a fhorbairt faoi láthair. Tá sé sin mar fhreagra ar an athrú teicneolaíoch a thit amach thar na blianta agus ar an raon deiseanna agus dúshlán a chruthaíonn an t-athrú sin do shochaí na hÉireann.
Tionóladh comhairliúchán poiblí ar Straitéis Náisiúnta Dhigiteach nua ag deireadh na bliana 2018. Le linn an chomhairliúcháin sin, iarradh ar dhaoine den phobal agus ar pháirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh lena gcuirfí bonn eolais faoi raon feidhme agus soláthar na straitéise nua atá á dréachtú faoi láthair.
Inrochtaineacht Gréasáin
Cinntíonn inrochtaineacht Gréasáin gur féidir le daoine, go háirithe daoine a bhfuil míchumas orthu, suíomhanna Gréasáin agus seirbhísí atá bunaithe ar fheidhmchláir mhóibíleacha a úsáid agus a oibriú. Is é an toradh a bheidh ar shuíomhanna Gréasáin a dhearadh agus a fhorbairt i gceart go mbeidh rochtain chomhionann ag gach úsáideoir ar fhaisnéis agus ar fheidhmiúlacht.
Le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchlár Móibíleach de chuid Comhlachtaí san Earnáil Phoiblí), 2020 (I.R. Uimh. 358 de 2020), ceanglaítear ar chomhlachtaí earnála poiblí a chinntiú go bhfuil a suíomhanna Gréasáin agus a n-aipeanna inrochtana d’úsáideoirí, go háirithe daoine a bhfuil míchumas orthu, trí iad a dhéanamh inbhraite, inoibrithe, intuigthe agus láidir. Tháinig na rialacháin i bhfeidhm an 23 Meán Fómhair 2020, agus trasuitear leo Treoir 2016/2102 ón Aontas Eorpach maidir le hInrochtaineacht Gréasáin.
Ceanglaítear ar gach comhlacht earnála poiblí ráiteas inrochtaineachta atá mionsonraithe, cuimsitheach agus soiléir a ullmhú agus a nuashonrú go tráthrialta maidir lena mhéid a chomhlíonann a suíomhanna Gréasáin agus a bhfeidhmchláir mhóibíleacha na Rialacháin sin. Ceanglaítear orthu freisin an ráiteas sin a sholáthar ar an suíomh Gréasáin nó in éineacht lena bhfeidhmchlár móibíleach. Tá ráiteas inrochtaineachta eiseamláireach le fáil i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1523 ón gCoimisiún.
Is é an tÚdarás Náisiúnta Míchumais an comhlacht faireacháin náisiúnta faoi na rialacháin sin. Is féidir leis an Údarás comhairle a thabhairt maidir le conas do shuíomhanna Gréasáin agus d’inneachar a dhéanamh níos inrochtana d’úsáideoirí.
Scileanna Digiteacha
I sochaí nasctha, teastaíonn scileanna digiteacha uainn má táimid chun lánacmhainneacht shóisialta agus eacnamaíoch an domhain dhigitigh a bhaint amach. Thug an rialtas roinnt tionscnamh agus clár isteach chun cabhrú le cur leis na scileanna digiteacha atá ag daoine ar fud na hÉireann ar fad.
Gnólachtaí Digiteacha
Ceanglaíonn an tIdirlíon na billiúin daoine ó gach cuid den domhan le chéile, agus rochtain leantach á thabhairt dóibh ar mhargaí agus táirgí nua. Tá a bhfuil i ndán do ghnólachtaí agus d’fhiontair ag brath ar ardáin dhigiteacha; ní acmhainn d’aon ghnólacht a thuilleadh neamhaird a thabhairt ar an acmhainneacht a ghabhann le margaí digiteacha.
An Scéim Dearbhán Trádála Ar Líne
I gcás cuid mhór gnólachtaí, níl aon cheist ann maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart dóibh trádáil ar líne. Is é an cheist atá le freagairt acu, áfach, ná conas ba cheart dóibh tosú ag trádáil ar líne. Agus í deartha chun cabhrú le gnólachtaí beaga, tairgtear leis an Scéim Dearbhán Trádála ar Líne oiliúint agus comhairle, mar aon le cúnamh airgeadais is fiú suas le €2,500. Forbraíodh an clár sin faoin Straitéis Náisiúnta Dhigiteach. Tá sé á chistiú ag RCAC agus á sholáthar ag an líonra Oifigí Fiontair Áitiúil ar fud na tíre.
Tá an scéim dírithe ar ghnólachtaí ar beag láithreacht trádála ar líne atá acu agus:
- a bhfuil deichniúr fostaithe nó níos lú acu
- a bhfuil láimhdeachas €2 mhilliún nó níos lú acu
- atá ag trádáil le sé mhí ar a laghad
Aistríodh an fhreagracht as an scéim chuig an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.
An Ghníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach
Bunaíodh an Ghníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach sa bhliain 2003 leis an Acht um Ghníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach chun formhaoirseacht a dhéanamh ar thionscnamh an Mhoil Dhigitigh. Rinneadh an cinneadh bunaidh chun an Mol Digiteach a bhunú mar gheall ar an rath a bhí ar bhraislí eile ardteicneolaíochta ar fud an domhain, agus measadh é a bheith ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí de bheartas an Rialtais le haghaidh an tionscal teicneolaíochta digití a fhorbairt. Cuimsíonn punann réadmhaoine na Gníomhaireachta campas ina bhfuil thart ar 5.6 acra i limistéar na Saoirsí de Bhaile Átha Cliath.
D’imir an Ghníomhaireacht ról tábhachtach maidir le luathfhorbairt na hearnála teicneolaíochta i mBaile Átha Cliath, agus chuaigh na céadta cuideachtaí tríd an Mol ó bunaíodh é, lenar áiríodh Slack, Stripe agus Etsy.
Tá 31 chuideachta lonnaithe i gCampas an Mhoil Dhigitigh faoi láthair, agus 270 duine san iomlán fostaithe acu.
I mí Aibreáin 2021, d’fhógair an rialtas go ndéanfaí an Ghníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach a dhíscaoileadh agus go n-aistreofaí a réadmhaoine chuig an nGníomhaireacht um Fhorbairt Talún. Rinneadh an cinneadh bunaithe ar athbhreithniú straitéiseach ar choimisiúnaigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide é, rud inar thángthas ar an gconclúid gur tháinig forbairt shuntasach ar an earnáil teicneolaíochta digití i mBaile Átha Cliath le fiche bliain anuas agus nach bhfuil an Ghníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach ag teastáil a thuilleadh chun fás leantach na hearnála a chothú. Is féidir tuarascáil an athbhreithnithe straitéisigh a léamh ar shuíomh gréasáin na roinne.
Agus an cinneadh ón rialtas á chur chun feidhme, tabharfar aird ar na riachtanais atá ag cliaint agus baill foirne na Gníomhaireachta Forbartha don Mhol Digiteach agus ar na riachtanais atá ag an bpobal áitiúil araon. Tá an cur chun feidhme sin fós ar siúl. Tá an roinn ag obair go dlúth leis an nGníomhaireacht um Fhorbairt Talún faoi láthair chun réadmhaoine na Gníomhaireachta Forbartha don Mhol Digiteach a aistriú. Ina dhiaidh sin, tabharfaidh sí reachtaíocht ar aghaidh chun an Mol Digiteach a dhíscaoileadh. Leanfaidh an Mol Digiteach le spás oifige agus seirbhísí tacaíochta gnó a sholáthar do chuideachtaí teicneolaíochta agus eagraíochtaí tionscail atá ag fás le linn na tréimhse foirceanta.
An tIonad Náisiúnta um Thaighde Digiteach
Ó bunaíodh sa bhliain 2006 é, tá an tIonad Náisiúnta um Thaighde Digiteach ag díriú ar phoist ardluacha a chruthú san Earnáil Dhigiteach, agus nuálaíocht dhigiteach agus fiontraíocht dhigiteach á gcur chun cinn. Thug an tIonad tús áite d’infheistíochtaí a bhfuil an acmhainneacht is mó acu “ardtionchar” a imirt ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha de. Tá gné réigiúnach láidir ag baint le seirbhísí an Ionaid. Tá na seirbhísí sin á soláthar ó mhí na Samhna 2020 i leith trí Dogpatch Labs, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, agus trína chomhpháirtithe moil réigiúnacha ag Republic of Work i gCorcaigh, ag RDI Hub i gCiarraí agus ag Portershed i nGaillimh.
Sholáthair an tIonad na nithe seo a leanas: a) Cláir Luasairí; b) Infheistíocht chaipitil i nGnólachtaí Nuathionscanta; c) Seirbhísí Réigiúnacha; agus d) Bainistíocht Punainne. Ó bunaíodh é, tá an tIonad ag imirt tionchar ar gheilleagar na hÉireann trí fhiontair dhigiteacha luathchéime a chur chun cinn agus trí chabhrú le cuideachtaí punainne breis agus €500 milliún a chruinniú. Ina theannta sin, chruthaigh cuideachtaí a fuair tacaíocht ón Ionad breis agus 700 post i bPoblacht na hÉireann ó thosaigh Dogpatch Labs ar sheirbhísí an Ionaid a sholáthar.
Sholáthair an tIonad na cláir seo a leanas freisin:
a) An Chéad Aoine do Ghnólachtaí Nuathionscanta
b) Clár Patch (d’fhiontraithe óga)
c) Luasaire Tallainne (áit a ndearnadh 40 duine aonair den chéad scoth a ghníomhachtú gach bliain ina bhfiontraithe a bhfuil cumas acu dúbailt ó thaobh méide de.
d) Líonra Bunaitheoirí Fierce Tech (bunaitheoirí den inscne bhaineann), agus
An Eoraip Dhigiteach
Tá an Clár don Eoraip Dhigiteach deartha chun tacú le claochlú digiteach shochaí agus gheilleagar na hEorpa, agus é mar chuid den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil don tréimhse ó 2021 go 2027. Agus leithdháileadh buiséadach beartaithe €7.5 billiún aige, tá sé mar aidhm leis an gClár claochlú digiteach shochaí agus gheilleagar na hEorpa a mhúnlú. Cuirfear cuid den leithdháileadh i leataobh mar a leanas: €2.2 billiún do shár-ríomhaireacht; €2.1 billiún d’intleacht shaorga; €1.7 billiún do chibearshlándáil; €1.1 billiún chun úsáid teicneolaíochtaí digiteacha a spreagadh; agus €580 milliún d’ardscileanna digiteacha. Leis an gClár don Eoraip Dhigiteach, soláthraítear cistiú straitéiseach ar mhaithe le hiomaíochas na hEorpa a mhéadú ar fud an domhain faoi na cúig phríomhréimse shainaitheanta: Intleacht Shaorga; Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta; Cibearshlándáil agus Iontaoibh; Ardscileanna Digiteacha; agus Idir-inoibritheacht.
Comhaontaíodh Clár Oibre an Chláir don tréimhse 2025-2027 ag deireadh mhí an Mhárta 2025, agus táthar ag súil leis go bhfógrófar glaonna nua ar thograí le haghaidh cistiúcháin i mí na Bealtaine.
Moltar d’iarratasóirí a bhfuil spéis acu sa chlár súil a chaitheamh ar thairseach gréasáin Choimisiún an Aontais Eorpaigh, áit a bhfuil faisnéis faoi ghlaonna agus an t-ábhar iarratais ar fad ar fáil.
Léigh tuilleadh faoin Eoraip Dhigiteach
Connecting Europe Facility
Tá buiséad beartaithe €258 milliún ag antSaoráid um Chónascadh na hEorpa – an Clár Oibre Digiteach (2021-2027), ar clár de chuid an Aontais Eorpaigh é atá ceaptha chun bonneagair nascachta digití a fheabhsú ar fud an Aontais, go háirithe líonraí Gigighiotáin agus 5G, agus rannchuidiú le claochlú digiteach na hEorpa.
Sa dara Clár Oibre (2024-2027), cuirfear buiséad €542 mhilliún ar fáil do Thairseacha Digiteacha Domhanda, mar aon le €205 mhilliún do threoirthionscadail mhóra 5G. Cuirfear €90 milliún ar fáil do bhonneagar cumarsáide candamaí – an tionscnamh um Bonneagar Cumarsáide Candamaí na hEorpa (EuroQCI).
Dúnadh Glao 4 EuroQCI an 27 Márta 2024, agus tá na torthaí le heisiúint i bhfómhar na bliana 2025.
Is mian linn aird a tharraingt ar an rannán Ceisteanna Coitianta sa tairseach maidir le deiseanna cistiúcháin agus tairisceana, áit ar féidir faisnéis bhreise a fháil i gcónaí.
I gcás aon cheisteanna maidir le glaonna faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa i gcoitinne, iarraimid ort an pointe teagmhála seo a leanas a úsáid: HADEA-CEF-DIGITAL-CALLS@ec.europa.eu
Pointí Teagmhála
Karen Tighe | karen.tighe@decc.gov.ie |
John Uhlemann | john.uhlemann@decc.gov.ie |
If you have any questions, please do not hesitate to get in contact.
Príomhchláir Oibre agus Cláir Oibre Cibearshlándála an Chláir don Eoraip Dhigiteach 2025-2027
An 28 Márta 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Clár Oibre an Chláir don Eoraip Dhigiteach 2025-2027 agus Clár Oibre Cibearshlándála an Chláir don Eoraip Dhigiteach 2025-2027.
Faoi Chlár Oibre an Chláir don Eoraip Dhigiteach 2025-2027, leanfar le spriocanna an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn i réimse an chlaochlaithe dhigitigh, mar atá sainithe sa teachtaireacht maidir le Compás Digiteach 2030: An modh Eorpach don Deacáid Dhigiteach agus sa chlár beartais dar teideal Conair i dtreo na Deacáide Digití.
Chomh maith leis sin, léirítear roinnt gníomhartha nua sa Chlár Oibre, agus freagraítear ann do dhúshláin chomhaimseartha atá sainaitheanta i dtosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin nua i ndáil le ceannasacht, daonlathas agus slándáil teicneolaíochta. Tá baint ar leith ag an gClár Oibre le cur chun feidhme an Ghnímh um Shliseanna, an Ghnímh um an Intleacht Shaorga agus na teachtaireachta maidir le pacáiste um Nuálaíocht na hIntleachta Saorga. Tá baint aige freisin leis an gcuspóir atá ann mór-roinn intleachta saorga a dhéanamh den Eoraip, agus í ag bláthú mar gheall ar an intleacht shaorga a fhorbairt, a chomhtháthú agus a ghlacadh trí na nithe seo a leanas: an Straitéis um an Intleacht Shaorga a Chur i bhFeidhm atá le teacht; Tiachóg Céannachta Digití an Aontais Eorpaigh; an Gníomh um an gCibear-Dhlúthpháirtíocht; an Gníomh um an gCibear-Athléimneacht; agus an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach.