Cumarsáidí Poist
- Foilsithe: 12 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 9 Bealtaine 2025
Tá an rialtas freagrach as beartas éifeachtach a fhorbairt agus a chothabháil d’earnáil poist na hÉireann. Cinntítear leis an mbeartas sin go dtairbhíonn custaiméirí gnó agus cónaithe in Éirinn de sheirbhísí poist ardchaighdeáin atá ar phraghas iomaíoch.
An tAcht um Rialáil Cumarsáide (Seirbhísí Poist)
Tháinig an tAcht um Rialáil Cumarsáide (Seirbhísí Poist), 2011, i bhfeidhm i mí Lúnasa 2011. Leis an Acht sin, éascaítear an chéim dheiridh den obair atá ar bun chun an margadh seirbhísí poist a oscailt don iomaíocht, mar a cheanglaítear leis an tríú Treoir ón Aontas Eorpach maidir le Seirbhísí Poist.
Leis an Acht freisin:
- leagtar amach na hoibleagáidí rialála atá ar sholáthraithe seirbhísí poist
- ráthaítear soláthar leanúnach seirbhíse poist uilechoitinne
- ceadaítear don rialtas córas náisiúnta postchód a bhunú, a chothabháil agus a oibriú
- leasaítear an reachtaíocht Craolacháin, go háirithe chun éifeacht dhlíthiúil a thabhairt do chinntí a rinneadh faoi Bhuiséad 2011 maidir le híocaíochtaí ó fháltais Cheadúnais Teilifíse, lena n-áirítear foráil maidir le TG4 a chistiú
Is é An Post an soláthraí Seirbhíse Poist Uilechoitinne faoin Acht. Soláthraíonn sé raon seirbhísí trína líonra postoifigí. Íocann sé sochair thar ceann na Roinne Coimirce Sóisialaí freisin.
Is é an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide a shocraíonn na caighdeáin cháilíochta seirbhíse do An Post agus a dhéanann faireachán orthu. Ní mór do gach soláthraí seirbhísí poist clárú leis an gCoimisiún agus údarú a fháil uaidh.
Rialachán Eorpach
Gníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe is ea an tAontas Poist Uilechoiteann. Rialaíonn sé an earnáil poist idirnáisiúnta, agus cabhraíonn sé lena chinntiú gur ann do líonra uilechoiteann de tháirgí agus seirbhísí atá cothrom le dáta. Déanann an tAontas moltaí freisin chun fás a spreagadh i méideanna seirbhísí poist, beartán agus airgeadais agus chun feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhíse do chustaiméirí. Chuaigh Éire isteach san Aontas sa bhliain 1923. Tá trí Ghníomh ón Aontas ceangailteach ar gach ball. Is iad sin an Bunreacht, na Rialacháin Ghinearálta, agus an Coinbhinsiún Poist Uilechoiteann.
Cláir Stampaí
Gach bliain, faigheann An Post líon ollmhór moltaí dá chláir stampaí. Is ó eagraíochtaí éagsúla, ón bpobal i gcoitinne agus ó gach roinn rialtais a thagann na moltaí sin. Is é an Coiste Comhairlitheach Stampshanais, coiste neamhspleách, a ghearrliostaíonn na moltaí sin agus a chomhaontaíonn an Clár Stampaí bliantúil. Cuirtear an clár sin ar aghaidh chuig an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (RCAC) lena cheadú ag an rialtas.
Áirítear iad seo a leanas leis na critéir le haghaidh cur ar áireamh sa Chlár Stampaí:
- cothromlaethanta agus comórthaí a bhfuil tábhacht náisiúnta agus idirnáisiúnta leo. Is fearr clocha míle suntasacha amhail comórthaí 50 bliain nó 100 bliain ná comórthaí eile
- rannchuidithe atá déanta ag Éireannaigh le gnóthaí idirnáisiúnta
- gnéithe suntasacha d’Éirinn, dá saol, dá tír agus dá muintir
- a oiriúnaí atá an t-ábhar dá léiriú mar stampa
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na cláir stampaí i mbliana, téigh chuig suíomh gréasáin An Post.