Cúrsaí Cumarsáide agus Digiteacha
- Foilsithe: 12 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 9 Bealtaine 2025
achoimre
I réimse na cumarsáide, is é sprioc an rialtais líonra cumarsáide den chéad scoth ina bhfuil seirbhísí ardchaighdeáin a chur ar fáil chun tacú le pobail nasctha agus cur ar chumas saoránach deiseanna digiteacha a ghlacadh chucu féin i dtimpeallacht shábháilte.
Tacaíonn an rialtas le fás geilleagrach, poist, iomaíochas agus ionchuimsiú sóisialta trí réimse beartas agus rialúcháin atá leagtha amach chun éascaíocht a dhéanamh ar gheilleagar agus sochaí atá nasctha níos fearr le cúrsaí digiteacha. Tá sé dírithe ar infhaighteacht leathanbhanda ardluais i ngach áitreabh in Éirinn a chinntiú, rialúchán tomhaiste chun infheistíocht agus nuálaíocht a chothú, mar aon le daoine aonair, pobail agus gnónna a chosaint agus a chumhachtú maidir leis an úsáid a bhaineann siad as teicneolaíochtaí digiteacha.
Tá beartais agus rialacháin an rialtais sa réimse seo dírithe ar na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach:
- rochtain ag cách ar leathanbhanda ardluais
- pobail atá nasctha ar bhealach níos fearr
- cibearshlándáil níos láidre
- teagmháil níos fearr a dhéanamh le lucht spéise níos óige
Tá nascacht dhigiteach idirnáisiúnta agus náisiúnta na hÉireann ríthábhachtach maidir lenár n-iomaíochas i margaí domhanda agus sa gheilleagar eolais agus faisnéise a choinneáil agus a fheabhsú.
Leathanbhanda
Tagraíonn an téarma 'leathanbhanda' do rochtain ar an idirlíon. Tá tábhacht ag baint le nascacht leathanbhanda maidir le fás, nuálaíocht agus comhtháthú sóisialta.
Sa lá atá inniu ann, tá teacht ag breis agus 7 gcinn as 10 n-áitreabh ar leathanbhanda ardluais ó oibritheoirí tráchtála. Tá thart ar 540,000 áitreabh ann nach gcuirfidh oibritheoirí an tseirbhís bhunriachtanach seo ar fáil.
Tá siad sin lonnaithe i limistéar idirghabhála an Stáit. Ta Leathanbhanda Náisiúnta Éireann ceaptha ag an rialtas chun líonra leathanbhanda a sheasfaidh an aimsir a thógáil, a chothabháil agus a oibriú i limistéar idirghabhála an Stáit ar feadh tréimhse 25 bliana.
Léigh tuilleadh faoi Leathanbhanda
Cibearshlándáil
Tagraíonn an téarma 'cibearshlándáil' do chuasach teicneolaíochtaí, próisis agus cleachtais atá leagtha amach chun líonraí, gairis, cláir agus sonraí a chosaint ar ionsaí, damáiste, nó rochtain neamhúdaraithe. Clúdaíonn cibearshlándáil na bearta ar fad atá leagtha amach chun ár gcórais IT a chosaint agus rúndacht, ionracas agus infhaighteacht seirbhísí sonraí a chinntiú. Oibríonn an rialtas chun na rioscaí do bhonneagar agus seirbhísí idirlín a laghdú d’fhonn timpeallacht ar líne atá láidir, slán agus iontaofa a choinneáil ar féidir le daoine agus gnónna brath uirthi le haghaidh idirghníomhú sóisialta agus geilleagrach.
Leigh tuilleadh faoi Cibearshlándáil
Ríomh-Ionchumsiú
Seoladh an chéad chéim den Item was unpublished or removed i mí Iúil 2013. Sa straitéis seo, dírítear ar rannpháirtíocht dhigiteach agus ar mar is féidir tairbhe a bhaint as sochaí ina bhfuil cumas digiteach in Éirinn. Tá an rialtas i mbun Straitéis Náisiúnta Dhigiteach nua a fhorbairt faoi láthair. Tá sé seo ina fhreagairt ar athrú teicneolaíochta le sé bliana anuas agus ina fhreagairt ar aon deiseanna nó dúshláin a bhaineann leis.
Tá an straitéis maidir leis an Margadh Aonair Digiteach ina tionscnamh suaitheanta den straitéis Eoraip 2020. Tá sé mar aidhm léi deiseanna a chruthú do dhaoine agus gnó sa gheilleagar digiteach.
Léigh tuilleadh faoi Ríomh-Ionchuimsiú
Éirchód
Córas postchód náisiúnta na hÉireann is ea Éirchód (Eircode). Tugtar cód uathúil do gach seoladh cónaithe agus gnó in Éirinn, trína n-aimsítear suíomh na réadmhaoine. Comhroinneann níos mó ná 35% de sheoltaí in Éirinn seoladh le réadmhaoin amháin eile ar a laghad. Leagadh Éirchód amach chun an fhadhb sin a shárú.
Léigh tuilleadh faoi Éirchód
Cumarsáid Éigeandála 112/999
Tá freagracht ar an tSeirbhís Freagartha Glaonna Éigeandála (ECAS) as gach glao ar 112 agus 999 agus gach téacs chuig na huimhreacha sin a fhreagairt, agus nasc ríthábhachtach á sholáthar aici idir an glaoiteoir agus na Seirbhísí Éigeandála (an Garda Síochána, an tSeirbhís Dóiteáin, an tSeirbhís Otharchairr agus an Garda Cósta).
Is Pointe Freagartha Sábháilteachta Poiblí Chéim 1 é ECAS. Is é an ról atá aige a shuí cén tSeirbhís Éigeandála atá á hiarraidh ag glaoiteoir agus a shuí cén áit a bhfuil an glaoiteoir nó an teagmhas chun an glao a atreorú chuig an ionad is cuí Seirbhísí Éigeandála.
Leis an Acht um Rialáil Cumarsáide (Leasú) 2007, foráiltear do ECAS a bhunú agus a oibriú, agus ceadaítear don Aire conradh a dhéanamh le heintiteas chun an tseirbhís a sholáthar. Is é BT Communications Ireland Limited (BTCIL) a shealbhaíonn an conradh chun an tseirbhís a oibriú faoi láthair.
Fuair ECAS 2.19 milliún glao sa bhliain 2024, agus meastar go bhfaighidh sé an líon céanna glaonna sa bhliain 2025.
Déantar athbhreithniú bliantúil ar fheidhmíocht Oibritheoir na Seirbhíse Freagartha Glaonna Éigeandála i gcomhréir le comhaontú lamháltais na Seirbhíse.
Athbhreithnithe Bliantúla ar an tSeirbhís Freagartha Glaonna Éigeandála
Cumarsáid Poist
Tá seirbhísí poist ríthábhachtach lena chinntiú go bhfuil muintir na hÉireann nasctha agus lena chinntiú gur féidir le gnónna feidhmiú go héifeachtach. Tá ról tábhachtach ag an rialtas chun cinnte a dhéanamh de go bhfuil seirbhísí poist iomaíoch agus éifeachtúil.
Léigh tuilleadh faoi Chumarsáid Poist