English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Áireofar anois sa Scéim Freagrachta Leathnaithe Táirgeora na catagóirí uile bonn

  • Is é an toradh a bheidh ar an scéim mhéadaithe go mbainisteofar na boinn de chuid busanna, trucailí agus feithiclí móra freisin ar bhealach a bheidh freagrach ó thaobh an chomhshaoil de

Tá Ossian Smyth, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Cumarsáid agus an Geilleagar Ciorclach, ag méadú na scéime Freagrachta Leathnaithe Táirgeora um boinn. Ón 1 Eanáir 2025 i leith, áireofar leis an scéim na catagóirí uile bonn a leagtar amach sna Rialacháin um Boinn (an 8ú rialachán). I láthair na huaire, bainistíonn an scéim Freagrachta Leathnaithe Táirgeora na boinn de chuid carranna paisinéirí, feithiclí faoi thiomáint ceithre roth, veaineanna agus gluaisrothar chun teacht ar réitigh inbhuanaithe le haghaidh boinn dramhaíola a bhainistiú.

Is é an toradh a bheidh ar na catagóirí uile bonn a chur ar áireamh ná go mbeifear in ann boinn dramhaíola busanna, boinn dramhaíola trucailí, boinn dramhaíola talmhaíochta, boinn dramhaíola tógála agus boinn dramhaíola tionsclaíche a bhainistiú ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de.

Is rioscaí do shláinte an phobail agus don chomhshaol iad boinn a bhainistítear agus a dhiúscraítear ar bhealach míchuí. Cabhraíonn bainistiú éifeachtach dramhaíola bonn leis na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • acmhainní nádúrtha a chaomhnú
  • truailliú a laghdú
  • tomhaltas fuinnimh a laghdú, agus
  • an téamh domhanda a mhoilliú

Chun na rioscaí sin a laghdú, leagtar leis na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Boinn agus Boinn Dramhaíola), 2017, oibleagáidí áirithe orthu sin a sholáthraíonn boinn do mhargadh na hÉireann. Thug Éire Scéim Freagrachta Leathnaithe Táirgeora do bhoinn isteach sa bhliain 2017. Oibríonn Circol ELT (ar a dtugtaí Repak ELT roimhe sin) an scéim sin. Tá oibleagáid dhlíthiúil ar gach táirgeoir bonn agus ar gach miondíoltóir bonn a bheith ina gcomhaltaí den Scéim.

Ag teacht sna sála ar rath na scéime bonn le haghaidh boinn carranna paisinéirí agus boinn gluaisrothar, cuirfidh Circol ELT tús le comhairliúchán tionscail le príomh-gheallsealbhóirí chun tacú leis an athrú atá le teacht sa reachtaíocht do bhoinn.

Ag labhairt dó faoi leathnú na scéime Freagrachta Leathnaithe Táirgeora um boinn, dúirt an tAire Smyth:

"Cinnteoidh leathnú na scéime Freagrachta Leathnaithe Táirgeora um boinn go ngabhfar na catagóirí uile bonn leis an scéim. Tá ag éirí go geal le hoibriú na scéime Freagrachta Leathnaithe Táirgeora go dtí seo agus chuir sí ar chumas na hÉireann feidhmíocht atá níos fearr ná a spriocanna intíre a bhaint amach (íosráta aisghabhála is ionann agus 70% de na boinn uile arna mbailiú agus íosráta athchúrsála is ionann agus 30% de na boinn uile arna mbailiú). Rannchuidíonn an scéim freisin le méideanna móra dramhaíola a atreorú ó láithreáin líonta talún.

"Tá Scéimeanna Freagrachta Leathnaithe Táirgeora ina modh éifeachtach chun an geilleagar ciorclach a mhéadú agus chun deis a thabhairt d’Éirinn dreasachtaí eacnamaíocha a fhorbairt atá i bhfabhar táirgí ciorclacha agus samhlacha ciorclacha gnó.”"

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Chun tuilleadh mionsonraí a fháil faoi chomhlíonadh na reachtaíochta do bhoinn, déan teagmháil le Circol ELT ach glao a chur ar (01) 4618 600 nó ríomhphost a sheoladh chuig info@circolelt.ie

Plean Gníomhaíochta Dramhaíola le haghaidh Geilleagar Ciorclach 2020-2025

Is é atá sa Phlean Gníomhaíochta Dramhaíola le haghaidh Geilleagar Ciorclach, a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2020, ná treochlár na hÉireann le haghaidh pleanáil agus bainistíocht dramhaíola. Is gá gníomhú ar son na haeráide a leabú isteach i ngach snáithe den bheartas poiblí. Leis an bPlean sin, aistrítear an díriú amach ó dhiúscairt dramhaíola agus féachtar ina ionad sin ar dhóigheanna ar féidir linn acmhainní a chaomhnú trí gheilleagar ciorclach a chruthú.

Sa Phlean Gníomhaíochta Dramhaíola le haghaidh Geilleagar Ciorclach, leagtar amach raon aidhmeanna agus spriocanna don Stát agus na bearta trína mbainfear amach iad sin. Áirítear leo sin rialáil mhéadaithe agus bearta méadaithe ar fud réimsí éagsúla dramhaíola, amhail an Geilleagar Ciorclach, Dramhaíl Chathrach, Cosaint Tomhaltóirí agus Caidreamh le Saoránaigh, Plaistigh agus Pacáistíocht, Tógáil agus Scartáil, Teicstílí, Soláthar Poiblí Glas agus Forfheidhmiú Dramhaíola.

Freagracht Leathnaithe Táirgeora

Baineann Éire úsáid as an tsamhail Freagrachta Leathnaithe Táirgeora le haghaidh déileáil le roinnt sruthanna dramhaíola, agus d’fhorbair sí sé Thionscnamh Freagrachta Táirgeora, atá bunaithe ar an bprionsabal ‘íocadh an táirgeoir’. Is é atá i gceist leis sin ná go bhfuil freagracht ar tháirgeoirí as maoiniú a dhéanamh ar bhailiú dramhaíola agus ar bhainistiú dramhaíola atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de a dhéanamh ar tháirgí a bhfuil a ré caite. Tá spriocanna ag gach ceann de na scéimeanna sin. Is bunaithe ar Threoracha Aontais Eorpaigh atá na Tionscnaimh Freagrachta Táirgeora do Threalamh Dramhaíola Leictreach agus Leictreonach, do Cheallraí agus Taisc-cheallraí, d’Fheithiclí a bhfuil a Ré Caite agus do Phacáistíocht agus tá spriocanna reachtacha Aontais Eorpaigh acu. Is bunaithe ar Rialacháin intíre atá na Tionscnaimh Freagrachta Táirgeora do Bhoinn agus do Phlaistigh Feirme agus tá spriocanna náisiúnta acu.

An Scéim Freagrachta Táirgeora um Boinn a chistiú:

Cistítear an scéim comhlíonta le Costas Bainistíochta Comhshaoil a íocann na táirgeoirí le Circol ELT, a eagraíonn bailiú agus cóireáil na mbonn a bhfuil a ré caite. Tabharfar Costas Bainistíochta Comhshaoil isteach le haghaidh na gcatagóirí uile bonn. Leis sin, rialálfar athchúrsáil na gcatagóirí uile bonn chun a chinntiú go dtabharfar gach ceann díobh i gcuntas agus go mbainisteofar gach ceann díobh ar bhealach inbhuanaithe trí athchúrsáil.

Baintear úsáid as an gCostas Bainistíochta Comhshaoil chun na torthaí comhshaoil inmhianaithe a chinntiú agus cumhdaítear na nithe seo a leanas leis:

  • Táille bailithe
  • Táille iompair
  • Táille athchúrsála/aisghabhála
  • Costais bainistíochta scéime
  • Iniúchóireacht
  • Táille láimhseála miondíola
  • Costais mhargaíochta
  • Costais oideachais/feasachta (faisnéis don phobal agus don tionscal) agus
  • Cúlchiste Teagmhasach