English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Rialtas chun reachtaíocht a thabhairt isteach chun cosc a chur ar thaiscéalaíocht agus eastóscadh nua gáis nádúrtha

Tá faomhadh an Rialtais faighte ag Eamon Ryan TD, Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide le reachtaíocht a thabhairt isteach chun cosc a chur ar cheadúnais i gcomhair taiscéalaíocht agus eastóscadh nua gáis nádúrtha. Cuimseofar an reachtaíocht sa Bhille Leasaithe Gníomhú Aeráide agus Carbóin Ísil a rachaidh faoi bhráid an Oireachtais ar ball.

Le cinneadh an lae inniu, cinnteofar go dtabharfar éifeacht reachtach don ghealltanas sa Chlár Rialtais deireadh a chur le heisiúint ceadúnais nua i gcomhair taiscéalaíocht agus eastóscadh gáis, ar an mbunús céanna leis an gcinneadh in 2019 maidir le taiscéalaíocht agus eastóscadh ola. Thug an tAire éifeacht don ghealltanas seo láithreach, agus ní ghlacann an Roinn le hiarratais nua i gcomhair ceadúnais taiscéalaíochta gáis nádúrtha nó ola agus ní bheidh aon bhabhta ceadúnaithe ann feasta. Leis an reachtaíocht, beidh leasuithe ar an Acht um Fhorbairt Peitriliaim agus Mianraí Eile 1960, an reachtaíocht lena rialaítear údaruithe peitriliaim amach ó chósta na hÉireann.

Arsa an tAire Ryan:

"Is teachtaireacht láidir í in Éirinn agus ar fud na cruinne an cinneadh a rinneamar inniu reachtaíocht a rith chun cosc a chur ar thaiscéalaíocht agus eastóscadh nua ola, go bhfuil Éire ag fágáil breoslaí iontaise i leataobh agus ag dul i dtreo todhchaí in-athnuaite. Má choinnímid breoslaí iontaise sa talamh, spreagfaimid an t-aistriú go dtí fuinneamh in-athnuaite agus muid agu dul i dtreo bheith neodrach o thaobh fuinnimh faoi 2050. Bhí tionchar dearfach ar an toirmeasc ar thaiscéalaíocht ola a fógraíodh cheana ar an líon údaruithe a fágadh i leataobh. Tá mé ag dúil go laghdófar an líon seo a thuilleadh sa tréimhse atá romhainn nuair a chuirtear san áireamh na dúshláin a bhaineann leis an timpeallacht infheistíochta dhomhanda breoslaí iontaise."

Ní rachaidh na leasuithe reachtaíochta i bhfeidhm ar údaruithe reatha, agus beidh iarratais ar údaruithe agus ar ghníomhaíochtaí fós faoi réir measúnuithe teicniúla, airgeadais agus comhshaoil de réir mar is cuí.

CRÍOCH