English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Rialtas chun triail a bhaint as réitigh inbhuanaitheachta ag féile phíolótach cheoil

Táthar ag meas go mbeidh 3,500 duine a théann chuig féilte ag freastal ar an cheathrú ceann i sraith d’imeachtaí píolótacha ealaíne agus cultúrtha, le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Cumarsáide le ceol beo agus cultúr a thabhairt ar ais chuig lucht éisteachta Éireannach an deireadh seachtaine seo. Mar chuid d’athoscailt na hearnála, d’fhostaigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (RCAC) Native Events, (cuideachta le haghaidh réitigh imeachtaí inbhuainaitheachta), le sraith beart a chur i bhfeidhm, a thomhas agus a thuairisciú a fhiosróidh an dóigh le heachtraí a reáchtáil níos inbhuanaithe.

Ar na bearta a mbainfear triail astu beidh na rudaí a leanas:

  • Córas le haghaidh cúpáin in-athúsáidte a fhágfaidh go n-ólfaidh an lucht éisteachta a ndeochanna as cupáin chrua déanta as polapróipiléin d’ardchaighdeán rud atá ina phlaisteach crua an-mharthanach. Tá sé ceaptha go sábhálfaidh an beart seo 15,000 de chupáin aonúsáide ar an meán ó líonadh talún nó dó. Ceannóidh na daoine atá ag freastal ar an ócáid a gcuid deochanna mar is gnách agus tabharfaidh siad ar ais iad chuig na stáisiúin fillte cupán atá tiomnaithe dó sin. Ansin beidh cupáin úra ghlana réidh don chéad chustaiméir eile.
  • I mBinfrastruchtúr Native Events beidh stáisiúin athchúrsála ar fud ionad an imeachta, saincheaptha do riachtanais gach ceantair. Áireofar sna ceantair beáir agus díoltóirí, príomhairéine, bealaí isteach agus cúl an tí don fhoireann léirithe. Déanfaidh stáisiúin athchúrsála gnáthdhramhaíl, athchúrsáil thirim-mheasctha agus rudaí inmhúirínithe a dheighilt agus a bhailiú. I gceantair foirne baileofar gloine agus cairtchlár freisin. Beidh comharthaí soiléire ar na stáisiúin agus beidh siad á mbainistiú ag Bin Buzzers a dhéanfaidh idirghníomhú leis an bpobal nuair atá an dramhaíl á sórtáil. Cinnteoidh na Bin Buzzers go bhfaightear réidh leis an dramhaíl sa channa bruscair cuí le laghdú mór a dhéanamh ar leibhéal na gnáthdhramhaíola.
  • Soláthróidh suiteán gréine as-eangach le ceallra 10.2 kWh cumhachtaithe ag Eagar Gréine 1500w leictreachas do cheann de na ceantair léirithe foirne le linn an imeachta.

Agus é ag caint faoin imeacht dúirt Ossian Smyth, an tAire a bhfuil sainfhreagracht aige do Chumarsáid agus don Gheilleagar Ciorclach in RCAC;

“Is rud an-dearfach é imeachtaí mar seo a fheiceáil ag tarlú a chuirfidh an chuid is fearr d’oirfidigh na hÉireann os comhair an phobail. Tá mé an-sásta go ndéanfaidh an t-imeacht tástáil ar réimse de thionscnaimh lena fhiosrú cad é mar is fédir linn sult a bhaint as imeachtaí faoin spéir ar bhealach slán, inbhuanaithe agus éiceabhách. Is cuí go bhfuil an t-imeacht ag tarlú ar an lá a dtiocfaidh an Treoir um Plaisteach Aonúsáide i bhfeidhm. Léiríonn an Treoir an chéad chéim i dtreo laghdú a dhéanamh ar ár spleáchas ar tháirgí a d’fhéadfadh tionchar uafásach a imirt ar an timpeallacht agus tá roinnt tionscnaimh ann atá in úsáid ag an gceolchoirm le tacú leis sin. Guím gach rath ar an imeacht agus tá súil agam go mbeidh lá sábháilte, taitneamhach saor ó phlaisteach ag na daoine uilig a bhfuil an t-ádh orthu a bheith sa RHK!”

Dúirt Catherine Martin, T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Cumarsáide;

“Tá an-áthas orm go mbeidh san imeacht píolótach seo tionscnamh comhshaoil a laghdóidh an tionchar a bheidh ag an bhféile ar an timpeallacht. Creidim go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanaimid athchúrsáil chomh héasca agus chomh hinrochtana agus is féidir do gach duine agus go laghdaímid an méid plaistigh aonúsáide atá in úsáid. Tá sé fíorthábhachtach go bhforbraímid inbhuanaitheacht i ngach gné dár sochaí i ndiaidh na paindéime agus tá an Rialtas tiomanta tacú leis sin.”

Táimid ag moladh do dhaoine atá ag teacht chuig an imeacht agus ar an bhfoireann taisteal go hinbhuanaithe chuig an imeacht ar rothar, ar bhusanna 13, 145, 25A, 25B, 39A, 40, 79A, LUAS (Líne Dhearg) nó ar sheirbhísí traenach.

Ag teacht leis an Treoir um Plaisteach Aonúsáide, tá cosc ar na hearraí aonúsáide seo a leanas ag an imeacht:

  • Soip Phlaisteacha
  • Meascthóirí Plaisteacha
  • Saicíní/Blastáin Aonúsáide
  • Coimeadáin pholaistiréine aonúsáide do bhia agus deoch
  • Cupáin chaife neamh-inmhúirínithe
  • Cupáin Phlaisteacha Aonúsáide

Dúirt Megan Best, POF Native Events;

“Tá an-áthas orainn a bheith ag obair ar an bhféile phíolótach seo le tacaíocht ón Rialtas. Is é an chéad imeacht mórscála taobh amuigh é le beagnach dhá bhliain agus mar sin de leagfaidh sé síos an dóigh a bhfuilimid féin i dtionscal na n-imeachtaí ag brath bogadh chun tosaigh. Táimid buíoch de MCD as an dianobair a rinne siad leis seo a dhéanamh ina imeacht sábháilte do gach duine, agus as inbhuanaitheacht a bheith acu mar chuid de. Is é is inbhuanaitheacht ann sábháilteacht an phobail ar scála domhanda”.

CRÍOCH


Nótaí chuig an Eagarthóir

Faoi na bearta Píolótacha

Tá pleananna uaillmhianacha ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide deireadh a chur le húsáid earraí plaisteacha aonúsáide nó í a laghdú. Táimid ag tástáil an uisce ag imeachtaí mar seo lena fháil amach cad é an dóigh a ndéileálann an pobal agus an tionsclaíocht le cuid de na tionscnaimh seo ina gcleachtas agus as sin foghlaimeoimid rudaí tábhachtacha dár n-obair leanúnach. Is í ceolchoirm an lae inniu an chéad cheann i sraith imeachtaí ina bhfuilimid ag súil le bearta inbhuanaitheachta a thriail, freagairt an phobail a mheas do bhearta leis an spleáchas ar earraí plaisteacha aonúsáide a laghdú, feasacht a chothú, agus a chinntiú gur rudaí iad plaisteacha aonúsáide atá fágtha inár ndiaidh.

Faoi Native Events

Bunaíodh Native Events in 2017 mar fheagra ar an easpa réitigh inbhuanaitheachta a bhí ar fáil d’earnáil na n-imeachtaí agus an chultúir in Éirinn. De réir mar a chruinníonn an ghluaiseacht timpeallachta neart, oibríonn Native events le pobal comhpháirtithe san earnáil atá ag méadú lena n-áirítear eagraíochtaí imeachtaí, féilte agus cultúrtha ach freisin le gréasán níos leithne de sholáthraithe tionscail, rud a chinnteoidh athrú córais-leathan go hinbhuanaitheacht, geilleagar ciorclach agus athghiniúint.

Ag ADE Green in Amstardam in 2019, rinneadh comhshínitheoir de Native Events leis an gcomhpháirtí fadtéarmach inbhuanaitheachta Body&Soul, don Mhargadh Glas d’Fhéilte Ciorclacha. Is tionscnamh é seo de chuid Aireacht Infreastruchtúir agus Comhshaoil na hÍsiltíre, le 16 fhéile cheannródaíocha idirnáisiúnta eile, atá ag iarraidh a bheith ciorclach faoi 2025. Bíonn Native Events ag iarraidh córais nua a chruthú i gcomhar le féilte a ghlacann páirt trí eolas a roinnt agus réitigh chiorclacha a fhorbairt don tionscal idirnáisiúnta.

Faoi Phlaistigh Aon-Úsáide

Is féidir an ceangal grá atá againn le táirgí de phlaisteach aonúsáide (PAÚ) a rianú siar go dtí an t-am a rabhamar ag bogadh le bheith inár sochaí ‘i gcónaí ag bogadh’. Bhainfeadh na huimhreacha stangadh asat - 22,000 cupán caife indiúscartha díolta gach uair an chloig, ceannaíonn níos mó ná 60% de dhaoine a lón agus iad ‘i gcónaí ag bogadh’ agus ceithre earra phacáistithe ar an meán le gach lón. Ba mhillteanach an tionchar diúltach ar ár dtimpeallacht agus aithníodh ar fud an domhain le tamall de bhlianta gur gá ár gcomh-mheon a athrú maidir le Plaistigh Aonúsáide. Tá sé d’aidhm ag an Treoir um Plaistigh Aonúsáide, atá ag teacht i bhfeidhm inniu (3 Iúil), déileáil leis na hearraí atá mar 70% den bhruscar muirí a fhaightear ar thránna na hEorpa agus sa timpeallacht uisceach mhuirí.

Tá Éire ag iarraidh a bheith mar cheannaire sa nuálaíocht sa réimse seo le dreasachtaí soiléire polasaí. Inár bPlean Gníomhaíochta Dramhaíola le hAghaidh Geilleagar Ciorclach táimid tiomanta laghdú suntasach a dhéanamh ar an méid cupáin agus coimeadáin bhia PAÚ atá in úsáid againn agus déanfaimid iniúchadh ar mheicníochtaí le go mbeimid in ann cosc a chur ar réimse d’earraí PAÚ amhail ceirtíní taise agus saicíní plaisteacha ina bhfuil earraí níocháin agus tarsainn bhia.

Faoin nGeilleagar Ciorclach

Tá sé de sprioc ag Geilleagar Ciorclach luach na dtáirgí, na n-nábhar agus na n-áiseanna a chaomhnú chomh fada agus is féidir trína gcur isteach sa chiorcal táirge ag deireadh a n-úsáide, agus san am céanna an méid dramhaíola a ghintear a íoslaghdú. Dá laghad táirgí dá gcaithfimid uainn, dá laghad ábhar dá n-úscaimid, is amhlaidh is fearr dár dtimpeallacht.

Tá an Rialtas chun reachtaíocht nua a dhréachtú le geilleagar ciorclach a chur i bhfeidhm, ina mbeidh athrú ó bhonn ar tháirgeadh agus tomhaltas, ag cur teorainn le táirgí aonúsáide agus ag díriú go daingean ar chaitheamh agus dumpáil bruscair, i measc bearta eile. Leis an mBille cuirfear i bhfeidhm mórán de na gníomhartha i bPlean Gníomhaíochta Dramhaíola le hAghaidh Geilleagar Ciorclach an Rialtais, agus sa Straitéis Um Gheilleagar Ciorclach atá ag teacht aníos, agus cuirfear an straitéis sin ar bhonnn reachtúil.

Ar fud na hEorpa, tá tíortha ag glacadh chucu cleachtais a bhaineann le geilleagar ciorclach, agus tá an tAontas Eorpach ag cloí lena straitéis ‘Margadh Glas na hEorpa’ a bhfuil an geilleagar ciorclach ina chroílár. I mí an Mhárta 2020, sheol an AE a dhara Plean Gníomhaíochta le hAghaidh Geilleagar Ciorclach. Ar bhonn náisiúnta, tá Éire ag cur i gcrích na Chéad Straitéise Uile-Rialtais um Gheilleagar Ciorclach aici d’fhonn a chinntiú go mbeidh comhleanúnachas polasaí ann ar fud na hearnála poiblí agus d’fhonn achoimre a dhéanamh ar chur chuige ginearálta an Rialtais faoin ngeilleagar ciorclach do pháirtithe leasmhara agus don phobal.

Faoin Fhéile Phíolótach:

Beidh an chéad fhéile cheoil in Éirinn le beagnach 16 mhí le spás do 3,500 á hóstáil ag IMMA ag Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann, i gcomhar le MCD Productions Dé Sathairn 3ú Iúil 2021. Léireoidh MCD an t-imeacht i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Cumarsáide, Oifig na nOibreacha Poiblí agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Dhearbhaigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Cumarsáide Catherine Martin TD go mbeidh san imeacht piolótach cuid de na ceoltóirí is fearr sa tír lena n-áirítear Gavin James, Lyra, Denise Chaila, Wild Youth, Sharon Shannon & Wyvern Lingo agus iad ag cur i láthair seiteanna iomlána. Déanfaidh The 2 Johnnies an seó a óstáil.

Osclófar na geataí ag 1500 an chloig leis na chéad cheoltóirí ar an ardán ag 1530 an chloig. D’fhéadfadh athrú teacht ar na hamanna sin. Ní mór do dhaoine a bheith os cionn 18 agus CA a bheith acu.

TABHAIR DO D’AIRE: Ní bheidh cead isteach ag daoine chuig an imeacht seo gan mearthástáil antaigine. Beidh speisialtóirí sláinte i mbun na dtástálacha antaigine roimh an imeacht. Le tuilleadh sonraí a fháil gabh chuig [nasc seachtrach https://www.gov.ie/en/publication/782f7-faqs-for-the-immarhk-music-festival-on-july-3rd/ | https://www.gov.ie/en/publication/782f7-faqs-for-the-immarhk-music-festival-on-july-3rd/ ]

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag:

Native Events: [nasc seachtrach www.nativeevents.ie | www.nativeevents.ie ]

Féile Phíolótach MCD: [nasc seachtrach https://mcd.ie/artists/a-pilot-festival/ | https://mcd.ie/artists/a-pilot-festival/ ]

Ma tá fiosrúchán agat, déan teagmháil le:

Áine Hughes - [r-phost aine@nativeevents.ie ]

Preasoifig RCAC – [r-phostpress.office@decc.gov.ie ]

RTCEGCSC - [r-phost Press.Office@tcagsm.gov.ie ]

Feicfidh tú íomhánna iniata le haghaidh úsáidte agus creidmheasa @nativeevents_ nó Native Events