An t-eolas is deireanaí ar sholáthar an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda - Eanáir 2023
- Foilsithe: 25 Eanáir 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Na buaicphointí faoin gclár sa bhliain 2022
Príomhéachtaí
Bhí breis agus 27,600 áitreabh ar fud na tíre nasctha le leathanbhanda ardluais faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda faoi dheireadh na bliana seo caite.
De bhreis air sin, chomhlíon Leathanbhanda Náisiúnta Éireann an sprioc a bhí aige go mbeadh breis agus 100,000 áitreabh in-nasctha faoi dheireadh an tríú bliain dá chonradh (deireadh mhí Eanáir 2023), agus breis agus 109,000 áitreabh in-nasctha ann faoi dheireadh na bliana 2022
Ar fud na bliana, bhí an tAire Stáit Ossian Smyth, an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus Leathanbhanda Náisiúnta Éireann ag tabhairt cuairt ar na saoránaigh, na gnólachtaí agus na pobail a bhí ag baint tairbhe as an líonra ardluais nua ar fud na tíre, lena n-áirítear i gCiarraí, i gCeatharlach agus ag Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta na bliana.
Sa bhliain 2022, **d’fhoilsigh an roinn an Tuarascáil ar Thairbhí uaithi freisin, rud ina leagtar amach an tionchar dearfach a bhíonn ag seirbhísí leathanbhanda iontaofa ar fhorbairt chothromasach gheilleagrach agus shóisialta in Éirinn. Léiríodh sa tuarascáil freisin go bhfuil Éire ag feidhmiú go láidir laistigh den Aontas Eorpach cheana féin, agus 58% de theaghlaigh na hÉireann in ann luas leathanbhanda atá cothrom le 1 Ghigighiotán nó níos mó a rochtain; figiúr is mó ná meán AE27, atá cothrom le 51%.
An tEolas is Deireanaí ar Chur i bhFeidhm Leathanbhanda Náisiúnta Éireann
- Cáblú Snáithín: tá 17,297 km de chábla snáithín suiteáilte ag Leathanbhanda Náisiúnta Éireann ar fud na tíre
- Oibreacha Sibhialta: tá 53,500 Cuaille uasghrádaithe ag Openeir nó suiteáilte ag Leathanbhanda Náisiúnta Éireann
- Oibreacha Tógála: tá 135,296 Áitreabh ag dul faoin bPríomhthógáil Snáithín
- Áitribh In-nasctha: tá 109,267 nÁitreabh in-nasctha anois ag Líonra Leathanbhanda Náisiúnta Éireann ar fud 26 Chontae
- Naisc: tá 27,682 Nasc curtha i gcrích ag Líonra Leathanbhanda Náisiúnta Éireann ar fud 26 Chontae
- Tá 117,930 Áitreabh ar fáil lena réamhordú/lena n-ordú
Foinsíodh na sonraí uile ó Leathanbhanda Náisiúnta Éireann, mar a bhí an scéal ag an 31 Nollaig 2022. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar shuíomh gréasáin Leathanbhanda Náisiúnta Éireann. Is féidir faisnéis faoi na staitisticí Príomhtháscaire reatha a fháil ar shuíomh gréasáin Leathanbhanda Náisiúnta Éireann.
Ceisteanna leathanbhanda
Seasann an limistéar Gorm ar léarscáil an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda do limistéir atá cumhdaithe cheana féin ag oibritheoirí tráchtála a sholáthraíonn seirbhísí leathanbhanda ardluais. Ní thagann na limistéir sin faoi Limistéar Idirghabhála Stáit an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.
Aon tomhaltóir sa limistéar Gorm a bhíonn ag teacht ar dheacrachtaí i ndáil le leathanbhanda ardluais a fháil, rud atá sainmhínithe mar íosluas íoslódála 30 Mbps agus mar íosluas uaslódála 6 Mbps, ba cheart dó/di teagmháil a dhéanamh lena s(h)oláthraí seirbhíse leathanbhanda chun an tsaincheist a imscrúdú agus chun a fháil amach cén fáth a bhfuil na luasanna leathanbhanda mall nó cén fáth nach féidir an tseirbhís sin a sholáthar.
Teagmháil a dhéanamh le Leathanbhanda Náisiúnta Éireann
Seoladh ríomhphoist ginearálta - contactus@nbi.ie
Seoladh ríomhphoist le haghaidh ionadaithe tofa - reps@nbi.ie
Thar an teileafón: 0818 624 624
Teagmháil a dhéanamh leis an Roinn
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Roinn trínár bhfoirm ceiste don tseirbhís do chustaiméirí.
An Plean Náisiúnta Leathanbhanda
Tá an idirghabháil atá faoi stiúir an Stáit faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda á déanamh ag Leathanbhanda Náisiúnta Éireann faoi chonradh chun líonra leathanbhanda ardluais a sheasfaidh an aimsir a chur i bhfeidhm laistigh den limistéar idirghabhála, rud ina gcumhdaítear 1.1 milliún duine a chónaíonn nó a oibríonn i mbreis agus 560,000 áitreabh. Áirítear leo sin 100,000 ceann, beagnach, de ghnólachtaí agus d’fheirmeacha agus thart ar 679 scoil.
Tá an próiseas chun snáithín a sholáthar do gach teach sa Limistéar Idirghabhála ag bailiú nirt agus, sa bhliain 2023, leanfaidh Leathanbhanda Náisiúnta Éireann le tithe agus gnólachtaí a nascadh leis an líonra ardluais nua, agus rochtain á tabhairt dóibh ar bhonneagar leathanbhanda den chéad scoth.
Tagann an Plean Náisiúnta Leathanbhanda faoi shainchúram na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.