Aontaíonn an Rialtas le hoibleagáid ar an earnáil teasa a thabhairt isteach faoin mbliain 2024
- Foilsithe: 3 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 17 Samhain 2022
Tabharfaidh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, oibleagáid ar an earnáil teasa isteach faoin mbliain 2024 chun teas inathnuaite a chur ar áireamh.
B'ionann agus 6.8% sciar fuinnimh inathnuaite na hÉireann san earnáil teasa anuraidh. Ba é 22% meán an Aontais Eorpaigh. Cé go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh, agus méadú atá cothrom le leathphointe céatadáin ann i gcomparáid leis an mbliain roimhe, teastaíonn gníomhaíocht shuntasach chun ár n-earnáil fuinnimh a bhunathrú ina córas atá ar mhórán foinsí inathnuaite agus ar bheagán carbóin agus muid ar an gconair chuig aeráidneodracht a bhaint amach faoin mbliain 2050.
Cuireadh chun feidhme cheana féin roinnt de bhearta beartais a bhfuil mar aidhm leo an earnáil teasa a dhícharbónú. Athraíodh rialacháin tógála chun dáta agus is ó fhoinsí inathnuaite anois a thagann sciar den éileamh fuinnimh i bhfoirgnimh nua. Maidir leis an soláthar dreasachtaí, amhail na scéimeanna uasghrádaithe éifeachtúlachta fuinnimh cónaithe agus pobail de chuid Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI), tacaíonn sé le húsáideoirí teasa baile cur le héifeachtúlacht fuinnimh sholáthar tithíochta na hÉireann. De bhreis air sin, tairgtear leis an Scéim Tacaíochta le haghaidh Teas Inathnuaite tacaí le haghaidh córais teasa inathnuaite a bheith á nglacadh ag úsáideoirí teasa neamhbhaile.
Ar aon dul leis an gcomhaontú ar thángthas air le déanaí maidir le hUasteorainneacha Astaíochtaí Earnála go soláthrófaí suas le 5.7 TWh de bhithmheatán chun dlús a chur leis na hastaíochtaí foriomlána ar fud an gheilleagair a laghdú, d’aontaigh an rialtas le hoibleagáid ar an earnáil teasa a thabhairt isteach chun teas inathnuaite a chur ar áireamh faoin mbliain 2024. Leis an oibleagáid, tabharfar tuilleadh dreasachta do sholáthraithe gach cineáil breosla san earnáil teasa a chinntiú gurb inathnuaite a bheidh cion áirithe den fhuinneamh arna sholáthar.
Ní mór inbhuanaitheacht a choinneáil mar phríomhbhreithniúchán de réir mar a fhéachann Éire leis an dóigh a bhfoinsímid ár bhfuinneamh a athrú. Le linn beartais a dhearadh, díreofar ar an ngá le tionchair dhiúltacha ar an mbithéagsúlacht, an úsáid talún agus an tslándáil bia a sheachaint.
Déanfaidh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide cleachtadh scóipe anois chun roghanna a fhorbairt le haghaidh struchtúr beartaithe na scéime. Áireofar leis an bpróiseas sin scrúdú a dhéanamh ar na rátaí oibleagáide beartaithe, ar an inscálaitheacht agus ar na costais don tomhaltóir. Tá sé beartaithe go ngabhfar comhairliúchán teicniúil de láimh ansin sa chéad ráithe den bhliain 2023 chun eolas díreach a dhéanamh do dhearadh deiridh na scéime.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
An Staidéar Náisiúnta Teasa
Is é atá sa Staidéar Náisiúnta Teasa ar fhoilsigh Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann é i mí Feabhra 2022 ná anailís chuimsitheach ar na roghanna le haghaidh aeráidneodracht ón earnáil teasa a bhaint amach faoin mbliain 2050, agus cuimsítear ann anailís mhionsonraithe a chabhróidh anois le roghanna, beartais agus bearta a fhorbairt chun an earnáil teasa agus an earnáil fuaraithe a dhícharbónú faoin mbliain 2050.
Cuimsítear sa staidéar sraith tuarascálacha teicniúla ina ndéantar anailís ar an úsáid teasa agus an soláthar teasa ar fud na n-earnálacha uile. Iniúchtar ann na conairí féideartha le haghaidh úsáid fuinnimh teasa a dhícharbónú. Tugtar léargais nua sa staidéar agus moltar ann gníomhartha ba cheart a dhéanamh chun na méaduithe in astaíochtaí ón earnáil seo a iompú droim ar ais.
Sa scrúdú uaidh ar Gháis Ísealcharbóin le haghaidh Teasa, cuirtear i láthair sa Staidéar Náisiúnta Teasa faisnéis faoi úsáid gáis in Éirinn sa lá atá inniu ann agus faoi conas a fhéadfaidh gáis ísealcharbóin freastal ar an éileamh sin sa todhchaí. Meastar sa staidéar na costais a bhaineann le modhanna éagsúla táirgthe hidrigine agus bithmheatáin, agus pléitear ann roinnt conairí féideartha le haghaidh na n-athruithe a d’fhéadfadh teacht ar na líonraí tarchuir agus dáileacháin gáis thar na blianta go dtí an bhliain 2050.
Is mar a leanas atá roinnt príomhléargas ón Staidéar Náisiúnta Teasa:
- bíonn ag méadú ar na hastaíochtaí CO2 a bhaineann le teas
- tá sé mar aidhm ag Éirinn astaíochtaí ar fud an gheilleagair a laghdú faoi 51% ó leibhéil na bliana 2018 faoin mbliain 2030. Ní dóigh go soláthróidh na bearta reatha atá sa Phlean Gnímh don Aeráid go leor laghduithe CO2 a bhaineann le teas chun cion comhréireach a bhaint amach
- má athraítear tacaí beartais atá ann cheana chun go ndíreoidh siad ar dheireadh a chur le breoslaí iontaise a úsáid i bhfoirgnimh, is féidir go mbeidh tionchar níos suntasaí agus níos láithrí ann ar astaíochtaí a laghdú ná mar atá ag cur chuige atá dírithe ar an gcreatlach
- teastaíonn rialachas inbhuanaitheachta atá cuí ar an leibhéal náisiúnta chun astaíochtaí réamhtheachtacha a íoslaghdú, chun ailíniú le spriocanna geilleagair chiorclaigh agus bithgheilleagair, agus chun a chinntiú nach méadófar astaíochtaí in earnálacha nach earnálacha fuinnimh iad
- baineann conairí aeráidneodrachta a bhfuil na hastaíochtaí carnacha is ísle acu úsáid as níos mó teicneolaíochtaí téimh leictrigh. Tá níos mó astaíochtaí carnacha ag cásanna atá dírithe ar eangach gáis hidrigine
- teastaíonn amchlár le haghaidh breoslaí iontaise i ngach earnáil a luaithe is féidir chun aeráidneodracht a bhaint amach faoin mbliain 2050
- maidir leis an bhfáil ar bhithmheatán inbhuanaithe, tá baint aici le roghanna úsáide talún agus teastaíonn táirgiúlacht mhéadaithe san earnáil talmhaíochta ina leith. Is féidir leis a bheith ina rogha iomaíoch má chomhroinntear na costais agus na tairbhí i measc úsáideoirí uile na heangaí gáis nó má úsáidtear é lasmuigh den eangach chun ola a dhíláithriú
Príomhghníomhartha
Is féidir na gníomhartha ón Staidéar Náisiúnta Teasa a iniúchadh ina dtrí chatagóir, mar atá: gníomhartha is féidir a dhéanamh láithreach; conairí teicneolaíochta a dteastaíonn cinntí ina leith láithreach; agus gníomhaíocht atá le himscrúdú tuilleadh chun tacú leis an gcéad chéim eile d’obair bheartais.
Mar gheall ar an éileamh nua ar bhreoslaí iontaise, géaraítear ar an dúshlán arb é atá ann astaíochtaí a laghdú faoi 51%. Nascadh thart ar 3950 GWh den éileamh nua ar ghás idir an bhliain 2017 agus an bhliain 2021 (thart ar 45,000 nasc), agus 843 GWh (6,200 nasc) ann sa bhliain 2021 ina haonar. Is é SEAI a sholáthair na sonraí sin.
Ar na gníomhartha a sainaithníodh sa Staidéar Teasa agus is féidir a dhéanamh láithreach chun rannchuidiú lenár spriocanna dícharbónaithe a bhaint amach tá forbairt a dhéanamh ar chreataí beartais lena gcumasófar na costais agus na tairbhí a bhaineann le gáis inathnuaite agus le gáis ísealcharbóin a chomhroinnt i measc na gcustaiméirí gáis uile agus lena gcuirfear ar chumas úsáideoirí teasa nach bhfuil ceangailte leis an eangach agus a úsáideann breoslaí iontaise atá ar chostas níos airde agus atá ar mhórán carbóin chun bithmheatán a rochtain lasmuigh den eangach.
Gníomhaíocht comhairliúcháin roimhe
Seoladh comhairliúchán poiblí sa bhliain 2021 chun tuairimí a fháil ó pháirtithe leasmhara ar an bhféidearthacht a bhaineann le hOibleagáid Teasa Inathnuaite nua a thabhairt isteach. Iarradh ar fhreagraithe breithniú a dhéanamh ar shraith ceisteanna faoi phríomhréimsí chun eolas a dhéanamh don chinneadh ar cé acu ba cheart nó nár cheart oibleagáid a thabhairt isteach agus ar conas ba cheart í a chur chun feidhme in Éirinn sna blianta atá le teacht.
Fuarthas 50 aighneacht san iomlán chuig an gcomhairliúchán ó raon leathan geallsealbhóirí, lenar áiríodh daoine den phobal agus grúpaí tionscail.
Tríd is tríd, bhí an t-aiseolas a fuarthas ag teacht leis na seasaimh a leagadh amach sa doiciméad comhairliúcháin, agus 76% de na freagraithe ag comhaontú gur cheart Oibleagáid Teasa Inathnuaite a thabhairt isteach. Chomh maith leis sin, d’iarr freagraithe go gcuirfí an oibleagáid chun feidhme i gcomhthráth le straitéisí agus tionscnaimh reatha de chuid an rialtais, agus béim á leagan ar an ngá le leibhéal suntasach aibíochta margaidh a bheith ann chun tacú le cur chun feidhme rathúil na scéime.
Is féidir mionsonraí iomlána faoin gcomhairliúchán agus faoi na haighneachtaí a fuarthas a léamh ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Breithniúcháin inbhuanaitheachta
Agus an fuinneamh arna sholáthar faoi Oibleagáid Teasa Inathnuaite á bhreithniú, ba cheart a thabhairt ar aird nach mór na breoslaí uile arna soláthar a bheith ag teacht ó fhoinsí atá deimhnithe agus a chomhlíonann na critéir inbhuanaitheachta atá leagtha amach sa Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite. Bheifí ag súil leis go mbeadh sé níos fusa d’fhuinneamh inathnuaite a tháirgtear go dúchasach na critéir inbhuanaitheachta iomchuí a chomhlíonadh ná mar a bheadh sé do bhreoslaí allmhairithe de bharr na n-astaíochtaí níos ísle atá bainteach lena iompar.
Sa Staidéar Náisiúnta Teasa, cuireadh spásanailís fhairsing i gcrích chun an fháil ar acmhainní bithfhuinnimh in Éirinn agus na costais táirgthe a bhaineann leo a mheas. Leagadh béim sa staidéar go bhféadfaí acmhainní suntasacha a bhaint amach trí bharra fuinnimh, amhail féar, a shaothrú lena n-úsáid i nDíleá Anaeróbach agus trí bharra buana fuinnimh a shaothrú lena n-úsáid i dteicneolaíochtaí dócháin agus i dteicneolaíochtaí teirmiceimiceacha táirgthe fuinnimh. Tugadh le fios sa staidéar gurb é atá i mbithmheatán ná conair iomaíoch chost-éifeachtúil i dtreo ár n-uaillmhianta aeráide a bhaint amach.
Údar mór imní is ea inbhuanaitheacht nuair atáthar ag breithniú na slí a ndéantar fuinneamh inathnuaite a tháirgeadh agus a sholáthar, go háirithe fuinneamh inathnuaite ó acmhainní bithghineacha. Nuair atáthar ag athrú na slí a bhfoinsítear fuinneamh, tá sé ríthábhachtach nach gcruthófaí tionchar diúltach ar bhithéagsúlacht, úsáid talún agus slándáil bia na hÉireann. Maidir le haon chleachtas a bhfuil mar aidhm leis táirgiúlacht na mbarr fuinnimh a mhéadú, ní mór aird a thabhairt ann ar an leibhéal is féidir a tháirgeadh ó bheostoic inbhuanaithe dhúchasacha agus ar an ngá lena chinntiú nach méadófaí astaíochtaí in earnálacha nach earnálacha fuinnimh iad.