Bunaíonn baill de Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh agus an Ríocht Aontaithe comhaontú comhair nua chun imscaradh fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta a mhéadú
- Foilsithe: 19 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 21 Nollaig 2022
Ag searmanas a d’óstáil Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, sa Bhruiséil aréir (Dé Domhnaigh), chomhaontaigh na baill de Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh agus an Ríocht Aontaithe Meabhrán Tuisceana nua lena méadófar comhar ar son fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta a fhorbairt.
Ceann amháin de na príomhthosaíochtaí a bhí ag an Aire Ryan le linn Chomh-Uachtaránacht na hÉireann ar an gComhar Fuinnimh sa bhliain 2022 ba ea an comhaontú sin a thabhairt chun críche. Is é an toradh a bheidh air go mbeidh comhar méadaithe ann amach anseo idir an Ríocht Aontaithe agus na hocht mballstát reatha den Chomhar Fuinnimh agus an Coimisiún Eorpach, rud a neartóidh slándáil fuinnimh na hÉireann, na hEorpa agus na Ríochta Aontaithe sa todhchaí. Rinne Graham Stuart MP, an tAire Stáit um Fhuinneamh agus Aeráid, an comhaontú a shíniú thar ceann na Ríochta Aontaithe.
Ag cruinniú Airí Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh i mBaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair, chomhaontaigh na hocht dtír den Chomhar Fuinnimh féachaint le 260 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta ar a laghad a bhaint amach faoin mbliain 2050, rud a bheadh cothrom le níos mó ná 85% den uaillmhian atá ag an Aontas Eorpach ar fad 300 GW ar a laghad a bhaint amach faoin mbliain 2050.
Aithnítear sa Mheabhrán Tuisceana nua seo an ról tábhachtach a bheidh ag fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta maidir le spriocanna aeráide agus spriocanna fuinnimh ghlain a bhaint amach agus an gá atá ann le hobair i gcomhar chun a n-imscaradh amach anseo a luathú. Tá sé mar aidhm leis an gcomhaontú comhair pleanáil agus forbairt tionscadal sonrach fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta a éascú, lena n-áirítear eangacha amach ón gcósta.
Agus é ag cur fáilte roimh an gcomhaontú, dúirt an tAire Ryan:
"Cuirim fáilte roimh chomhaontú suntasach an lae inniu, rud a raibh rún daingean agam agus ag foireann na hÉireann é a bhaint amach faoi Chomh-Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh agus lena gcuirtear le móiminteam an chruinnithe a tionóladh i mBaile Átha Cliath agus leis an gcomhaontú ríthábhachtach ar thángthas air lena linn. Maidir le hacmhainneacht na gaoithe amach ón gcósta a bhaint amach, is é an rogha is fearr ná obair mar aonad amháin agus trasna teorainneacha agus spriocanna comhaontaithe a leagan síos agus obair i gcomhar lena chéile ansin chun iad a bhaint amach.
"Trí obair mar Eoraip aontaithe, is féidir linn a chinntiú go mbíonn fuinneamh againn áit éigin i gcónaí. Is féidir leis an bhfuinneamh sin teacht ó acmhainneacht ollmhór an Atlantaigh Thuaidh agus na Mara Thuaidh nuair a bhíonn an aimsir gaofar, ón Deisceart nuair a bhíonn an aimsir grianmhar, nó ó hidreathoilleadh na nAlp i lár na mór-roinne. Tríd an gcomhar sin, agus trí fhuinneamh a chomhroinnt agus trína chinntiú go mbíonn fuinneamh á tháirgeadh againn áit éigin i gcónaí, is féidir linn a bheith ag tnúth, le cinnteacht, le laghdú a dhéanamh ar ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe costasacha agus le fuinneamh dúchasach slán inacmhainne a sholáthar do theaghlaigh agus gnólachtaí san Eoraip."
Is iad seo na daoine a shínigh an Meabhrán Tuisceana: an tAire Eamon Ryan (Éire); an Coimisinéir Kadri Simson (an Coimisiún Eorpach); an tAire Graham Stuart (an Ríocht Aontaithe); an tAire Tinne Van der Straeten (an Bheilg); an tAire Lars Aagaard (an Danmhairg); Laurent Michel, Ard-Stiúrthóir (an Fhrainc); Sven Giegold, Rúnaí Stáit (an Ghearmáin); an tAire Claude Turmes (Lucsamburg); an tAire Rob Jetten (an Ísiltír); agus an tAire Ebbe Busch (an tSualainn).
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Comhar Fuinnimh na Mara Thuaidh
Is é atá i gComhar Fuinnimh na Mara Thuaidh ná creat réigiúnach um chomhar neamhcheangailteach deonach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Is é an aidhm atá leis forbairt fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta a chur ar aghaidh i limistéar geografach na Mara Thuaidh, lena n-áirítear Muir Éireann agus an Mhuir Cheilteach. Tá Comhar Fuinnimh na Mara Thuaidh bunaithe ar dhearbhú polaitiúil a glacadh sa bhliain 2016. Is iad na baill den Chomhar Fuinnimh ná an Bheilg, an Danmhairg, an Fhrainc, an Ghearmáin, Éire, Lucsamburg, an Ísiltír, an Iorua, an tSualainn agus an Coimisiún Eorpach.
Sa dearbhú polaitiúil a glacadh sa bhliain 2016 agus lenar bunaíodh an grúpa, leagtar béim ar a thábhachtaí atá comhar deonach maidir le soláthar fuinnimh atá inbhuanaithe, slán agus inacmhainne a áirithiú do thíortha na Mara Thuaidh. Síníodh dearbhú polaitiúil nuashonraithe i mí na Nollag 2021 chun an uaillmhian mhéadaithe aeráide atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip a léiriú.
Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh sa bhliain 2022
Sealbhaíonn an Coimisiún Eorpach Comh-Uachtaránacht ar Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh ar bhonn buan. Comhroinneann sé an ról le ballstát amháin den Chomhar Fuinnimh ar feadh tréimhse 12 mhí ar bhonn uainíochta. Tá an ról Comh-Uachtaránachta sin á shealbhú ag Éirinn sa bhliain 2022. Glacfaidh an Ísiltír an ról sa bhliain 2023.
Ag gníomhú di sa ról sin, d’fhéach Éire leis na nithe seo a leanas a chur chun cinn:
- caidreamh dearfach amach anseo idir Comhar Fuinnimh na Mara Thuaidh agus an Ríocht Aontaithe a chur ar bhonn foirmiúil
- spriocanna uaillmhianacha fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta don bhliain 2050 a bhunú do Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh ar fad
- comhar a fheabhsú idir na tíortha de Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh, lena n-áirítear comhar i ndáil le heangacha amach ón gcósta a fhorbairt agus i ndáil le Pleanáil Spásúil Mhuirí
- socruithe margaidh a bhunú chun forbairt tionscadal hibrideach fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta a spreagadh, ar tionscadail iad a chuimsíonn meascán de ghiniúint amach ón gcósta agus d’idirnasc