Caighdeáin Bhunlíne Chibearshlándála foilsithe chun cibear-athléimneacht a fhorbairt ar fud na gComhlachtaí Seirbhíse Poiblí go léir
- Foilsithe: 30 Samhain 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu, d’fhoilsigh an tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Ossian Smyth TD, Caighdeáin Bhonnlíne Chibearshlándála agus treoirlínte forfheidhmithe gaolmhara lena n-úsáid ag Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí.
Bhí foilsiú Caighdeán Bonnlíne ar cheann de na príomhbhearta a sainaithníodh sa Straitéis Náisiúnta um Chibearshlándáil 2019-2024. Luadh sa Straitéis go gceapfadh an NCSC (an tIonad Náisiúnta Cibearshlándála) Caighdeáin Bhonnlíne faoi Bheart 8 i gcomhar leis an OGCIO (Oifig Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais).
Is é príomhchuspóir na gCaighdeán Bunlíne Cibearshlándála ná feabhas a chur ar athléimneacht agus slándáil bhonneagar agus chórais theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC) i gComhlachtaí Seirbhíse Poiblí.
Ag labhairt inniu, dúirt an t-Aire Smyth:
"Le foilsiú na gCaighdeán Bunlíne Cibearshlándála cinnteofar go mbeidh comhthuiscint ann ar Chaighdeáin Chibearshlándála ar fud Chomhlachtaí Seirbhíse Poiblí. Is creat leathan iad na caighdeáin do shraith beart gur féidir athbhreithniú a dhéanamh orthu le himeacht ama.
"Leis na caighdeáin sin, leantar cur chuige iomlánaíoch agus cuimsitheach maidir le saincheisteanna cibearshlándála. Cuideoidh siad go héifeachtach le dul i ngleic le dúshláin chibearshlándála. Cuirfidh siad feabhas ar athléimneacht agus ar chibearshlándáil ár gComhlachtaí Seirbhíse Poiblí."
Cuireann Caighdeáin Bhunlíne na Cibearshlándála sraith shoiléir de bheartais agus nósanna imeachta slándála ar fáil, chun tacú le dea-bhainistiú rioscaí cibearshlándála, agus chun cuspóirí gnó a léiriú ag an am céanna. Tá siad ag teacht le caighdeáin idirnáisiúnta agus áirítear leo bearta agus rialuithe maidir le hoiliúint foirne, aitheantas agus bainistiú rochtana.
Beidh úsáid phraiticiúil na gcaighdeán, trí dhoiciméadacht agus trí thaifeadadh, ina ghné ríthábhachtach chun aibíocht chibearshlándála gach eagraíochta a fhorbairt agus a athbhreithniú. Déanfar é sin, agus béim á leagan ar na cúig phríomhfheidhm a sainaithníodh sna Caighdeáin Bhunlíne: Aithint; Cosaint; Brath; Freagair; agus Aisghabháil. Forbróidh an próiseas seo tuiscint aibí ar na rioscaí slándála ar fud na n-eagraíochtaí.
Ullmhacht i dtaca leis an gcibearshlándáil
Is príomhghné í an chibearshlándáil i rialachas aon eagraíochta. Bainfidh Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí úsáid as na Caighdeáin Bhunlíne um Chibearshlándáil sin mar bhonnlíne chun ullmhacht cibearshlándála a n-eagraíochta a mheas.
Beidh na caighdeáin ag teacht chomh maith le ceanglais chibearshlándála níos leithne a bheidh ann amach anseo. Ionas go mbeidh Comhlachtaí Earnála Poiblí in ann fás le dul chun cinn na teicneolaíochta cibearshlándála, agus de réir mar a thagann athrú ar leibhéal aibíochta gach eagraíochta, tá sé beartaithe go ndéanfar na Caighdeáin Bhunlíne a eisiúint agus a nuashonrú gach 18-24 mhí ina dhiaidh sin. Cuirfidh sé sin comhsheasmhacht fhadtéarmach chun cinn agus éascóidh sé ailíniú luath leis an Treoir NIS2 a bheidh ann amach anseo, maidir leis an riarachán poiblí, ar cuid riachtanach earnála nua de Threoir NIS2 í.
Is féidir na Caighdeáin Bhunlíne Chibearshlándála a rochtain/a iniúchadh ar gov.ie.
CRÍOCH
Nótaí chuig an eagarthóir
Rinne Grúpa Stiúrtha bainistiú ar an bpróiseas chun na caighdeáin a dhreachtadh, le hionadaíocht ó gheallsealbhóirí in ocht Roinn Rialtais agus i gceithre Ghníomhaireacht.
Mar aon leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, bhí na Ranna/Gníomhaireachtaí a raibh ionadaíocht acu san áireamh:
- Roinn an Taoisigh
- Oifig Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais (OGCIO)
- An Roinn Coimirce Sóisialaí
- Na Coimisinéirí Ioncaim
- An Roinn Cosanta
- An Roinn Gnóthaí Eachtracha
- An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil
- An Roinn Dlí agus Cirt
- An Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA)
- SOLAS
- Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW)
- An Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte (NSSO)