Caighdeáin nua do bhreoslaí soladacha baile don chéad bhliain eile fógartha ar an Lá Idirnáisiúnta um Aer Glan
- Foilsithe: 7 Meán Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an Lá Idirnáisiúnta um Aer Glan le haghaidh Spéartha Gorma comórtha inniu ag an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, trí na caighdeáin nua do na breoslaí soladacha baile ar fad a thabharfar isteach ar fud an Stáit laistigh de bhliain a fhógairt.
Ón bpointe sin ar aghaidh, ní bheidh na breoslaí is truaillithí ar fáil ar an margadh in Éirinn a thuilleadh.
Caighdeáin Nua do Bhreoslaí Soladacha
Tá droch-chaighdeán aeir ina chúis le básanna roimh am agus faigheann thart ar 1,300 duine bás in Éirinn gach bliain mar gheall ar thruailliú aeir agus breosla soladach bheith á dhó. Tá sé seo ina léiriú ar an méid a imríonn na roghanna a dhéanaimid maidir lenár dtithe a théamh tionchar ar ár sláinte féin agus ar na pobail ina mairimid.
Dúirt an tAire Ryan:
"Nuair a bunaíodh an Rialtas seo, thugamar gealltanas dul i ngleic le truailliú aeir a bhfuil dó breosla soladach baile ina chúis leis, agus táimid dúthrachtach faoi dhul i ngleic leis sin i gcónaí. Thógamar céim mhór chun cinn níos túisce i mbliana, le comhairliúchán poiblí maidir le rialacháin nua do bhreoslaí soladacha a fhorbairt in Éirinn. Fuaireamar níos mó ná 3,500 ar fud ghnéithe ar fad an chomhairliúcháin, ina raibh réimse leathan moltaí i ndáil le cuir chuige rialúcháin do bhreoslaí soladacha.
"I ndiaidh aighneachtaí ón bpobal, ó shaineolaithe sláinte, ó ghrúpaí tacaíochta, ón saol acadúil agus ón tionscal a bhreithniú, forbraíodh creat reachtaíochta agus tá na rialacháin á ndréachtú faoi láthair."
Ón mbliain 2022 ar aghaidh, beidh feidhm ag na caighdeáin nua seo a leanas do bhreoslaí soladacha in Éirinn:
- Éileofar ráta astaíochta níos lú ná 10g in aghaidh na huaire i leith guail, táirgí atá bunaithe ar ghual agus aon bhreosla soladach nó brícíní móna monaraithe, ag laghdú go 5g in aghaidh na huaire faoin mbliain 2025
- Níl sé beartaithe aon athruithe a dhéanamh ar an ráta astaíochta deataigh i leith táirgí bithmhaise (ina bhfuil gual), toisc go bhfuil sé sin leagtha síos ag 5g ina aghaidh na huaire cheana féin
- Laghdófar an méid sulfair a cheadaítear i leith gach breosla ó 2% go 1% de réir a chéile
- Éileofar cion fliuchrais 25% nó níos lú i leith adhmad a dhíoltar in aonaid níos lú ná 2m³ (ag laghdú go 20% laistigh de 4 bliana) agus i gcás adhmad fliuch a dhíoltar thar na méideanna sin, éileofar go mbeidh treoracha in éineacht leis don cheannaitheoir faoi mar is féidir an t-adhmad sin a thriomú
- Chun freastal ar na daoine a bhfuil cearta acu móin fód a bhaint, ní chuirfear cos ar í a dhó. Mar sin féin, tá iniúchadh á dhéanamh ar réim rialála chun an dochar a bhaineann leis i gceantair níos uirbithe a laghdú
Tabharfar na rialacháin seo chun críche sna míonna atá le teacht agus beidh siad i bhfeidhm don séasúr téimh 2022. Tá siad á bhfógairt anois chun cur ar chumas daoine a chuireann seirbhís ar fáil don mhargadh breosla soladach baile pleanáil dá réir agus leanúint d’infheistíocht a dhéanamh i roghanna malartacha nach bhfuil an méid céanna truaillithe ag baint leo.
Dúirt an tAire Ryan freisin:
"Idir an dá linn, tá súil agam go dtabharfaidh daoine aird ar na teachtaireachtaí atá san fheachtas feasachta poiblí a fhógraím inniu atá le tarlú go luath, agus na céimeanna simplí seo a thógáil chun caighdeán aeir níos fearr a bhaint amach mar aon le sláinte níos fearr do chách. Le linn na tréimhse seo, tá daoine á gcumhachtú chun rogha comhfhiosach agus pearsanta a dhéanamh cur le haer níos glaine agus comhshaol níos sláintiúla."
Feachtas Feasachta Poiblí
Roimh na rialacháin nua, tá feachtas feasachta poiblí á sheoladh ag an Aire Ryan freisin ina ndírítear ar na céimeanna simplí is féidir le daoine a thógáil chun truailliú aeir mar gheall ar thinte baile a laghdú le linn an gheimhridh atá romhainn.
Reáchtálfar an feachtas ar stáisiúin raidió náisiúnta agus áitiúla, sna nuachtáin náisiúnta agus réigiúnacha agus ar na meáin shóisialta ó dheireadh mhí Mheán Fómhair ar aghaidh.
San fheachtas, díreofar ar thrí theachtaireacht lárnacha, nó an ‘ABC’ maidir le hAer níos Glaine, trína mbeifear in ann feabhsuithe suntasacha i gcaighdeán an aeir a bhaint amach:
- A – Cuir ceist ort féin: "An gá dom tine a lasadh?" Bain úsáid as foinsí teasa eile atá níos glaine ina ionad sin más indéanta
- B – Dóigh breoslaí níos glaine, níos éifeachtúla atá íseal ar dheatach agus cinntigh go n-úsáidfidh tú an breosla ceart san fhearas
- C – Bí cinnte go nglanfaidh tú na simléir agus na fearais teasa agus go ndéanfaidh tú cothabháil orthu uair sa bhliain ar a laghad
Dúirt an tAire Ryan:
"San fheachtas feasachta atá le teacht, léireofar go bhfuil céimeanna simplí ann is féidir le gach úinéir tí a ghlacadh d’fhonn caighdeán aeir níos fearr a bhaint amach do chách. Trí na céimeanna simplí seo a thógáil, is féidir sláinte daoine atá i mbaol ar leith ar fhadhbanna arb é truailliú aeir is cúis leo a cosaint, ar nós daoine a bhfuil plúchadh orthu, leanaí agus daoine aosta."
Chomh maith leis sin, osclóidh an tAire comhairliúchán poiblí maidir leis an Straitéis um Aer Glan atá le tarlú go luath freisin.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Tá tuilleadh faisnéise maidir le Lá Idirnáisiúnta um Aer Glan le haghaidh Spéartha Gorma ar fáil ag www.cleanairblueskies.org agus ag na haischlibeanna #CleanAirForAll #worldcleanairday #healthyairhealthyplanet #breathethedifference
Chomh maith leis sin, tá faisnéis úsáideach ar fáil ag airquality.ie
Cad is PM2.5 ann agus cé as a dtagann sé?
Tagraíonn Ábhar Cáithníneach do cháithníní soladacha agus leachtacha araon, a bhíonn orgánach agus neamhorgánach, agus atá ar foluain san aer. Tá meascán casta de cháithníní i gceist leis, ar féidir méideanna éagsúla agus comhpháirteanna éagsúla bheith iontu ar nós pailin, miotail, aigéid, salann sáile, súiche, ithir agus deannach. Is é an phríomhfhoinse do PM2.5 ná dóchán breosla soladach baile, a bhí ina sciar 55.27% de na hastaíochtaí PM2.5 náisiúnta iomlána in 2019.
Cén chaoi a bhfuil an leibhéal truaillithe aeir ar eolas againn?
Tá an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) freagrach as caighdeán an aeir chomhthimpeallaigh a mhonatóiriú agus chuir sí leis an líon stáisiún ó 29 in 2017 go 96 sa lá atá inniu ann, agus méadófar an líonra tuilleadh i dtreo 110 stáisiún. Tríd an méadú seo, atá maoinithe ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (DECC), cuirtear monatóireacht fíor-ama ar chaighdeán an aeir ar fáil ar fud na tíre.
Cuirfear leis an bhfaisnéis a ghinfear tríd an monatóireacht trí chumas nua samhaltaithe agus réamhaisnéisithe, d’fhonn réamhaisnéis a chur ar fáil don phobal – trí chóras náisiúnta réamhaisnéise trí lá – agus trí léarscáileanna Nowcast, trína gcuirfear meastacháin ar fáil maidir le caighdeán an aeir ar fud na tíre idir pointí monatóireachta.
Na hÉifeachtaí Sláinte a bhaineann le Breosla Soladach
Tá caighdeán an aeir ina ábhar imní mór ag an leibhéal domhanda agus meastar é bheith ar an mbaol timpeallachta is suntasaí do shláinte an duine. Ó na 1990í i leith, léiríodh i dtaighde míochaine naisc idir truailliú aeir agus éifeachtaí sláinte gearrthéarmacha agus fadtéarmacha, lena n-áirítear tinneas cinn, deacracht anála, greannú súl, fadhbanna riospráide a dhéanamh níos measa agus leibhéil níos airde strócanna, ailse agus galar riospráide agus cardashoithíoch.
Sa tuarascáil Cáilíocht an Aeir san Eoraip 2020 ón nGníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach, léirítear go raibh 1,410 básmhaireacht réamhaibí in Éirinn mar thoradh ar thruailliú aeir in 2018. Is ábhar cáithníneach sármhín (PM2.5) ba chúis leis an bhformhór díobh sin (1,300). Sa tuarascáil chéanna, léirítear 16,200 Bliain Saoil a Cailleadh, a thugann le fios go raibh básmhaireacht a bhain leis na básanna sin ina básmhaireacht an-luath.
Bealach aitheanta chun dul i ngleic leis sin is ea breosla soladach a rialú. Léiríonn taighde go raibh thart ar 350 níos lú básmhaireacht in aghaidh na bliana i mBaile Átha Cliath i ndiaidh an “cosc ar ghual toiteach” a thabhairt isteach sa bhliain 1990, trínar laghdaíodh básmhaireacht chardashoithíoch, cheirbreashoithíoch agus riospráide sa daonra i gcoitinne.
Na costais atá ar bhreoslaí soladacha
Caithfidh daoine a dteach a théamh agus léirítear imní uaireanta faoin tionchar costais a bheadh ag rialacháin bhreise ar bhreosla soladach ar theaghlaigh ar ioncam níos ísle nach acmhainn dóibh an córas teasa a uasghrádú. Mar sin féin, foilsíonn Údarás Fuinnimh inmharthana na hÉireann (SEAI) tuarascáil maidir le Comparáid um Chostais Fuinnimh Breoslaí Baile gach trí mhí, agus léirítear sa tuarascáil is déanaí go bhfuil gual atá íseal ar dheatach (ubhchruthóidigh) ar an rogha guail is éifeachtúla ó thaobh costas de maidir leis an teas a chuirtear ar fáil in aghaidh an cent, agus gurb é ar an dara rogha is éifeachtúla é ó thaobh costas de ar an iomlán:
Breosla | Cent/kWh |
Gual den scoth (mála) | 6.33 |
Gual Caighdeánach (mála) | 6.09 |
Ubhchruthóidigh atá íseal ar dheatach (mála) | 5.93 |
Rialacháin reatha ar chriosanna íseal-deataigh agus leathnú náisiúnta
Faoi láthair, tá feidhm ag na criosanna íseal-deataigh sna limistéir seo a leanas:
Baile/Cathair | An Bhliain inar Tugadh Isteach |
Baile Átha Cliath | 1990 |
Corcaigh | 1995 |
An tInbhear Mór, Droichead Átha, Dún Dealgan, Luimneach, Loch Garman | 1998 |
Cill Droichid, Gaillimh, Léim an Bhradáin, an Nás, Port Láirge | 2000 |
Bré, Cill Chainnigh, Sligeach, Trá Lí | 2003 |
Baile Átha Luain, Ceatharlach, Cluain Meala, Inis | 2011 |
Na Clocha Liatha, Leitir Ceanainn, an Muileann gCearr, an Uaimh, an Droichead Nua, Port Laoise, Cill Mhantáin (agus Ráth Naoi) | 2013 |
Maigh Nuad | 2015 |
Cill Dhéagláin, Béal an Átha, Carraig Thuathail, Caisleán an Bharraigh, an Cabhán, An Cóbh, Inis Córthaidh, Cill Airne, An Longfort, Mala, Mainistir na Corann, Trá Mhór, Tulach Mhór | 2020 |
Is féidir leat a fháil amach má tá tú lonnaithe i gcrios íseal-deataigh trí d’éirchód a úsáid.