Ceadaíonn an rialtas an chéad Straitéis um Aer Glan de chuid na hÉireann riamh
- Foilsithe: 26 Aibreán 2023
- An t-eolas is déanaí: 27 Aibreán 2023
Cheadaigh an rialtas an chéad Straitéis um Aer Glan de chuid na hÉireann riamh. Leis an straitéis, déantar sainaithint agus cur chun cinn ar na bearta comhordaithe a theastaíonn – ar fud an rialtais – chun aerthruailliú a laghdú agus chun aer comhthimpeallach níos glaine a chur chun cinn chun beatha daoine a shábháil, áiteanna níos fearr chun cónaí iontu a dhéanamh dár gcuid bailte agus cathracha, agus feabhas a chur ar ár gcomhshaol.
Leis an straitéis, cuirtear de cheangal ar Éirinn na luachanna treoirlíne nua ó EDS (an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte) d’aercháilíocht a bhaint amach faoin mbliain 2040, agus an dul chun cinn le tomhas i gcomórtas le spriocanna eatramhacha faoin mbliain 2026 agus faoin mbliain 2030.
I láthair na huaire, meastar go mbíonn an t-aerthruailliú in Éirinn mar chúis le tuairim is 1,300-1,400 bás anabaí gach bliain – deich n-uaire níos mó ná an líon daoine a fhaigheann bás ar ár mbóithre gach bliain. Ar na breoiteachtaí a ndéanann an t-aerthruailliú difear dóibh nó a ngéaraíonn an t-aerthruailliú iad tá stróc, galar croí, galar scamhóg, ailse scamhóg, asma agus néaltrú. Tugtar le fios i bhfianaise is déanaí fós gurb amhlaidh, maidir le tionchair shláinte an aerthruaillithe, go bhfuil siad níos fairsinge fós ná mar a measadh roimhe seo, agus baint ann le forbairt chognaíoch agus le meabhairshláinte.
Baineann costas pearsanta agus eacnamaíoch leis na drochthionchair shláinte sin. De bhreis ar bhásanna anabaí, tá aerthruailliú mar chúis le neamhláithreacht ón obair, le táirgiúlacht laghdaithe, le caiteachas níos airde ar leigheasanna agus le méadú sa líon othar a ligtear isteach san ospidéal.
Chomh maith leis sin, bíonn tionchair éagsúla ag aerthruailliú ar ár gcomhshaol, lena n-áirítear tionchair ar an mbithéagsúlacht, ar cháilíocht an uisce agus ar mhórsheirbhísí éiceachóras.
Ag seoladh na straitéise dó, dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
"Ní ann d’aon leibhéil shábháilte aerthruaillithe. Bíonn aer glan ina chuid dhílis dár bhfolláine, agus go háirithe d’fholláine na ndaoine is soghonta inár measc – amhail leanaí, daoine scothaosta nó daoine a bhfuil lagú liachta orthu. Bíonn sé ríthábhachtach dár mórthimpeallacht freisin, agus é ag dul chun tairbhe dár bpobail, dár ngnáthóga agus dár bhfiadhúlra.
"Cé go bhfuil an t-ádh orainn go bhfuil ár n-aercháilíocht go maith ar an iomlán, tarlaíonn sé in amanna nach bhfuil sí inghlactha agus meastar fós go bhfaigheann suas le 1,400 duine bás roimh am in Éirinn gach bliain de dheasca an aerthruaillithe. Táimid tiomanta d’aghaidh a thabhairt ar an dúshlán ollmhór sláinte poiblí agus comhshaoil seo.
"Tá nasc bunúsach ann idir aer glan agus an aeráid. Maidir le han-chuid d’fhoinsí aerthruaillithe, is foinsí astaíochtaí CO2 iad freisin. Áirítear leis an Straitéis nua um Aer Glan bearta éagsúla a bhfuil mar aidhm leo aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna forluiteacha sin, amhail ár gcórais teasa a leictriú, éifeachtúlacht fuinnimh ár dtithe a fheabhsú, nó aistriú i dtreo feithiclí leictreacha agus amach ó bhreoslaí iontaise atá salach agus a chruthaíonn truailliú, mar shampla. Tá comhghaol soiléir ann idir na gníomhartha a theastaíonn chun aerthruailliú a ísliú agus na gníomhartha sin a theastaíonn chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Is léir go gcomhlánaíonn an straitéis seo an Plean Gnímh don Aeráid 2023 uainn."
Beidh raon dea-thairbhí eacnamaíocha agus sochaíocha ag gabháil leis na hathruithe a chuirtear chun cinn sa straitéis nua. Áirítear leo sin tithe níos teo, cleachtais fheabhsaithe talmhaíochta, roghanna iompair níos inbhuanaithe, sláinte níos fearr, agus astaíochtaí carbóin níos ísle. Tacóidh siad leis an aistriú i dtreo geilleagar níos inbhuanaithe – don fhadtéarma.
Cuirtear forbairtí le déanaí san áireamh sa straitéis agus tógtar léi ar uaillmhian an leagain is déanaí den Phlean Gnímh don Aeráid, a seoladh i mí na Nollag. Leagtar amach inti freisin struchtúr rialachais nua chun a chinntiú gur do na geallsealbhóirí ábhartha a shannfar an fhreagracht as na gníomhartha agus na bearta a theastaíonn ar fud an Rialtais, go gcuirfear na gníomhartha uile chun feidhme a luaithe is féidir agus go ndéanfar faireachán ar na tionchair.
Tá an Straitéis ar fáil lena léamh ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
An t-aerthruailliú agus an tsláinte
Ní ann d’aon leibhéil shábháilte aerthruaillithe agus, trí na treoirlínte nua ó EDS (an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte) a chur san áireamh, tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide tiomanta do theacht ar na conairí beartais is cuí chun aer níos glaine a sholáthar do gach duine.
Rannchuidíonn an dó breoslaí soladacha, agus astaíochtaí iompair, go mór le droch-aercháilíocht toisc go méadaíonn siad méid an mhínábhair cháithnínigh (PM 2.5), na dé-ocsaíde nítrigine agus na dtruailleán eile inár dteach agus inár bpobal. Leagtar amach sna tuarascálacha bliantúla ar Aercháiliocht in Éirinn ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) go bhfuil an aercháilíocht in Éirinn go maith ar an iomlán. Mar sin féin, is ann do roinnt fadhbanna áitiúla a eascraíonn as astaíochtaí cónaithe agus iompair. Tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh ón mbliain 2015 i leith ar bhearta a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na cineálacha truaillithe sin.
Tá na drochthionchair shláinte ar phobal na hÉireann a ghabhann le haercháilíocht le feiceáil i dtaighde Éireannach a rinneadh le déanaí. Baineann costas pearsanta agus eacnamaíoch leis na drochthionchair shláinte sin. De bhreis ar bhásanna anabaí, tá aerthruailliú mar chúis le neamhláithreacht ón obair, le táirgiúlacht laghdaithe, le caiteachas níos airde ar leigheasanna agus le méadú sa líon othar a ligtear isteach san ospidéal. Is é atá i dtabhairt isteach na rialachán um breoslaí soladacha ná freagairt shuntasach beartais chun déileáil go sonrach le príomhfhoinse an ábhair cháithnínigh ar mhaithe leis an aercháilíocht a fheabhsú le leas gach duine.