English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceadaíonn an Rialtas an Straitéis agus Plean Gníomhaíochta um Sholáthar Poiblí Glas

Cheadaigh an Rialtas an Straitéis agus Plean Gníomhaíochta um Sholáthar Poiblí Glas dar teideal ‘Buying Greener: Straitéis agus Plean Gníomhaíochta um Sholáthar Poiblí Glas 2024-2027’, a imreoidh príomhról i gcur chun feidhme cleachtas soláthair ghlais agus chiorclaigh a bhrú chun cinn ar fud na hearnála poiblí.

Aithnítear Soláthar Poiblí Glas, ar a dtugtar GPP freisin, go forleathan a bheith ina luamhán beartais ríthábhachtach maidir le cuspóirí comhshaoil a bhaint amach. A bhuí leis an mórchumhacht ceannaigh atá aici, is féidir leis an earnáil phoiblí tionchar suntasach a imirt chun earraí, seirbhísí agus oibreacha atá níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní de agus nach bhfuil chomh truaillitheach céanna a chruthú agus a sholáthar laistigh den mhargadh.

Tá freagracht ar an earnáil phoiblí soláthar poiblí glas a chur chun cinn, chun tacú le cuspóirí comhshaoil agus mórchuspóirí forbartha inbhuanaithe na hÉireann. Is gá do shaoránaigh a bheith deimhin de go ndéanann na nithe a cheannaítear thar a gceann an dochar is lú is féidir don chomhshaol agus don tsochaí. An tráth céanna, ní mór dea-luach ar airgead a bheith ag baint leis na hearraí, na seirbhísí agus na hoibreacha sin ar bhonn gearrthéarmach agus ar bhonn fadtéarmach araon.

Tagann an Straitéis agus Plean Gníomhaíochta um Sholáthar Poiblí Glas in ionad ‘Tairiscintí Glasa’, an beartas náisiúnta roimhe um Sholáthar Poiblí Glas, a tugadh isteach níos mó ná deich mbliana ó shin. Le linn na tréimhse sin, leabaíodh gealltanais soláthair phoiblí ghlais isteach i bpríomhréimsí den bheartas Rialtais, lena n-áirítear an Straitéis Uile-Rialtais don Gheilleagar Ciorclach, an chéad cheann dá leithéid ó Éirinn, an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide, agus an Plean Gníomhaíochta Dramhaíola le haghaidh Geilleagar Ciorclach. I gClár an Rialtais, dar teideal Item was unpublished or removed tugtar gealltanais maidir le soláthar poiblí glas.

Ullmhaíodh an Straitéis i bhfianaise na n-athruithe suntasacha a tháinig ar bheartais aeráide, fuinnimh, inbhuanaitheachta agus soláthair le blianta beaga anuas. Leis an Straitéis agus Plean Gníomhaíochta nua um Sholáthar Poiblí Glas, méadófar cur chun feidhme an tSoláthair Phoiblí Ghlais go mór ar fud na hearnála poiblí.

Dúirt Ossian Smyth, an tAire Stáit a bhfuil freagracht speisialta air as Soláthar Poiblí, ríomh-Rialtas, Cumarsáid agus an Geilleagar Ciorclach:

"Tá an Rialtas seo tiomanta don Gheilleagar Ciorclach a sholáthar. Is é atá i gceist leis sin ná aistriú chuig samhail táirgeachta agus tomhaltais níos inbhuanaithe. Imreoidh Soláthar Poiblí Glas príomhról i gcabhrú le hÉirinn bheith níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní de. Cinnteoidh sé go n-imreoidh comhlachtaí poiblí ról ríthábhachtach i dtacú le gealltanais thábhachtacha maidir le gníomhú ar son na haeráide a chomhlíonadh agus i gcabhrú lenár n-aistriú chuig geilleagar ciorclach."

I measc na bpríomhréimsí a ndírítear orthu sa Straitéis agus Plean Gníomhaíochta um Sholáthar Poiblí Glas tá bearta chun cur chun feidhme an tSoláthair Phoiblí Ghlais, Faireachán agus Tuairisciú ar Sholáthar Poiblí Glas agus Oiliúint agus Feasacht ar Sholáthar Poiblí Glas a chur ar aghaidh san Earnáil Phoiblí agus chun treoir agus critéir náisiúnta um Sholáthar Poiblí Glas a fhorbairt tuilleadh. Leagtar amach sa straitéis freisin an dóigh a rachaimid i dteagmháil leis an margadh agus a mbainfimid leas as taighde agus nuálaíocht agus as tionscnaimh i réimse an tSoláthair Phoiblí Ghlais ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Dírítear ar earnálacha ríthábhachtacha sa Straitéis freisin, agus spriocanna gaolmhara Soláthair Phoiblí Ghlais á gcur ar áireamh inti.

Tá an Straitéis agus Plean Gníomhaíochta um Sholáthar Poiblí Glas ar fáil lena léamh ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

CRÍOCH