English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceadaíonn an Rialtas Straitéis uaillmhianach um Nascacht Dhigiteach d’Éirinn

Cheadaigh an rialtas an chéad Straitéis um Nascacht Dhigiteach d’Éirinn riamh. Bhí soláthar na straitéise faoi stiúir ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

Tá Éire tiomanta do chlaochlú digiteach tapa a bhaint amach. Tacóidh an fháil ar nascacht dhigiteach iontaofa ardluais le huaillmhianta geilleagracha agus sóisialta na hÉireann a chomhlíonadh, agus cabhróidh sí lena chinntiú go mbeidh Éire ar thús cadhnaíochta forbairtí digiteacha Eorpacha agus domhanda.

Leagtar roinnt spriocanna uaillmhianacha amach sa Straitéis um Nascacht Dhigiteach d’Éirinn, lena n-áirítear:

  • go mbeidh gach teaghlach agus gnólacht Éireannach cumhdaithe le líonra Gigighiotáin tráth nach déanaí ná an bhliain 2028
  • go mbeidh gach limistéar a bhfuil cónaí iontu cumhdaithe le 5G tráth nach déanaí ná an bhliain 2030, agus
  • go soláthrófar nascacht dhigiteach do gach scoil agus do gach nascphointe leathanbhanda faoin mbliain 2023

Tabharfar do gach earnáil an nascacht a theastaíonn chun gur féidir leo leas iomlán a bhaint as deiseanna digiteacha, rud as a dtiocfaidh forbairt réigiúnach níos cothromaithe, agus tacaíocht á tabhairt don aistriú glas ag an am céanna. Leis an straitéis, éascaítear rochtain mhéadaithe ar thallann réigiúnach agus ar scileanna réigiúnacha agus tacaítear le cur chun feidhme a dhéanamh ar thosaíochtaí rialtais amhail 'Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann: Beartas Forbartha Tuaithe 2021-2025', Item was unpublished or removed agus Tionscadal Éireann 2040.

Tá nascacht dhigiteach ina réamhriachtanas maidir le díbhinní sóisialta a sholáthar freisin, á chinntiú nach bhfágfar grúpaí faoi mhíbhuntáiste inár ndiaidh agus go mbeidh siad in ann glacadh go hiomlán le deiseanna digiteacha.

Bainfear an straitéis amach ar na bealaí seo a leanas:

  • an Plean Náisiúnta Leathanbhanda a chur chun feidhme

*infheistíocht tráchtála a dhéanamh i seirbhísí Gigighiotáin

  • an Straitéis Náisiúnta Cibearshlándála a chur chun feidhme
  • a chinntiú gurb athléimneach, éagsúil agus láidir a bheidh an bonneagar nascachta idirnáisiúnta go hÉirinn agus amach aisti
  • an Bille um Rialáil Cumarsáide (Leasú) a thrasuí, agus
  • gníomhartha an Tascfhórsa Fón Póca agus Leathanbhanda a chur chun feidhme

Ag labhairt dó faoin gcomhairliúchán, dúirt Ossian Smyth, an tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:

"Sa straitéis a foilsíodh inniu, leagtar amach an chonair a leanfaimid i dtreo rochtain iontaofa ar Idirlíon ardluais ar fud na hÉireann faoin mbliain 2028. Tá méid ollmhór airgid Stáit agus airgid phríobháidigh á infheistiú againn i dteicneolaíocht agus i mbonneagar chun go mbeidh gach duine dínn in ann obair, staidéar a dhéanamh agus siamsaíocht agus faisnéis a rochtain, is cuma cén áit a gcónaímid. Is é an toradh a bheidh air sin ná go gcinnteofar go mbeidh Éire ina háit iontach chun cónaí agus gnó a dhéanamh ann fós."

Cuireadh comhairliúchán poiblí ar an dréacht-Straitéis um Nascacht Dhigiteach ar siúl idir mí Feabhra agus mí Dheireadh Fómhair 2022. Bhreithnigh an roinn na haighneachtaí uile go cúramach agus cuireadh roinnt moltaí ar áireamh sa straitéis deiridh.

Is féidir an Straitéis um Nascacht Dhigiteach d’Éirinn a rochtain ar shuíomh gréasáin na roinne.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Leis an Straitéis um Nascacht Dhigiteach d’Éirinn, tacaítear go díreach leis an ngné bonneagair dhigitigh atá leagtha amach sa doiciméad a seoladh le déanaí dar teideal 'Leas a Bhaint as Digitiú – Creat Digiteach na hÉireann'. D’fhoilsigh an rialtas tuarascáil ar dhul chun cinn ar an straitéis an tseachtain seo. Tá sí ar fáil ar shuíomh gréasáin Rialtas na hÉireann.

Leagtar amach sa chreat an uaillmhian atá ag Éirinn a bheith ina ceannaire digiteach ag croílár na bhforbairtí digiteacha san Eoraip agus ar fud an domhain. Leagtar amach ann conair chun an t-aistriú digiteach a chumasú agus a bhrú chun cinn ar fud an gheilleagair agus ár sochaí. Tá sé mar aidhm leis folláine ár saoránach, éifeachtúlacht na seirbhísí poiblí, agus táirgiúlacht, iomaíochas, nuálaíocht agus inbhuanaitheacht ár ngeilleagair a uasmhéadú. Is féidir tuilleadh mionsonraí a fháil ar shuíomh gréasáin Rialtas na hÉireann.

Is í Deacáid Dhigiteach na hEorpa: spriocanna digiteacha do 2030 fís an Aontais Eorpaigh don bhunathrú digiteach faoin mbliain 2030. Beartaíonn Coimisiún an Aontais Eorpaigh Compás Digiteach a úsáid le haghaidh Dheacáid Dhigiteach an Aontais Eorpaigh. Tá an compás sin bunaithe ar cheithre phríomhphointe. Tá an chéad dá phríomhphointe dírithe ar bhonneagair dhigiteacha agus ar oideachas agus scileanna. Tá an dá phríomhphointe eile dírithe ar chlaochlú digiteach gnólachtaí agus seirbhísí poiblí. Leis an Straitéis um Nascacht Dhigiteach d’Éirinn, tugtar aghaidh ar an gcolún bonneagair dhigitigh de Dheacáid Dhigiteach an Aontais Eorpaigh.