English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceapacháin chuig Bord Iascach Intíre Éireann

D’fhógair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, inniu gur ceapadh Cathaoirleach agus ochtar comhaltaí boird chuig Bord Iascach Intíre Éireann (IIÉ).

Tá na ceapacháin seo a leanas chuig an mBord déanta ag an Aire Ryan. Tá a dtéarmaí oifige le tosú an 16 Eanáir 2024.

  • An tOllamh Tom Collins – Cathaoirleach
  • Maria Graham
  • Jackie Maguire
  • Raymond O’Dwyer
  • Aebhín Cawley
  • Jonathan Derham
  • Karin Dubsky
  • Paul Leo Connolly
  • Lorraine O’Donnell (Ionadaí don Fhoireann)

Rinneadh na ceapacháin bhoird sin de bhun alt 12 den Acht um Iascach Intíre 2010, de réir na dTreoirlínte maidir le Ceapacháin chuig Boird Stáit agus de réir an Chóid Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú.

Is é IIÉ an ghníomhaireacht stáit ar a bhfuil freagracht as acmhainní iascaigh intíre agus slatiascaireachta mara na hÉireann a chosaint, a bhainistiú agus a chaomhnú. Bunaíodh é an 1 Iúil 2010, ag teacht sna sála ar chónascadh an Phríomh-Bhoird Iascaigh agus na seacht mBord Iascaigh Réigiúnacha ina ngníomhaireacht aonair. Tá breis agus 74,000 ciliméadar d’aibhneacha agus de shruthanna agus 128,000 heicteár de lochanna ag Éirinn, a dtiteann gach ceann díobh faoi dhlínse IIÉ.

Ag fáiltiú dó roimh na ceapacháin bhoird sin, dúirt an tAire Ryan:

"Tá ríméad orm a bheith in ann Bord nua iomlán Iascach Intíre Éireann a cheapadh. I gcomhar leis an Athbhreithniú Rialachais a cuireadh i gcrích le déanaí ar an eagraíocht, éascóidh sé sin tús úr d’Iascach Intíre Éireann agus é ag comhlíonadh a fheidhmeanna reachtúla ríthábhachtacha. Beidh na comhaltaí boird nua ag soláthar a lán saineolais agus taithí ar raon leathan réimsí. Áirítear leo sin an rialachas, an phleanáil straitéiseach, cosaint an chomhshaoil, an bhainistíocht úsáide talún, an bhithéagsúlacht, an éiceolaíocht inbhearach, an bhainistíocht iascaigh inbhuanaithe agus an caomhantas.

"Agus an tOllamh Tom Collins á cheapadh agam mar Chathaoirleach nua ar Iascach Intíre Éireann, ba mhaith liom béim a leagan ar an dea-chuntas teiste atá aige maidir le cathaoirleacht a dhéanamh ar roinnt eagraíochtaí ar fud na Seirbhíse Poiblí agus iad a stiúradh le breis agus fiche bliain anuas. Tá taithí fhairsing ag an Ollamh Collins ar nithe a bhaineann le hiascaigh intíre. Ina measc sin tá a chuid oibre ar an mbradán Atlantach a chaomhnú, ar dá barr a toirmisceadh iascaireacht sruthlín in uiscí cósta na hÉireann, agus a chuid oibre mar Chathaoirleach ar an nGrúpa Faireacháin ar Uisce Tuaithe agus mar Chathaoirleach ar an bhFóram Uisce. Ina theannta sin, tá an tOllamh Collins chun tosaigh ar an rialachas ollscoile ar leibhéal an Chathaoirligh ó bhí an bhliain 2013 ann. Is eol dom go ndéanfaidh sé jab iontach agus go bhfaighidh sé tacaíocht ó Bhord cumasach lena linn."

Athbhreithniú Rialachais ar IIÉ

Ar leithligh uaidh sin, d’fhoilsigh an tAire Ryan Athbhreithniú Rialachais ar IIÉ freisin. An t-athbhreithniú sin, a ndearna EY é, choimisiúnaigh ceapaithe alt 18 (an tUas. Tom Barry agus an tUas. Séamus Neely) é ar ordú a fháil ón Aire, agus iad ag comhlíonadh fheidhmeanna IIÉ go dtí go gceapfaí Bord nua IIÉ. Scrúdaigh EY socruithe rialachais agus oibríochtaí IIÉ agus áirítear leis an tuarascáil roinnt moltaí ar conas ba cheart aghaidh a thabhairt ar roinnt saincheisteanna tábhachtacha. Breithneoidh an Bord nua na moltaí atá istigh ann d’fhonn iad a chur chun feidhme sa bhliain 2024. Tar éis dá dtéarma do theacht in éag an 15 Eanáir, tabharfaidh an tUas. Barry agus an tUas. Neely faoi róil nua ina dtacóidh siad leis an mBord agus leis an gCoiste Feidhmiúcháin agus iad ag formhaoirsiú chur chun feidhme na moltaí ón Athbhreithniú Rialachais.

Dúirt an tAire Ryan:

"Is é an toradh a bheidh ar an Athbhreithniú Rialachais ná go mbeidh an bord nua in ann tosú as an nua, agus tuiscint shoiléir aige ar an obair don bhliain atá le teacht. Beidh ar an mbord nua a chinntiú go leanfar de dhíriú láidir a leagan san eagraíocht ar an acmhainn iascaigh intíre a chaomhnú, a chosaint agus a bhainistiú mar phríomhfheidhm reachtúil Iascach Intíre Éireann. Má leantar ar aghaidh ag díriú ar an riachtanas caomhantais sin, cumasóimid méadú sa líon éiceachóras sláintiúil chun go dtiocfaidh rath ar ár n-iascaigh an athuair."

"Tá sé tábhachtach go luafainn go bhfuilim buíoch as dícheall agus díograis na foirne, a lean ar aghaidh ag obair go dícheallach in Iascach Intíre Éireann le linn na tréimhse éiginnte seo. Tá sé tábhachtach freisin go ngabhfainn buíochas leis an Uasal Tom Barry agus leis an Uasal Séamus Neely, na ceapaithe sealadacha, a stiúir Iascach Intíre Éireann trí thréimhse dhúshlánach. Is eol dom go n-aithníonn foireann Iascach Intíre Éireann agus foireann na Roinne seo araon tiomantas agus dualgas cúraim an Uasail Barry agus an Uasail Neely don eagraíocht."

Tá an tAthbhreithniú Rialachais ar Iascach Intíre Éireann ar fáil lena léamh ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Ceapaithe alt 18

Ag teacht sna sála ar roinnt comhaltaí a bheith ag éirí as Bord roimhe IIÉ sa tréimhse ó mhí Aibreáin 2022 go dtí mí Eanáir 2023 agus ar neamhábaltacht iarmhartach an Bhoird a fheidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach, cuireadh na comhaltaí a bhí fágtha as oifig i mí Feabhra 2023 gan aon locht a bheith orthu, de réir alt 18 den Acht um Iascach Intíre 2010. Chun a chinntiú go mbeadh IIÉ in ann a fheidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach a luaithe is féidir, cheap an tAire Ryan Tom Barry agus Séamus Neely mar ‘chomhaltaí alt 18’ ina dhiaidh sin chun feidhmeanna IIÉ a chomhlíonadh de réir alt 18 den Acht go dtí go gceapfaí Bord iomlán nua.