Ceapann an Rialtas triúr comhaltaí nua chuig an gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide
- Foilsithe: 21 Feabhra 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cheap an rialtas triúr comhaltaí nua chuig an gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide. Cabhróidh na comhaltaí nua leis an gcomhairle ina cuid gníomhaíochtaí, lena n-áirítear comhairle a chur ar airí agus ar an rialtas maidir leis an mbeartas aeráide, athbhreithnithe bliantúla agus tréimhsiúla a dhéanamh ar an dul chun cinn ar bhaint amach an chuspóra náisiúnta aeráide a chur ar aghaidh agus buiséid charbóin a mholadh don Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Is iad seo an triúr comhaltaí nua a ceapadh:
An tOllamh Yvonne Buckley
Is éiceolaí agus Ollamh le Zó-eolaíocht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, í an tOllamh Yvonne Buckley. Comh-Stiúrthóir an Ionaid Chomhpháirtigh Aeráide agus Bithéagsúlachta agus Uisce, Comh-Chathaoirleach an Líonra Taighde Aeráide agus Bithéagsúlachta Uile-Oileáin, Eagarthóir Sinsearach le Journal of Ecology, ball den Ghrúpa Oibre um Buiséid Náisiúnta Charbóin agus comhalta d’Acadamh Ríoga na hÉireann agus de Academia Europaea is ea an tOllamh Buckley. I láthair na huaire, tá baint ag an Ollamh Buckley le taighde ar chúrsaí lena mbaineann an t-athrú aeráide, gníomhú ar son na haeráide agus caomhnú agus athbhunú na bithéagsúlachta i dteannta a chéile.
Ceapadh an tOllamh Buckley le haghaidh tréimhse cúig bliana.
An tOllamh Liam Delaney
Is Ollamh agus Ceann na Roinne Eolaíochta Síceolaíche agus Iompraíochta i Scoil Eacnamaíochta Londan é an tOllamh Liam Delaney. Tá saothar leathan aige i gcúrsaí síceolaíochta agus cinnteoireachta eacnamaíche. Roimhe sin, bhí sé ina Ollamh le hEacnamaíocht sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus ina Ollamh le hEacnamaíocht in Ollscoil Stirling, áit ar fhorbair sé an clár eolaíochta iompraíochta. Bhí poist chuartaíochta aige in Ollscoil Sydney agus in Ollscoil Princeton agus bhí sé ina chomhalta Fulbright agus ina chomhalta Marie-Sklodowska araon.
Ceapadh an tOllamh Delaney le haghaidh tréimhse trí bliana.
An tOllamh Edgar Morgenroth
Is Lán-Ollamh le hEacnamaíocht i Scoil Ghnó Chathair Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath, Éire, é an tOllamh Edgar Morgenroth. Bhí poist aige san Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI), sa Bhord Infheistíochta Straitéisí i dTuaisceart Éireann (SIBNI) agus in Ollscoil Keele. Chomh maith leis sin, chuir sé dhá théarma isteach sa Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta (NESC) agus bhí sé ina chomhalta boird d’Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI). Is Comhalta d’Acadamh Eolaíochtaí Sóisialta na Ríochta Aontaithe agus Comhalta de Chumann an Léinn Réigiúnaigh é.
Ceapadh an tOllamh Morgenroth le haghaidh tréimhse trí bliana.
Ag labhairt dó faoi na ceapacháin, dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
"Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis na comhaltaí atá ag dul amach as an gComhairle as a rannchuidiú agus a dtiomantas, le Sinéad O’Brien go háirithe agus leis an Ollamh Ottmar Edenhofer agus leis an Ollamh John Fitzgerald, ar fhóin an bheirt díobh ar an gcomhairle ó uair a tionscnaimh ar leith. Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil freisin leis an Ollamh Fitzgerald as an méid mór a rannchuidigh sé leis mar an gcéad chathaoirleach ar an gcomhairle.
"Ba mhaith liom freisin fáilte a chur roimh na comhaltaí nua chuig an gcomhairle, a dtabharfaidh gach duine díobh a dtaithí uathúil agus a saineolas uathúil leo. Níl aon amhras agam ach go saibhreoidh siad sin tacar sainscileanna na comhairle agus go n-imreoidh siad príomhról i gcomhairle a chur maidir lenár n-aistriú chuig geilleagar a bheidh athléimneach ó thaobh na haeráide de, a bheidh inbhuanaithe agus a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Bunaíodh an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide ar bhonn reachtúil an 18 Eanáir 2016 faoi alt 8 den Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015.
Cuirtear san áireamh sna ceapacháin:
- Ceanglais reachtúla an Achta iomchuí (go mbeidh ag ceapaithe raon leathan saineolais agus inniúlachtaí a theastaíonn chun feidhmeanna comhairleacha reatha na comhairle a chomhlíonadh)
- Forálacha san Acht iomchuí chun a chinntiú go mbeidh ag ainmnithe raon leathan saineolais agus inniúlachtaí a theastaíonn chun feidhmeanna nua beartaithe a chomhlíonadh
- Forálacha san Acht iomchuí chun cothromaíocht inscne agus leanúnachas chomhaltas na comhairle a chinntiú (téarmaí tuislithe a mhaireann idir trí bliana agus cúig bliana)