English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceapann an tAire Ryan Toscaire Óige Aeráide nua

Ag obair dó i gcomhoibriú le Comhairle Náisiúnta na nÓg, tá ríméad ar Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, a fhógairt gur ceapadh Toscaire Óige Aeráide nua don bhliain 2024-2025 faoi Chlár Toscairí Óige Aeráide bliantúil na hÉireann.

Rinneadh Beth Doherty, mac léinn dlí sa bhliain deiridh ag Ollscoil Cambridge atá ag gabháil do ghníomhaíochas aeráide ón mbliain 2019 i leith, a cheapadh mar an gcéad Toscaire Óige Aeráide eile de chuid na hÉireann chun dul isteach sa Toscaireacht Náisiúnta Aeráide don bhliain 2024-2025. Rachaidh Beth i bpáirt le Jenny Salmon, an Toscaire Óige Aeráide reatha, de réir mar a chuireann sí an chuid eile dá téarma i gcrích.

Is é cuspóir an Chláir Toscairí Óige Aeráide a chinntiú go mbeidh dearcadh agus eolas na ndaoine óga, agus a rannpháirtíocht ghníomhach sa bheartas idirnáisiúnta aeráide agus i bpróisis idirnáisiúnta aeráide, mar bhonn eolais faoi obair Thoscaireacht Náisiúnta Aeráide na hÉireann.

Cuirfear de chúram ar na Toscairí Óige Aeráide gníomhaíocht na hÉireann ar an athrú aeráide a chur chun cinn trí fhor-rochtain, teagmháil agus comhroinnt eolais le líonraí óige sa tír seo agus i dtíortha eile, lena n-áirítear trí chainéal tiomnaithe meán sóisialta ar Instagram, mar atá @climateyouthdelegate.irl. Chomh maith leis sin, tabharfar cuireadh do gach Toscaire Óige Aeráide chun freastal ar idirbheartaíocht idirnáisiúnta um an athrú aeráide mar chuid de thoscaireacht oifigiúil na hÉireann, lena n-áirítear COP29 san Asarbaiseáin amach sa bhliain.

Ag labhairt dó faoin bhfógairt, dúirt an tAire Ryan:

“Tá daoine óga na hÉireann tugtha agus tiomanta do dhul i ngleic le géarchéim an athraithe aeráide, agus cumasaíonn an clár seo dár dtoscaireacht náisiúnta aeráide tairbhe a bhaint as a gcuid eolais agus dearcthaí ar shaincheisteanna tábhachtacha, ar saincheisteanna iad a dhéanfaidh difear dá dtodhchaí. Fuair mé eolas ollmhór, tugadh mo dhúshlán uaireanta agus baineadh an gus asam ina lán cásanna mar gheall ar na tuairimí agus na hábhair imní a chuir ár nAmbasadóirí Aeráide in iúl go dtí seo. Is iontach an rud é go bhfuil duine óg eile ag glacadh leis an dúshlán a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide, agus táim ag tnúth le hobair i gcomhar le Beth agus í ag déanamh ionadaíocht do gach duine óg ar fud na tíre sna míonna agus sa bhliain atá le teacht.”

Dúirt Beth:

“Tá sé ríthábhachtach anois go rachfaí i dteagmháil go héifeachtach le daoine óga. Ag teacht sna sála ar an díriú a leagadh ag an gComhdháil de na Páirtithe an bhliain seo caite ar an ngá atá le haistriú cóir ar shiúl ó bhreoslaí iontaise, agus de réir mar a ullmhaímid do COP29, tá deis againn conairí inbhraite a sholáthar i dtreo ceartas aeráide a bhaint amach, áit a dtabharfar ról do dhaoine óga agus do phobail agus a gcumhachtófar iad. Tá súil agam go n-éireoidh liom dul i dteagmháil go fiúntach le daoine óga ar fud na hÉireann chun a gcuid ionchuir a chomhroinnt leis an toscaireacht agus an t-ionchur sin a úsáid chun rannchuidiú lenár bpláinéad a chosaint, le haghaidh a thabhairt ar an dochar atá á dhéanamh cheana féin mar thoradh ar an ngéarchéim aeráide, agus le haistriú cóir a bhaint amach a sholáthróidh tacaíocht agus cumhachtú tras-sochaí.”

Dúirt Jenny:

“Tá lúcháir orm go rachaidh toscaire óige aeráide eile i bpáirt liom. Tá an forluí idir toscairí ar cheann amháin de na gnéithe is fearr den ról seo. D’fhoghlaim mé cuid mhór ó Oileán, an toscaire a tháinig romham, agus tá súil agam go mbeidh mé in ann an taithí a ghnóthaigh mé sa bhliain seo a chuaigh thart a chomhroinnt le Beth agus ceachtanna a fhoghlaim uaithi freisin. Táim ag tnúth go mór le hobair i gcomhar le Beth chun an borradh is mó is féidir a chur faoi theagmháil le daoine óga in Éirinn maidir leis an aeráid."

Is féidir tuilleadh mionsonraí faoin gclár agus faoi thoscairí na bliana seo a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

An Clár Toscairí Óige Aeráide

Gach bliain, ceapfaidh an Clár Toscairí Óige Idirnáisiúnta duine amháin ó Éirinn idir 18 mbliana d’aois agus 25 bliana d’aois chun páirt a ghlacadh in iarrachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta na hÉireann um an athrú aeráide ar feadh téarma 20 mí. Is é sprioc an chláir seo ná cainéal a thabhairt don Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun tacú le rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga sa bheartas idirnáisiúnta aeráide agus sna próisis idirnáisiúnta aeráide agus chun a chinntiú go mbainfidh toscaireacht oifigiúil na hÉireann do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide tairbhe as dearcthaí agus eolas na hóige ina cuid oibre.

Cuirfear de chúram ar gach Toscaire Óige Aeráide feasacht a mhéadú ar iarrachtaí idirnáisiúnta na hÉireann i réimse an ghníomhaithe ar son na haeráide. Déanfaidh siad amhlaidh trí phostálacha faisnéiseacha tarraingteacha meán sóisialta a phostáil, lena n-áirítear agallaimh le hionadaithe ardleibhéil nuair is féidir. De bhreis air sin, seolfaidh an Toscaire Óige Aeráide for-rochtain le pobail óige agus líonraí óige ar fud na hÉireann chun eolas a chomhroinnt agus chun smaointe agus réitigh a bhailiú lena gcur san áireamh i dtosaíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta na hÉireann maidir leis an athrú aeráide.

Ar feadh thart ar shé mhí gach bliain, beidh téarmaí na dToscairí Óige Aeráide ag forluí ar a chéile, agus duine amháin díobh ag fónamh mar thoscaire sóisearach agus an duine eile ag fónamh mar thoscaire sinsearach. Cuireadh an téarma níos faide sin chun feidhme chun na deiseanna foghlama a eascraíonn as an ról a bhreisiú, chun tógáil líonraí láidre a spreagadh agus chun soláthar a dhéanamh do thacaíocht bhreise do gach Toscaire ar é nó í a cheapadh chun a róil, agus ról meantóireachta á ghlacadh ag an Toscaire sinsearach.

Mar chuid de shainchúram an Toscaire Óige Aeráide, tabharfar cuireadh dó nó di chun dul leis an Taoiseach, le hAirí agus le hoifigigh roinne ag cruinnithe difriúla náisiúnta agus idirnáisiúnta gach bliain ag a bpléitear an t-athrú aeráide chun ionadaíocht a dhéanamh do thuairimí óige na hÉireann. Is féidir go n-áireofar iad seo a leanas leis na hócáidí sin:

  • an Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid
  • an chomhdháil bhliantúil aeráide ‘COP’ (Comhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide)
  • cruinniú Chomhlachtaí Coimhdeacha Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide

Is é is COP29 ann ná an 29ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide. Beidh COP29 ar siúl in Baku, an Asarbaiseáin, ón 11 Samhain go dtí an 24 Samhain 2024.