English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceaptar an tAire Eamon Ryan mar dhuine de phríomh-idirbheartaithe an Aontais Eorpaigh um Maoiniú don Aeráid ag COP28

Ceapadh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, mar dhuine de phríomh-idirbheartaithe an Aontais Eorpaigh um maoiniú don aeráid ag COP28 in Dubai, rud ar saincheist ríthábhachtach é. Bhí ról tábhachtach den chineál céanna ag an Aire Ryan ag COP27 anuraidh, áit ar threoraigh sé an idirbheartaíocht rathúil ar shaincheist shuaitheanta na comhdhála sin, ba é sin Caillteanas agus Damáiste. I mbliana, oibreoidh sé i gcomhar le Agnès Pannier-Runnacher, Aire Fuinnimh na Fraince, de réir mar a bhogann an díospóireacht ag comhdháil aeráide na Náisiún Aontaithe ar aghaidh chuig an gcéim pholaitiúil ríthábhachtach.

Is é seasamh an Aontais Eorpaigh, agus an seasamh a chuirfidh an tAire Ryan chun cinn, ná gur cheart an aeráid a bheith ina toisc lárnach agus gach cinneadh airgeadais agus eacnamaíoch á ndéanamh agus gur cheart sreafaí airgeadais idirnáisiúnta a bheith ag teacht leis an aidhm atá ann méaduithe teochta domhanda a choinneáil chomh gar agus is féidir do 1.5 °C faoin mbliain 2030, mar atá leagtha amach i gComhaontú Pháras 2015. Mar sin, beidh plean ag teastáil chun deireadh a chur le húsáid breoslaí iontaise neamhlaghdaithe de réir a chéile. Chun é sin a dhéanamh, áfach, áitíonn an tAire Ryan gur gá rogha mhalartach láidir a bheith ann agus gur gá é a bheith níos éasca do thíortha, agus do thíortha atá i mbéal forbartha go háirithe, aistriú chuig córais nua fuinnimh ghlain in-athnuaite.

Leagtar amach sa Treochlár Aeráidneodrachta ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh go mbeidh infheistíocht $4.3 trilliún i bhfuinneamh glan ag teastáil gach bliain suas go 2030 chun an méadú i dtéamh domhanda a theorannú go 1.5 °C.

Dúirt an tAire Ryan:

"Is gá dúinn an méadú i dteochtaí domhanda a choinneáil faoi bhun 1.5 °C. Chun é sin a dhéanamh, beidh orainn deireadh a chur le húsáid breoslaí iontaise neamhlaghdaithe de réir a chéile. Ní tharlóidh sé sin thar oíche, áfach, agus is gá dúinn rogha mhalartach fhiúntach a bheith againn ionas go mbeidh tíortha atá spleách ar an gcineál truaillitheach fuinnimh sin faoi láthair aistriú go héasca agus ar bhealach níos gasta chuig córais fuinnimh ghlain in-athnuaite.

"Dá réir sin, beidh sé riachtanach córais airgeadais dhomhanda a athchóiriú, agus sreafaí infheistíochta á n-aistriú ar shiúl ó bhreoslaí iontaise agus i dtreo na hearnála fuinnimh ghlain. Go bunúsach, fágann sé sin nach mór laghdú a dhéanamh ar a chostasaí atá sé, agus méadú a dhéanamh ar a tharraingtí atá sé, infheistiú i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite, go háirithe i gcás tíortha atá i mbéal forbartha, agus nach mór méadú a dhéanamh ar a chostasaí atá sé, agus laghdú a dhéanamh ar a tharraingtí atá sé, infheistiú i gcórais fuinnimh shalaigh agus i dtaiscéalaíocht leanúnach."

Dúirt sé gur ghá go mbeadh ceartas aeráide agus maoiniú don aeráid fite fuaite ina chéile:

"Táimid ag titim ar gcúl ar an gcath ar son ceartas aeráide. San am i láthair, is amhlaidh is mó an líon grianphainéal san Ísiltír ná san Afraic ar fad, áit a bhfaightear 60% ar a laghad de ghrianradaíocht an domhain. Níl an scéal sin ceart, agus is gá é a athrú.

"Trí iarracht a dhéanamh a chinntiú go socrófar sreafaí airgeadais i bhfabhar fuinneamh glan i dtíortha atá i mbéal forbartha, is féidir forbairt níos cothromaithe a chothú agus, ar an tslí sin, slándáil dhomhanda a mhéadú agus imirce éigeantach de dheasca cliseadh aeráide a laghdú. Is gá dúinn aistriú cóir a dhéanamh agus is gá an t-aistriú sin a bheith gasta. Más rud é nach mbeidh sé gasta, ní bheidh sé cóir, agus más rud é nach mbeidh sé cóir, ní bheidh sé gasta. Beidh maoiniú cumaisc timfhillteach nua ag teastáil ina leith sin, ar maoiniú é lena gcomhcheanglaítear maoiniú príobháideach agus maoiniú poiblí araon, lena bhféachtar le riosca a laghdú agus lena ndreasaítear infheistíocht i margaí atá i mbéal forbartha go háirithe. Ina theannta sin, ba cheart breithniú a dhéanamh ar fhoinsí nuálacha cistiúcháin le haghaidh maoiniú don aeráid, lena n-áirítear cistiú ó earnálacha breoslaí iontaise amhail an earnáil eitlíochta agus an earnáil mhuirí."

Bhí an tAire Ryan agus an tAire Pannier-Runnacher i measc na gcomhaltaí d’fhoireann bheag de chuid an Aontais Eorpaigh ar cheap Teresa Ribeira iad. Tá Teresa Ribeira ina comhcheannaire ar thoscaireacht an Aontais ag COP28 agus tá ról lárnach aici i gcainteanna aeráide COP28 toisc go sealbhaíonn an Spáinn uachtaránacht rothlach an Aontais faoi láthair. Ceapadh an bheirt Airí roimhe sin chun comhchathaoirleacht a dhéanamh ar Chruinniú Aireachta na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh sa bhliain 2024.

Beidh ról lárnach ag oifigigh na hÉireann san idirbheartaíocht thar an tseachtain atá le teacht, agus iad ag cur leis an rath a bhí ar an ionchur beartais ó Éirinn ag an idirbheartaíocht ag COP27 in Sharm-El-Sheik anuraidh.

CRÍOCH