English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Chuir aon stát déag den Aontas Eorpach go dtí seo a n-ainm le glao atá faoi stiúir ag Éirinn chun an Dlí Athchóirithe Dúlra a cheadú

Chuir aon Bhallstát déag den Aontas Eorpach go dtí seo a n-ainm le dtí seo a n-ainm le glao atá faoi stiúir ag Éirinn chun an Dlí Athchóirithe Dúlra glao atá faoi stiúir ag Éirinn chun an Dlí Athchóirithe Dúlra a ghlacadh agus molann siad do na ballstáit eile an céanna a dhéanamh ag an gcéad chruinniú eile den Chomhairle Comhshaoil an 17 Meitheamh.

Scríobh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus Malcolm Noonan, comhghleacaí rialtais leis agus an tAire Stáit le freagracht as an Dúlra, Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin, litir thosaigh chuig airí eile ar fud an Aontais Eorpaigh. Sa litir sin, chuir siad in iúl go bhfuil sé ríthábhachtach go dtaispeánfadh na Ballstáit ceannaireacht agus aontacht maidir leis an dlí chun an dúlra atá díghrádaithe cheana féin de chuid na hEorpa a athchóiriú agus go dtabharfadh siad aird ar thuairimí na milliún saoránach, eolaithe agus tionscal ar fud an Aontais atá ag déileáil leis an bhfadhb seo ar leibhéal nach bhfacthas a leithéid riamh.

Anuas ar Éirinn, is iad na stáit a chuir a n-ainm leis an Dlí Athchóirithe Dúlra a cheadú ná an Ghearmáin, an Fhrainc, an Spáinn, an Danmhairg, Lucsamburg, Poblacht na Seice, an Liotuáin, an tSlóivéin, an Eastóin agus an Chipir.

Chomhaontaigh an 11 stát gur gá tailte agus mara an Aontais Eorpaigh a athchóiriú chun tionchair an athraithe aeráide a mhaolú agus chun oiriúnú do na tionchair sin agus chun slándáil bia na hEorpa a chumhdach. Mura gceadófaí an dlí, rachadh an tAontas Eorpach siar ar an ngealltanas a thug sé roimhe sin go mbeadh sé ina cheannaire domhanda in athchóiriú an dúlra. De bhreis air sin, dá rachfaí siar ar idirbheartaíocht chomhaontaithe agus ar chomhréitigh chomhaontaithe, chuirfí institiúidí daonlathacha na hEorpa i gcontúirt agus tharraingeofaí amhras ar phróisis déanta beartais agus próisis chinnteoireachta an Aontais Eorpaigh ina n-iomláine.

Is í an chéad chéim eile ná scríobh chuig airí na 16 Bhallstát eile agus chuig an gCoimisiún Eorpach. De bhreis air sin, tuigtear go dtiocfaidh eagraíochtaí neamhrialtasacha éagsúla ó áiteanna ar fud an Aontais Eorpaigh le chéile chun dul i mbun feachtais ar son a thábhachtaí atá an dlí ó thaobh tailte agus mara na hEorpa a chosaint de.

Dúirt an tAire Ryan:

"Is í an Eoraip an ilchríoch is tapa téamh ar domhan agus tá na tionchair a eascróidh as na géarchéimeanna dúlra agus aeráide os a comhair, ar tionchair iad atá fite fuaite ina chéile agus nach bhfacthas a leithéid riamh. Is gá éiceachórais a athchóiriú chun tionchair an athraithe aeráide a mhaolú agus chun oiriúnú do na tionchair sin agus chun slándáil bia na hEorpa a chumhdach. Ní mór dúinn dul i mbun gnímh go práinneach agus go cinntitheach chun an próiseas polaitiúil a thabhairt chun críche. Mura ndéanfaí amhlaidh, thabharfaí saorchead chun an dúlra a scriosadh agus bhainfí an bonn go bunúsach de mhuinín an phobail as ceannaireacht pholaitiúil an Aontais Eorpaigh ar an leibhéal intíre agus ar an leibhéal idirnáisiúnta."

Dúirt an tAire Noonan:

"Thug an Eoraip gealltanas go mbeadh sí ina ceannaire domhanda in athchóiriú an dúlra agus go gcloífeadh sí leis an uaillmhian atá leagtha amach i gCreat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal, rud ar ghlac 196 thír, an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit san áireamh, é i mí na Nollag 2022. Ní bheadh sé ceart ná cóir gan seasamh leis sin. Beidh orainn dul chuig Comhdháil Bithéagsúlachta na Náisiún Aontaithe i mí Dheireadh Fómhair i mbliana agus a rá go bhfuilimid ag dul siar ar ár ngealltanais idirnáisiúnta go gcosnóimis ár gcuid tailte agus mara. Rud ba mheasa fós, bainfimid an bonn go mór d’iarrachtaí ar fud an Aontais Eorpaigh ár n-éiceachórais dhamáistithe dhíghrádaithe a athchóiriú. Bíonn daoine ag brath ar an dúlra le haghaidh i bhfad níos mó rudaí ná mar a aithnímid. Ní hé amháin go bhfuil cosaint a thabhairt don dúlra i gceist leis seo ach tá cosaint a thabhairt don tsibhialtacht agus don saol mar a aithnímid é i gceist leis freisin."

Tá an Dlí Athchóirithe Dúlra i staid éiginnte le breis agus bliain anuas. Tar éis tréimhse a bhí lán de dhíospóireacht dhian agus d’idirbheartaíocht dhian ar fud roinnt uachtaránachtaí, bhí Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa in ann teacht ar chomhaontú polaitiúil sealadach i mí na Samhna 2023. Bhíothas in ann déanamh amhlaidh mar gheall ar chomhréiteach polaitiúil, ar dhearbhuithe nua do gheallsealbhóirí agus don lucht tionsclaíochta, agus ar mhuinín chomhroinnte as na hinstitiúidí daonlathacha atá mar bhonn agus thaca ag an Aontas. Ghlac an Pharlaimint an comhaontú polaitiúil sealadach sin i mí Feabhra 2024.

Is amhlaidh, áfach, atáthar ag dul ar gcúl ar chomhréitigh a comhaontaíodh roimhe seo agus níl aon tromlach cáilithe ann a thuilleadh i bhfabhar an chomhaontaithe shealadaigh a idirbheartaíodh go cúramach ar an Dlí Athchóirithe Dúlra. Is é cruinniú na Comhairle Comhshaoil an 17 Meitheamh an críochphointe criticiúil mar a dteastaíonn vóta tromlaigh ina fhabhar chun a chinntiú go nglacfar an dlí agus go mbeifear in ann an dúlra a chosaint agus a athchóiriú.

CRÍOCH