English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann Éire, an Bheilg agus an Ríocht Aontaithe lena gcomhar maidir le hidirnascadh agus le foinsí fuinnimh in-athnuaite

Rinne Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus an tAire Tinne van der Straeten agus an tAire Andrew Bowie, Airí Comhshaoil na Beilge agus na Ríochta Aontaithe faoi seach, Ráiteas Comhpháirteach a shíniú in Bruges, an Bheilg, inniu lena réitítear an bealach le haghaidh tuilleadh comhair maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite agus le deiseanna idirnasctha idir na trí thír.

Luaigh an tAire Ryan gurb é cur chuige iltaobhach an t-aon dóigh amháin ar féidir aghaidh a thabhairt ar fhreagrachtaí comhchoiteanna aeráide na hEorpa. I gcás na hÉireann go sonrach, luaigh sé gurb í an dóigh is éifeachtaí chun leas a bhaint as ár n-acmhainneacht fuinnimh gaoithe amach ón gcósta sna blianta móra atá le teacht ná an bonneagar lena gcuirtear ar ár gcumas margaí eile a rochtain a chur i bhfeidhm.

Dúirt an tAire Ryan:

"Bainfidh ríthábhacht le hidirnascadh méadaithe leictreachais de réir mar a leanaimid den úsáid a bhainimid as fuinneamh in-athnuaite a mhéadú. Ceann de na saintréithe is fearr d’fhuinneamh in-athnuaite is ea gurb amhlaidh, ar an gcéad dul síos, atá sé dúchasach agus inrochtana do gach tír. Príomh-shaintréith eile is ea go n-oibríonn fuinneamh in-athnuaite ar an dóigh is fearr más féidir é a chomhroinnt. Nuair atá barrachas acmhainne fuinnimh gaoithe amach ón gcósta againn in Éirinn, mar shampla, luíonn sé le ciall go ndéanaimid an méid a theastaíonn uainn a úsáid agus a stóráil, ach is féidir linn freisin ár mbarrachas soláthair a chomhroinnt lenár gcomharsana trí chomhar agus idirnascadh idirnáisiúnta. Is é an toradh atá air sin go laghdaítear costais trí fhuinneamh barrachais a chomhroinnt, trí chúlsoláthairtí a chomhroinnt agus trína chinntiú go n-úsáidtear na foinsí cumhachtaí is iomaíche ar dtús."

Dúirt sé ina dhiaidh sin:

"Is gá dúinn obair le chéile chun aghaidh a thabhairt ar na freagrachtaí comhchoiteanna aeráide atá orainn, agus slándáil fuinnimh agus cobhsaíocht praghsanna á gcinntiú ag an am céanna, agus is é sin an fáth a bhfuil ríméad orm an comhaontú seo a shíniú leis na hairí fuinnimh sa Bheilg agus sa Ríocht Aontaithe chun aghaidh a thabhairt go ceannasach ar an ngá atá le conairí idirnasctha a mhéadú idir ár dtrí thír."

Leis an Ráiteas Comhpháirteach, éascófar comhar níos dlúithe i bhfuinneamh gaoithe amach ón gcósta idir na trí thír. Chomh maith leis sin, tógtar leis ar an uaillmhian a dearbhaíodh ag Cruinniú Mullaigh na Mara Thuaidh, rud a cuireadh ar siúl in Ostainn anuraidh agus ar fhreastail Leo Varadkar, an Taoiseach ag an am, agus an tAire Ryan air chun dlús a chur le forbairt an fhuinnimh gaoithe amach ón gcósta sna Mara Thuaidh, lena n-áirítear Muir Éireann, an Mhuir Cheilteach agus an tAigéan Atlantach. I dteannta a chéile, shocraigh na naoi dtír a bhfuil baint acu le Dearbhú Ostainn spriocanna fuinnimh gaoithe amach ón gcósta is ionann agus thart ar 120 GW faoin mbliain 2030 agus 300 GW faoin mbliain 2050 sna Mara Thuaidh. Sa lá atá inniu ann, is lú toilleadh comhcheangailte na Mara Thuaidh ná 30 GW.

A bhuí leis an gcomhar athnuaite sin idir na trí stát, is amhlaidh freisin a bhunófar grúpa oibre a tháirgfidh tuarascáil ar na dúshláin, deiseanna agus réitigh chomhroinnte atá ann i leith bonneagar fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a fhorbairt. Mar chuid den obair sin, déanfaidh EirGrid, ar aon dul le beartas na hÉireann maidir le hidirnasc, agus mar chuid de straitéis réamhbhreathnaitheach tarchurtha na tíre a fhorbairt, déanfaidh sé caidreamh lena mhacasamhlacha sa Bheilg agus sa Ríocht Aontaithe agus tuairisceoidh siadsan ar ais dá n-aireachtaí faoi seach ar roghanna le haghaidh socraíochtaí tríthaobacha idir na trí thír, lena n-áirítear aon dúshláin a bhaineann leis na roghanna sin. Táthar ag súil leis go gcuirfear an obair sin i gcrích sa chéad sé mhí den bhliain 2025.

Dúirt Tinne van der Straeten, Aire Beilgeach:

"Bliain amháin tar éis Chruinniú Mullaigh na Mara Thuaidh in Ostainn, is é atá sa chomhar nua atáimid ag fiosrú inniu ná céim eile ar aghaidh agus muid ag iarraidh baint amach a dhéanamh ar an sprioc a shocraigh na naoi dtír rannpháirteacha a tháinig le chéile agus a gheall go ndéanfadh siad lárionad cumhachta fuinnimh gaoithe na hEorpa de na Mara Thuaidh – lena n-áirítear na Mara Thuaidh Atlantacha. Is in-athnuaite a bheidh ár slándáil fuinnimh sa todhchaí ach, thar rud ar bith eile, is in-athnuaite agus comhroinnte a bheidh ár slándáil fuinnimh sa todhchaí."

Dúirt sí ina dhiaidh sin:

"Ligfidh Oileán an Bhanphrionsa Eilíse leis an dara crios fuinnimh gaoithe amach ón gcósta de chuid na Beilge riamh. Beidh sé ina phointe tuirlingthe le haghaidh idirnascairí hibrideacha sa todhchaí freisin. Mar gheall ar an gcomhpháirtíocht seo, tá Éire, an Ríocht Aontaithe agus an Bheilg ag réadú na n-uaillmhianta a leagadh amach i gCruinniú Mullaigh na Mara Thuaidh in Ostainn anuraidh: chun an gléasra cumhachta inbhuanaithe is mó san Eoraip a dhéanamh den Mhuir Thuaidh. Is é an rud is tábhachtaí anois ná go gcuirimid na gníomhartha chun feidhme chun na huaillmhianta sin a chomhlíonadh agus chun ár dtodhchaí ghlas a chumhachtú. A bhuí leis an Ráiteas Comhpháirteach seo, is féidir linn fiosrú a dhéanamh ar dheis a bhfuil gealladh fúithi le haghaidh idirnasc idir ár dtrí thír. Cuireann sé seo go mór leis na hidirnaisc atá á bhfiosrú ag an mBeilg cheana féin, amhail idirnaisc leis an Ríocht Aontaithe, leis an Iorua agus leis an Danmhairg, ar ina dhiaidh a bheimid in ann na roghanna is fearr dár dtír a roghnú."

Dúirt Andrew Bowie, Aire na Ríochta Aontaithe le freagracht as Fuinneamh Núicléach agus Foinsí Fuinnimh In-athnuaite:

"Tá an acmhainneacht ag an Muir Thuaidh teacht chun bheith ina lárionad cumhachta fuinnimh in-athnuaite, agus féachfaimid i gcónaí le comhoibriú lenár gcomharsana chun a fhiosrú conas is féidir linn an leas is mó a bhaint aisti. Ní hé amháin go gcomhroinnimid mara lenár gcomhghuaillithe Beilgeacha agus Éireannacha ach tá leas comhchoiteann againn freisin in astaíochtaí a laghdú agus inár dtithe a chumhachtú le fuinneamh atá níos saoire, níos glaine agus níos sláine."

Síníodh an Ráiteas Comhpháirteach mar ghníomh tánaisteach le linn Cruinniú Aireachta ar fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta ar eagraigh na hAirí Fuinnimh Beilgeacha iad faoi Uachtaránacht na Beilge.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Seoladh Ráiteas Beartais Náisiúnta na hÉireann maidir le hIdirnasc Leictreachais i mí Iúil 2023. Leagtar amach sa bheartas an dóigh a gcinnteofar réamhphleanáil chomhtháite trí chur chuige stát-treoraithe a ghlacadh, agus an bealach á réiteach don bhonneagar a theastaíonn chun mórdheiseanna onnmhairiúcháin fuinnimh ghlais a thapú.

Áirítear na nithe seo leis na príomhghnéithe de bheartas nua na hÉireann maidir le hidirnasc leictreachais:

  • tacú go sonrach le nasc breise leis an mBreatain Mhór faoin mbliain 2030, lasmuigh d’Idirnascaire Greenlink a chríochnú
  • breithniú a dhéanamh ar na tionscadail bhreise seo a leanas: idirnasc eile leis an bhFrainc atá de bhreis ar an Idirnascaire Ceilteach; nasc leis an Spáinn; nasc breise leis an mBreatain Mhór tar éis na bliana 2030; agus nasc leis an mBeilg nó leis an Ísiltír
  • gealltanas go bhforbrófaí Straitéis um Tharchur Amach ón gCósta agus go n-iniúchfaí an acmhainneacht le haghaidh idirnascairí ilchuspóireacha chun deiseanna onnmhairiúcháin a uasmhéadú agus chun forbairt fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a éascú
  • réamhphleanáil idirnascairí a chomhtháthú le céimeanna nua i bhforbairtí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, lena n-áirítear tacú le hionchuir isteach i bPleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe i limistéir áitiúla agus réigiúnacha
  • déanfar breithniú freisin ar aon idirnasc eile a theastaíonn chun tacú le leictreachas in-athnuaite a onnmhairiú i gcomhthéacs úsáidí eile amhail hidrigin ghlas

Is ionann toilleadh idirnaisc na hÉireann agus 500 MW faoi láthair, a thagann ó nasc aonair le margadh na Ríochta Aontaithe. Tá an toilleadh le méadú faoi níos mó ná faoi thrí go 1,700 MW faoin mbliain 2027. Áireofar leis sin idirnasc díreach a thabhairt ar ais idir Éire agus an tAontas Eorpach tríd an 'Idirnascaire Ceilteach'.

Áirítear le forbairt an bheartais soláthar, forbairt agus seachadadh a dhéanamh ar thuarascáil anailíseach sheachtrach ar riachtanais idirnascaire na hÉireann suas go dtí an bhliain 2050. Maidir leis an anailís a chuimsítear sa tuarascáil, a seachadadh i mí Feabhra 2023, táthar á húsáid mar chuid den bhonn faoin ngealltanas go mbreithneofaí naisc sa todhchaí lenár gcomharsana geografacha.

Cuireadh comhairliúchán ar siúl freisin. Fuarthas 21 fhreagra ar an gcomhairliúchán sin, agus an chuid is mó díobh faighte ón lucht tionscail. Bhí formhór na bhfreagraithe sa chomhairliúchán poiblí i bhfách le hidirnasc breise, tionscadail hibrideacha san áireamh, a fhorbairt, á rá go mbeifí ag súil leis go mbeadh tionchar tairbheach ag idirnasc breise trasteorann ar chuspóirí aeráide agus fuinnimh na hÉireann a bhaint amach, lena n-áirítear foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a sholáthar.

An uaillmhian fuinnimh gaoithe amach ón gcósta de chuid na hÉireann

Gealltar sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 5 GW ar a laghad de thoilleadh suiteáilte fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a bhaint amach faoin mbliain 2030. Tá 2 GW eile curtha in áirithe lena n-úsáid le haghaidh táirgeadh hidrigine glaise agus lasmuigh den eangach. Áirítear roinnt céimeanna forluiteacha leis an gcur chuige pleantreoraithe atá á ghlacadh ag Éirinn i leith ár spriocanna fuinnimh gaoithe amach ón gcósta:

  • Céim a hAon, lena gcomhfhreagraítear do na tionscadail ábhartha uile ar éirigh leo sa chéad cheant le haghaidh leictreachas in-athnuaite amach ón gcósta (ORESS 1)
  • Céim a Dó, ar lena linn a sheolfar clár oibre luathaithe lena ndíreofar ar sholáthar garthéarma, agus é bunaithe ar theicneolaíocht ar cruthaíodh a hinscálaitheacht i ndlínsí eile, agus lena soláthrófar an toilleadh breise fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a theastaíonn chun sprioc an Rialtais don bhliain 2030 a bhaint amach agus
  • An Creat Todhchaíoch atá pleantreoraithe go hiomlán

I mí na Bealtaine 2023, leagadh béim sna torthaí ón gcéad cheant de chuid na hÉireann riamh le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, mar atá ORESS 1, ar uaillmhianta an Stáit maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta. Maidir leis an bpraghas rí-iomaíoch a fuarthas – arb ionann é agus €86.05/MWh (meigeavatuair) ar an meán – bhí sé ar cheann de na praghsanna is ísle atá á n-íoc ag margadh éiritheach fuinnimh gaoithe amach ón gcósta ar domhan. Fuarthas níos mó ná 3 GW de thoilleadh trí sholáthar ó cheithre thionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta faoi ORESS 1, lena seachadfar níos mó ná 12 TWh (Teireavatuair) de leictreachas in-athnuaite in aghaidh na bliana. Ba é sin an méid is mó fuinnimh in-athnuaite a fuair Éire trí sholáthar ag ceant riamh. Is leor é chun leictreachas glan a sholáthar do 2.5 milliún teach in Éirinn agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi níos mó ná 1 mhilliún tona faoin mbliain 2030.

An Tascfhórsa um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta a Sholáthar

Bhunaigh an tAire Ryan an Tascfhórsa trasrialtais um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta a Sholáthar chun a chinntiú go nglacfaí cur chuige comhtháite ar fud an rialtais, gníomhaireachtaí agus an tionscail i leith comhordú a dhéanamh ar an raon iomlán gníomhaíochtaí a theastaíonn chun go ngnóthóidh an Stát na tairbhí eacnamaíocha uile a bhaineann le forbairt fuinnimh gaoithe amach ón gcósta. Pléann an tascfhórsa le sainaithint a dhéanamh ar na gnéithe uile den obair ar an gconair ríthábhachtach i dtreo fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a sholáthar, mar aon le rioscaí a shainaithint go réamhghníomhach agus bearta gaolmhara maolúcháin a bhainistiú. Ar na gníomhartha don bhliain 2024 faoin gClár Fuinnimh Gaoithe Amach ón gCósta de chuid an Tascfhórsa tá bearta a bhaineann le Pleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe agus pleanáil mhuirí, leis an mbithéagsúlacht, le nascadh leis an eangach, leis an slabhra soláthair, leis an mbeartas um chalafoirt, le scileanna agus an fórsa saothair agus le toiliú rialála.

An Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024

Cheadaigh an rialtas an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 i mí na Nollag 2023, faoi réir comhairliúchán poiblí agus Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta. Is é an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 an tríú nuashonrú bliantúil ar Phlean Gnímh na hÉireann don Aeráid 2019. Is é an plean sin an dara plean a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, agus tar éis Buiséid Charbóin agus Uasteorainneacha Astaíochtaí earnála ar fud an gheilleagair a thabhairt isteach. Is é an toradh a bheidh ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a chur chun feidhme ná go gcruthófar poist agus deiseanna eacnamaíocha nua agus go gcosnófar daoine agus an pláinéad.

Is féidir leat amharc ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 agus ar an iarscríbhinn gníomhartha a ghabhann leis ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Cliceáil anseo chun síntiús a ghlacadh leis an nuachtlitir 'Climate Action' ó Rialtas na hÉireann.