English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Ryan an Dul Chun Cinn a rinne Éire go dtí seo sa bhliain 2023 ar na SFIanna a bhaint amach i láthair ag na NA

Cuirfidh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, an dara hAthbhreithniú Náisiúnta Deonach ó Éirinn ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach i láthair ag na Náisiúin Aontaithe i Nua-Eabhrac Dé Céadaoin, áit a mbeidh tíortha ó gach cuid den domhan ag freastal ar an bhFóram Ardleibhéil Polaitíochta um Fhorbairt Inbhuanaithe.

San Athbhreithniú Náisiúnta Deonach dar teideal Atógáil chun Feabhais Gan Aon Duine a Fhágáil ar Leataobh, leagtar amach an dul chun cinn atá á dhéanamh ag Éirinn ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach, agus 80% den 169 sprioc ghaolmhara comhlíonta anois. Rinne Éire dul chun cinn i roinnt réimsí, amhail oideachas, fostaíocht, coimirce shóisialach, laghdú an ocrais, sláinte, rannpháirtíocht an phobail, agus folláine.

Tá sé beartaithe ag an Aire Ryan roinnt cruinnithe déthaobhacha a thionól le stáit eile le linn a ghearrchuairte ar Nua-Eabhrac freisin, go háirithe iad sin atá thíos cheana féin le tionchair dhamáisteacha an athraithe aeráide, amhail na Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha, roimh COP 28 i mí na Samhna 2023. Ag COP 27 anuraidh, ceapadh é mar phríomh-idirbheartaí an Aontais Eorpaigh maidir le caillteanas agus damáiste, rud ar saincheist lárnach é. Mar thoradh air sin, comhroinneann Éire suíochán ar Choiste Idirthréimhseach na Náisiún Aontaithe um Chaillteanas agus Damáiste anois, atá freagrach as socruithe nua cistiúcháin a oibríochtú agus as an gciste a thabhairt lena bhreithniú agus lena ghlacadh ag COP 28 in Dubai i mbliana.

Labhróidh sé os comhair an Chomhthionóil Ghinearálta maidir leis an Úcráin freisin, áit a gcáinfidh sé ionsaithe leanúnacha na Rúise ar cheannasacht agus sláine críche na hÚcráine.

Maidir leis an Athbhreithniú Náisiúnta Deonach, dúirt an tAire Ryan:

“Léirítear sa tuarascáil ar an Athbhreithniú Náisiúnta Deonach uainn téarnamh geilleagrach láidir na hÉireann tar éis na paindéime agus na hiarrachtaí atá ar bun againn atógáil chun feabhais, agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus Clár Oibre 2030 á n-úsáid againn mar threoir. Léirítear inti an tsraith fhairsing beartas náisiúnta a leantar le hiad a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus na spriocanna gaolmhara agus chun tacú leo ar fad. Cé gur dearfach an rud é fás geilleagrach láidir, is gá é a chothromú freisin le fás geilleagrach sóisialta, forbairt pobail, deis oideachais, meas, éagsúlacht agus comhionannas atá chomh láidir céanna ar fud gach réigiúin agus bruachbhaile den tír.

“Is léir go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh againn, ach tá dúshláin eile le sárú againn i roinnt réimsí tábhachtacha – réimsí amhail uisce glan agus sláintíocht agus an gá le tuilleadh fuinnimh inathnuaite – agus tá iarracht mhéadaitheach á déanamh againn ina leith sin. Is údar díomá é, áfach, nach bhfuil aon spriocanna againn maidir le saincheisteanna atá measartha bunúsach i sochaí fhorbartha, amhail dramhaíl chathrach agus tomhaltas.

“Tá an tAthbhreithniú Náisiúnta Deonach seo á chur i láthair ag am ríthábhachtach. An mhí seo, bhain an mheánteocht dhomhanda 17 gcéim amach, an figiúr is airde riamh, agus tá tonnta teasa ann san Eoraip, san Áise agus i gCríocha Mheiriceá. Fiú amháin anseo in Éirinn, tá na farraigí amach ónár gcósta thiar cúig chéim níos teo ná mar is gnách. Ní féidir neamhaird a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide, agus is é an t-aon bhealach amháin inar féidir linn aghaidh a thabhairt uirthi ná leanúint leis an obair a chur isteach agus le comhoibriú le chéile chun gnóthú iomlán domhanda na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a áirithiú.”

Labhróidh an tAire Ryan freisin faoi mhóiminteam a chothú i dtreo an Chruinnithe Mullaigh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2023 a bheidh ar siúl i mí Mheán Fómhair. Ceapadh Éire mar chomhéascaitheoir maidir leis an dearbhú polaitiúil atá le glacadh ag an gcruinniú mullaigh sin a ullmhú. Freastalóidh an tAire Ryan ar imeacht comhchéime ardleibhéil ar chomóradh 25 bliana Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta freisin.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Athbhreithniú Náisiúnta Deonach

Is é is Athbhreithniú Náisiúnta Deonach ann ná sásra tuairiscithe trína ndéanann tíortha measúnú ar an dul chun cinn náisiúnta a rinneadh ar chur chun feidhme Chlár Oibre 2030 agus na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe, lena n-áirítear an gealltanas ‘Gan Aon Duine a Fhágáil ar Leataobh’, agus trína gcuireann siad an dul chun cinn sin i láthair. Is athbhreithniú deonach atá faoi stiúir na tíre é, a bhfuil mar aidhm leis cabhrú le heispéiris – éachtaí, dúshláin agus na ceachtanna a foghlaimíodh san áireamh – a chomhroinnt d’fhonn dlús a chur le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030. Aidhm eile atá le hAthbhreithniú Náisiúnta Deonach is ea beartais agus institiúidí rialtais a neartú agus tacaíocht agus comhpháirtíochtaí il-gheallsealbhóirí a shlógadh ar mhaithe le cur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Tugann tír tuairisc do bhallraíocht na Náisiún Aontaithe nuair a chuireann sí an tAthbhreithniú Náisiúnta Deonach uaithi i láthair.

Chuir Éire an chéad Athbhreithniú Náisiúnta Deonach uaithi isteach sa bhliain 2018.

Atógáil chun Feabhais Gan Aon Duine a Fhágáil ar Leataobh

Ba faoin téama ‘Atógáil chun Feabhais Gan Aon Duine a Fhágáil ar Leataobh’ a forbraíodh Athbhreithniú Náisiúnta Deonach na hÉireann 2023. Bhí an téama sin bunaithe ar ghealltanas lárnach Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus ar théama an Fhóraim Ardleibhéil Polaitíochta 2023. Sa chomhthéacs sin, tugadh cuireadh don tsochaí shibhialta, do gheallsealbhóirí agus do Ranna Rialtais rannchuidiú leis an Athbhreithniú Náisiúnta Deonach trí chomhairliúchán poiblí, trí fhóraim do gheallsealbhóirí agus trí phróiseas speisialta comhairliúcháin don óige. Mar thoradh air sin, fuarthas ionchur ón tsochaí shibhialta agus ó gheallsealbhóirí agus cuireadh caibidil atá tiomnaithe don óige le chéile. Ba é sin an chéad uair riamh a sholáthair aon tír caibidil saorsheasaimh don óige san Athbhreithniú Náisiúnta Deonach uaithi.

Gníomhartha a Rinneadh

Tá cuid mhór de na gníomhartha atá ceaptha chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach leabaithe i mbeartais uileghabhálacha náisiúnta le haghaidh téarnamh ón bpaindéim, lena n-áirítear an Plean Téarnaimh Gheilleagraigh agus an Plean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta. Áirítear leo freisin beartais agus creataí amhail an Creat Folláine, an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide ó Éirinn agus beartais agus creataí a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, amhail an Plean Náisiúnta Iarfheistithe agus Leas a Bhaint as Digitiú – Creat Digiteach na hÉireann.

Tá Éire ag comhtháthú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe isteach sa bheartas um fhorbairt thar lear freisin. Leagtar amach na tosaíochtaí atá againn ina leith sin sa doiciméad dar teideal Domhan Níos Fearr: Beartas na hÉireann um Fhorbairt Idirnáisiúnta (2019). Áirítear leis na tosaíochtaí sin riachtanas daonnúil a laghdú, tacú le gníomhú ar son na haeráide, comhionannas inscne a chur chun cinn agus rialachas a neartú, agus sinn ag dul chomh fada leo siúd is faide ar gcúl ar dtús.

Clár Oibre 2030

I mí Mheán Fómhair 2015, rinne gach ceann den 193 Bhallstát de na Náisiúin Aontaithe, Éire ina measc, na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a ghlacadh chun ‘deireadh a chur leis an mbochtaineacht, an pláinéad a chosaint agus rathúnas do chách a chinntiú’ mar chuid de chlár oibre nua dar teidealI mBun Athraithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe. Tá an creat sin comhdhéanta de 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe agus de 169 sprioc. Bhí ról lárnach ag Éirinn maidir leis an gcreat a fhorbairt agus a ghlacadh, ag obair di i gcomhar leis an gCéinia mar chomhéascaitheoir ar an idirbheartaíocht idir-rialtasach i mí Mheán Fómhair 2015.

Fóram Ardleibhéil Polaitíochta na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe

Aithnítear i gClár Oibre 2030 an tábhacht a bhaineann le gníomhaíocht leantach agus athbhreithniú a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus domhanda chun an dul chun cinn ar chur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a thomhas. Is ionann Fóram Ardleibhéil Polaitíochta na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe agus príomhardán na Náisiún Aontaithe um fhorbairt inbhuanaithe agus um Chlár Oibre 2030 agus tá ról lárnach aige maidir le formhaoirseacht a dhéanamh ar an ngníomhaíocht leantach agus ar an athbhreithniú a dhéantar ar an leibhéal domhanda.

Beidh an Fóram Ardleibhéil Polaitíochta 2023 ar siúl idir an 10-19 Iúil 2023 ag Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac faoin téama lárnach “Dlús a chur leis an téarnamh ón ngalar coróinvíris (COVID-19) agus cur chun feidhme iomlán Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe ar gach leibhéal”. Faigh tuilleadh faisnéise ar shuíomh gréasáin na Náisiún Aontaithe.

An Cruinniú Mullaigh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2023

Beidh an Cruinniú Mullaigh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2023 ar siúl le linn sheachtain ardleibhéil Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i mí Mheán Fómhair 2023, i gcomhthráth le lárphointe chur chun feidhme Chlár Oibre 2030. Déanfaidh Cinn Stáit agus Cinn Rialtais athbhreithniú cuimsitheach ar staid na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, freagróidh siad do thionchar na ngéarchéimeanna difriúla idirghaolmhara atá roimh an domhan, agus soláthróidh siad treoir pholaitiúil ardleibhéil ar ghníomhartha bunathraitheacha agus luathaithe suas go dtí an spriocbhliain 2030 ar mhaithe leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. Is é a bheidh sa toradh ar an gcruinniú mullaigh ná dearbhú polaitiúil idirbheartaithe a gcomhéascóidh Éire agus Catar é. Faigh tuilleadh faisnéise ar shuíomh gréasáin na Náisiún Aontaithe.