Cuireann an tAire Ryan dlús leis na huaillmhianta d’earnáil na bpobal fuinnimh
- Foilsithe: 4 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Cinntítear leis an gceanglas nua go mbeidh tionscadail phobail faoi úinéireacht an phobail 100% chun tacaíocht 15 bliana a fháil i scéim tacaíochta leictreachais in-athnuaite an Rialtais (RESS)
D’fhógair an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, go gcaithfidh gach tionscadal a bhaineann leis an gcatagóir pobail i gceantanna RESS sa todhchaí a bheith faoi úinéireacht an phobail 100%.
Dúirt an tAire:
“Léirítear leis an aistriú seo daonlathú breise ar ár gcóras fuinnimh. Molaim do phobail ar spéis leo fuinneamh in-athnuaite an deis seo a thapú. Anois beidh pobail in ann na buntáistí uile a bhaineann le do leictreachas féin a ghiniúint a choinneáil. Féadann na tairbhí sin borradh airgeadais fadtéarmach a sholáthar don phobal i gcoitinne agus ceadaítear leis d’infheistíocht a dhéanamh chun todhchaí fhadtéarmach an phobail a chinntiú.”
Aithnítear gur tasc casta é giniúint leictreachais agus go háirithe do phobail. Maidir leis sin tá creat cumasúcháin tacaíochta á fhorbairt ag an Roinn agus ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann agus fógrófar na sonraí an mhí seo chugainn. Féadfaidh pobail a d’oibrigh i gcomhar le forbróirí tráchtála cheana féin chun tionscadal a thionscnamh roghnú fós an comhoibriú sin a choinneáil ar bhonn conartha le haghaidh seirbhísí.
Mar chonclúid dúirt an tAire Ryan:
“Is deis iontach é seo do phobail a bheith mar chuid d’aistriú na hÉireann i dtreo gheilleagar níos glaise ar an leibhéal áitiúil.”
CRÍOCH