Cuireann an tAire Ryan fáilte roimh an gceadú ón Aontas Eorpach le haghaidh ciste um Aistriú Cóir ar fiú €169 milliún é do réigiún an Láir Tíre
- Foilsithe: 19 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 21 Nollaig 2022
Chuir Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, fáilte roimh an gcinneadh ón gCoimisiún Eorpach an Plean Críochach um Aistriú Cóir ó Éirinn agus an Clár gaolmhar uaithi don tréimhse 2021–2027 a ghlacadh. Tháinig sé sin sna sála ar an gceadú a fuarthas ón rialtas an 29 Samhain 2022.
Dúirt an tAire Ryan:
"Tugtar sa Phlean Gnímh don Aeráid ó Éirinn creat le haghaidh aistriú cóir ar shiúl ón spleáchas ar bhreoslaí iontaise. A bhuí leis an gcur chuige sin um aistriú cóir, cuirfear ar chumas na hÉireann a geilleagar a ghlasú ar bhealach atá chomh cothrom agus chomh cuimsitheach agus is féidir agus nach bhfágann aon duine ar leataobh. Tá lúcháir orm a dheimhniú gur thángthas ar chomhaontú deiridh ar chlár foriomlán infheistíochtaí na hÉireann faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir, rud ar fiú suas le €169 milliún é. Is féidir tús a chur leis an gclár anois, a rachaidh chun tairbhe do phobail tailte móna an Láir Tíre suas go dtí an bhliain 2027."
Is ar limistéar an Láir Tíre atá Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir spriocdhírithe. Folaíonn an chríoch ainmnithe don chiste Contae Laoise, Contae an Longfoirt, Contae Uíbh Fhailí, Contae Ros Comáin agus Contae na hIarmhí, mar aon leis na ceantair bhardasacha seo a leanas: Béal Átha na Sluaighe (Contae na Gaillimhe), Baile Átha Í agus Claonadh-Maigh Nuad (Contae Chill Dara), agus Carraig na Siúire agus Durlas (Contae Thiobraid Árann). Is é aidhm an chiste aghaidh a thabhairt ar aistriú geilleagrach fadtéarmach an réigiúin tar éis deireadh a chur le baint tráchtála móna agus le giniúint chumhachta mhóinbhreoslaithe.
Leagtar amach sa Phlean Críochach um Aistriú Cóir ó Éirinn na tionchair a imreofar ar an gcríoch ina mbeidh an tionchar is diúltaí mar thoradh ar an aistriú ar shiúl ó bhreoslaí iontaise, agus sainaithnítear ann na riachtanais forbartha agus na tosaíochtaí forbartha a bheidh ag an gcríoch chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair dhiúltacha sin. Cuireadh comhairliúchán poiblí ar an dréacht-Phlean Críochach um Aistriú Cóir ar siúl níos luaithe i mbliana chun deis a thabhairt do na geallsealbhóirí uile rannchuidiú leis an bplean.
Leagtar amach i gclár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir na tosaíochtaí infheistíochta don €169 milliún chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha an aistrithe chuig an aeráidneodracht sa limistéar ainmnithe. Bainisteoidh Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre an ciste.
Spriocdhíreofar an clár ar phobail mhóna a mbeidh tionchar orthu i réigiún an Láir Tíre. Beidh sé dírithe ar thrí thosaíocht, lena n-áirítear:
- fostaíocht a ghiniúint trí infheistíocht a dhéanamh sa gheilleagar áitiúil a éagsúlú
- tacú le tailte móna díghrádaithe a athchóiriú agus a athshlánú agus le sócmhainní oidhreachta tionsclaíche a athghiniúint agus a chur in oiriúint d’fheidhmeanna eile
- roghanna soghluaisteachta cliste agus inbhuanaithe a thabhairt d’iarphobail mhóna chun cur ar a gcumas tairbhe dhíreach a bhaint as an aistriú glas
Dúirt an tAire Ryan freisin:
"Tá an rialtas tiomanta go fóill d’aistriú cóir a bhaint amach i réigiún an Láir Tíre agus leithdháil sé cistiú tiomnaithe suntasach cheana féin chun tacú le hoibrithe, cuideachtaí agus pobail a ndéanfar difear dóibh mar thoradh ar mhóinstáisiúin chumhachta a dhúnadh agus mar thoradh ar an deireadh a chuirfear le saothrú móna ag Bord na Móna. Beidh cistiú iomlán €29 milliún ar fáil sa bhliain 2023 faoin gCiste náisiúnta um Aistriú Cóir agus faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir. Táim ag tnúth le clár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir a bheith á sheoladh go foirmiúil agus á chur chun feidhme ag Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre i gcomhar le comhpháirtithe rialtais thar na míonna atá romhainn."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir
Tá Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir ina chuid de bheartas Comhtháthaithe an Aontais, rud arb ionann é agus straitéis an Aontais chun ‘forbairt chomhchuí fhoriomlán’ a Bhallstát agus a réigiún a chur chun cinn agus a chothú trí chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú trí bhearta a bhfuil mar aidhm leo neamhionannas a laghdú sa leibhéal forbartha idir réigiúin dhifriúla.
Tá Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir faoi réir Rialachán na bhForálacha Coiteanna (Rialachán 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021) agus an Rialacháin maidir leis an gCiste um Aistriú Cóir (Rialachán 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021).
Tá Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir mar chuid den chomhaontú comhpháirtíochta ar sheol an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an Coimisinéir um Ghnóthaí Réigiúnacha é an 16 Meán Fómhair 2022.
Is é an cuspóir atá le Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí díobhálacha an aistrithe aeráide trí thacaíocht a thabhairt do na críocha agus na hoibrithe a mbeidh an tionchar is diúltaí orthu agus aistriú socheacnamaíoch cothromaithe a chur chun cinn. Ar an tslí sin, tacófar leo sin a n-imreoidh an t-aistriú ar shiúl ó bhreoslaí iontaise an tionchar is diúltaí orthu leas a bhaint as na deiseanna geilleagracha nua a ghabhann leis an aistriú chuig samhail gheilleagrach atá bunaithe ar an aeráidneodracht.
Tá sé beartaithe an clár a sheoladh go foirmiúil go luath sa bhliain 2023.
Údarás bainistíochta
Ceapadh Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre mar ‘Údarás Bainistíochta’ do Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir. Tá an t-údarás bainistíochta freagrach as an gclár a bhainistiú, as faisnéis a sholáthar faoin gclár, as cabhrú le tionscadail incháilithe a roghnú agus as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Chlár na hÉireann faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir, téigh chuig suíomh gréasáin Chistí an Aontais Eorpaigh, seol ríomhphost chuig eujtf@emra.ie nó cuir glao ar 01 8074482.