English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Ryan fáilte roimh leithdháileadh €12.9 billiún le haghaidh na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide mar chuid d'Athbhreithniú NDP 2021-2030

  • Is é atá mar bhonn faoin leithdháileadh táscach de €12.9 billiún le haghaidh na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide go 2030 ná Éire inbhuanaithe a bhaint amach, atá nasctha go digiteach agus atá neodrach ó thaobh na haeráide
  • tiocfaidh suas le 80% den leictreachas a ghintear ar fud na tíre as foinsí in-athnuaite faoi 2030
  • tacóidh cistí cánach carbóin suntasacha le sprioc an rialtais a bhaint amach; is é sin 500,000 teach a aisfheistiú le gur Rátáil Fuinnimh Foirgnimh B2 a bheidh acu, agus 600,000 teaschaidéal a shuiteáil faoi 2030, a mbeidh 400,000 díobh i dtithe atá ann cheana
  • le €2.7 billiún, cuirfear leathanbhanda ardluais ar fáil do gach baile, scoil agus gnó in Éirinn, is cuma cé chomh hiargúlta atá sé - leis an bPlean Leathanbhanda Náisiúnta
  • Tabharfaidh NDP tacaíocht mhór ar fáil do réimse leathan bearta aeráide, 'Just Transition' agus an Geilleagar Ciorclach ina measc

Bhuail an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan, leis an Taoiseach Micheál Martin, an Tánaiste Leo Varadkar agus leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath, chun an Plean Forbartha Náisiúnta (NDP) 2021-2030 de luach €165 billiún a sheoladh i gCorcaigh inniu.

Dúirt an tAire Ryan an méid seo a leanas:

"Is é atá sa leithdháileadh €12.9 billiún le haghaidh na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide le linn thréimhse an Phlean Forbartha Náisiúnta ná buiséad na roinne agus é méadaithe faoi thrí agus léiríonn sé fíorleibhéal na huaillmhéine agus an fhíorluais atá leagtha amach againn san Acht Aeráide is déanaí. Is Plean Forbartha Náisiúnta é seo le haghaidh Éire a bheidh níos glaine, níos glaise agus níos nasctha - Éire a thacaíonn le pobail agus is é an sprioc aeráide atá againn ná astaíochtaí a laghdú ina leath faoi 2030.

"Ag féachaint ar an bplean €165 billiún ar an iomlán, is é seo an chéad uair a tugadh faoi mheasúnuithe aeráide agus comhshaoil de gach beart den Phlean Forbartha Náisiúnta. Agus é seo á dhéanamh againn, cinnteoimid go dtabharfar tacaíocht dár sa Phlean Forbartha Náisiunta. Le cinntiú go bhfuil ár n-infheistíochtaí ag teacht lenár spriocanna aeráide, tá leasuithe déanta ní hamháin ar an gCód Caiteachais Phoiblí ach ar laimhseáil Conarthaí Feidhmíochta Fuinnimh freisin.

"Rud atá níos suntasaí fós, leithdháileadh €5 billiún breise in admhálacha cánach carbóin le linn thréimhse an Phlean Forbartha Náisiúnta chun leibhéal na n-infheistíochta caipitil in éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú."

an Sprioc le haghaidh Fuinneamh in-athnuaite

Lean an tAire Ryan ag labhairt leis an méid seo a leanas:

"Le linn na deich mbliana atá romhainn, méadóimid sciar na giniúna leictreachais in-athnuaite suas le 80%, rud a laghdóidh astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair ar fad. Is é an fuinneamh in-athnuaite easchósta an deis eacnamaíoch is mó atá feicthe ag ár Stát riamh, mar tá ceann de na hacmhainní fuinnimh is fearr ar domhan againn. Teastaíonn infheistíocht phríobháideach de roinnt deicheanna billiúin euro chun ár sprioc gaoithe ón talamh de 5GW a bhaint amach faoi 2030 agus sa Phlean Forbartha Náisiúnta déantar achoimre ar ár gcur chuige an infheistíocht phríobháideach shuntasach seo a dhíghlasáil, agus réim rialála feabhsaithe, ceantanna easchósta RESS ar leith agus Plean Forbartha um Fhuinneamh In-athnuaite Easchósta eile san áireamh. Cuirfear leibhéil iomaíocha suas le 8GW de ghaoth ón bhfarraige agus suas le 2.5GW de ghiniúint leictreachas na gréine ar fáil lenár gceantanna rialta ar tír faoi 2030."

Déanfar 500,000 teach a aisfheistiú

Tá €1.3 billiún imfhálaithe ó fháltais ó chánacha carbóin chun tacú, ar a laghad, leis an uaillmhian aisfheistithe náisiúnta go dtí 2025, agus tá cistí breise le fógairt le linn an phróisis bhuiséadaigh gach bliain.

Leis an maoiniú seo don éifeachtúlacht fuinnimh nach rabhthas ag súil leis, tacófar le sprioc an rialtais 500,000 teach a aisfheistiú go Rátáil Fuinnimh an Fhoirgnimh B2 agus 600,000 teaschaidéal a shuiteáil, a mbeidh 400,000 díobh i dtithe atá ann cheana faoi 2030.

Dúirt an tAire Ryan an méid seo a leanas:

"Leis an infheistíocht seo, tacófar le líon mor uasghráduithe fuinnimh saor in aisce le haghaidh teaghlaigh ar ioncam íseal agus an té atá i mbaol tearcrochtain fuinnimh leis na blianta atá romhainn. Tiocfaidh sé le plean an rialtais 'Tithíocht do Chách' ('Housing for All'), atá tiomanta 36,500 teach de chuid an Údaráis Áitiúil a aisfheistiú faoi 2030.

"Bainfidh an tsochaí ar fad tairbhe as na bearta seo, agus muid ag laghdú ár n-astaíochtaí náisiúnta. Cuirfidh an infheistíocht seo le fostaíocht freisin i bpobail ar fud na tíre. Feicfimid é seo i dtéarnamh agus seasmhacht ár slabhraí soláthair - i measc conraitheoirí, ceardaithe agus gnólachtaí. Le haghaidh daoine aonair, is iad buntáistí na n-uasghráduithe fuinnimh seo ná go mbíonn tithe níos teo agus níos teolaí agus billí níos ísle i gceist leo."

Leathanbhanda a chur ar fáil do gach teach agus gnó

Le hinfheistíocht de €2.7 billiún, cuirfear leathanbhanda ardluais ar fáil do gach teach, scoil agus gnó in Éirinn, is cuma cé chomh hiargúlta atá sé - tríd an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda. Ciallaíonn sé seo go mbeidh tuilleadh roghanna ag daoine maidir le cá háit le cur fúthu agus ag obair. Beidh níos mó gnólachtaí in ann a bheith faoi bhláth agus fás, is cuma cá háit a bhfuil siad.

An t-aistriú chuig Geilleagar Ciorclach

Beidh an infheistíocht níos leithne den Phlean Forbartha Náisiúnta taobh thiar den aistriú chuig Geilleagar Ciorclach agus tacófar le tionscnaimh, mar shampla Scéim Éarlaise agus Aisíoca, a thabhairt isteach - chun timpeallacht níos glaine agus níos sláintiúla agus sochaí níos inbhuanaithe a chruthú. Cuideoidh infheistíocht an Phlean Forbartha Náisiúnta leis na hÚdaráis Áitiúla láithreáin líonta talún a fheabhsú, chun caighdeán níos fearr maireachtála a chinntiú le haghaidh pobail áitiúla.

Dúirt an tAire Ryan an méid seo a leanas:

"Caithfimid an bealach a ndéanaimid táirgí a thairgeadh a athrú. Is éard atá i gceist leis seo ná bogadh ón tsamhail thomhaltais de 'thógáil; déanamh; cur amú’. Leis an bPlean Forbartha Naisiúnta, beifear in ann an t-aistriú seo a dhéanamh. Cinnteoimid go mbeidh sé ina 'Just Transition' agus nach bhfágfar aon duine ina dhiaidh, agus muid ag bogadh i dtreo ár dtodhchaí, a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de. Bhuail mé le ceannairí tionscadail le déanaí a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste 'Just Transition'. Leis na tionscadail seo, a fhaigheann tacaíocht ón bPlean Forbartha Náisiúnta agus ón Aontas Eorpach, cuirfear 'Just Transition' i bhfeidhm - go háirithe i réigiún lár na tíre.

"Leis an bPlean Forbartha Náisiúnta seo, tabharfar deiseanna do shaoránaigh agus do ghnólachtaí ar fud na tíre ar fad. Cinnteofar leis go ndéanfaimid ár mbonneagar agus ár ngeilleagar a fhorbairt ar bhealach atá neamhdhíobhálach don aeráid agus atá seasmhach ó thaobh na haeráide de. Is é sin an fáth a ndearnadh measúnú ar ailíniú an phlean ar an iomlán, chun cinntiú go mbainfear spriocanna plean téarnaimh ghlais amach."

CRÍOCH


Nótaí chuig an eagarthóir

Is straitéis fhadtéarmach a bhaineann leis an rialtas ar fad é an Plean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 faoi 'Project Ireland 2040'. Cuirtear béim ar leith ar na réitigh tosaigh chun tithíocht, spriocanna aeráide agus athnuachan eacnamaíoch a neartú le haghaidh na chéad deich mbliana eile atá romhainn. Cruthóidh sé seo todhchaí atá níos acmhainní agus níos inbhuanaithe chun an saol agus caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú ar fud na tíre.