Cuireann an tAire Ryan fáilte roimh na chéad bhuiséid charbóin ón gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide mar gharsprioc shuntasach sna hiarrachtaí atá á ndéanamh ag Éirinn le dul i ngleic leis an athrú aeráide
- Foilsithe: 25 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chuir an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, fáilte roimh fhoilsiú na mbuiséad carbóin beartaithe ón gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide.
Is é seo an chéad uair a chuirfidh Éire uasteorainn le hastaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh tréimhsí ama socraithe.
Is cuid de phlean gníomhaíochtaí iad na buiséid charbóin atá leagtha amach san Acht um Gníomhú Aeráide agus Forbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021. Leis an Acht, ar síníodh ina dhlí é i mí Iúil na bliana seo, cuirtear de cheangal de réir dlí ar Éirinn sprioc glan-astaíochtaí niallais faoi 2050 ar a dhéanaí, agus laghdú 51% faoi 2030 (i gcomparáid le leibhéil 2018).
Rachaidh na buiséid charbóin beartaithe chuig an Rialtas agus ansin chuig an Oireachtas. Beidh sé de dhualgas ar an Oireachtas na buiséid charbóin seo a mholadh agus athbhreithniú a dhéanamh orthu laistigh de thréimhse ceithre mhí. Nuair a cheadófar na buiséid fhoriomlána charbóin ar fud an gheilleagair, roinnfidh an Rialtas na buiséid fhoriomlána charbóin ina n-uasteorainneacha astaíochtaí earnála.
Le cinntiú go leanfar ar aghaidh le gníomhú ar son na haeráide ar luas, foilseoidh an Rialtas an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021 sna seachtainí atá romhainn. Leagfar amach sa phlean seo na réimsí táscacha de laghdaithe astaíochtaí i ngach earnáil. Leagfaidh sé amach chomh maith na bearta praiticiúla atá de dhíth orainn chun ár spriocanna aeráide a bhaint amach.
Agus é ag plé fhorbairt an lae inniu, dúirt an tAire Ryan an méid seo a leanas:
"Nuair a ritheamar an tAcht um Aeráid i mí Iúil, chuireamar próiseas an bhuiséadaithe carbóin sa dlí. Leis an Acht seo neartaíodh freisin ról na Comhairle Comhairlí um Athrú Aeráide, chun cumhacht a thabhairt don chomhlacht neamhspleách seo an obair thábhachtach seo a dhéanamh, atá bunaithe ar an eolaíocht aeráide is cothroime le dáta. Is garsprioc shuntasach iad na chéad bhuiséid charbóin seo inár n-iarrachtaí le dul i ngleic leis an athrú aeráide.
"Éilíonn an chéad dá bhuiséad carbóin cúig bliana laghdú iomlán 51% ar astaíochtaí i rith na tréimhse go dtí 2030. Is cuid den aistear chuig astaíochtaí 'glan nialasacha', lena gcuirtear de cheangal orainn an t-aistriú chuig 'geilleagar atá láidir ó thaobh aeráide de, lán le bithéagsúlacht, inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus neodrach ó thaobh na haeráide de'faoi 2050 ar a dhéanaí.
"Foilseoidh an Rialtas an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021 go luath. Ní mór do gach earnáil den gheilleagar a cion féin a dhéanamh. Beidh spriocanna éagsúla ag gach earnáil, ag brath ar thúsphointí na n-earnálacha faoi seach, agus ar dheacracht, costas, luas agus na sochair a bhaineann le hastaíochtaí a laghdú.
"Beidh sé seo dúshlánach agus beidh gá le hathruithe bunúsacha in go leor codanna den saol in Éirinn, ach is deis é freisin geilleagar agus sochaí níos glaine agus níos glaise a chruthú ina ngearrtar astaíochtaí, ina gcruthaítear poist agus ina gcosnaítear ár ndaoine agus ár bpláinéad."
CRÍOCH
Nótaí chuig an eagarthóir
Maidir leis an gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide
In Alt 8 den Acht um Aeráid agus Forbairt Ísealcharbóin 2015 bunaíodh an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide ar bhonn reachtúil ar 18 Eanáir 2016. Cuireann an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide comhairle neamhspleách agus eolaíocht-bhunaithe ar an rialtas agus lucht déanta beart ar cad is féidir le hÉirinn a dhéanamh, chun geilleagar atá seasmhach ó thaobh na haeráide de, saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de, inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus neodrach ó thaobh na haeráide de, a bhaint amach faoi 2050. Tá sé de dhualgas uirthi chomh maith, an dul chun cinn atá déanta chun an sprioc seo a bhaint amach a mheas.
Cad is buiséad carbóin ann?
San Acht um Gníomhú Aeráide agus Forbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021 bunaítear córas buiséadaithe carbóin ina gcuirtear trí bhuiséad cúig bliana ar fud an gheilleagair san áireamh i ngach clár buiséid charbóin. Léirítear i ngach buiséad carbóin an méid iomlán astaíochtaí gás ceaptha teasa a cheadaítear sa Stát le linn gach tréimhse cúig bliana, a ndéantar a thomhas le tonnaí de choibhéis dé-ocsaíde carbóin. Beidh sé de chuspóir ag na buiséid charbóin éacht an chuspóra náisiúnta aeráide a chur chun cinn agus gáis cheaptha teasa san áireamh iontu. Sa chéad chlár a bhaineann le buiséid charbóin, beidh buiséid charbóin do na tréimhsí thíos: 2021-2025; 2026-2030 agus 2031-2035; agus an buiséad carbóin do 2031-2035 sealadach.
Cad is teorainn astaíochtaí earnála ann?
Is ionann teorainn astaíochtaí earnála agus an t-uasmhéid gás ceaptha teasa a cheadaítear in earnáil den gheilleagar le linn gach cúig bliana de bhuiséad carbóin. Déanfaidh an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, i gcomhairle le hAirí ábhartha eile, teorainn astaíochtaí earnála do gach earnáil ábhartha a fhorbairt laistigh de gach buiséad 5 bliana, a luaithe a ghlacfar an buiséad carbóin foriomlán.
Conas a aontófar ar na buiséid charbóin?
Nuair a mholfaidh an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide clár de thrí bhuiséad carbóin gach cúig bliana don Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, déanfaidh an tAire, laistigh de cheithre mhí, na buiséid mholta a mheas, rachaidh sé i gcomhairle leis na hAirí ábhartha eile agus leis an bpobal, déanfaidh sé leasuithe ar an mbuiséad carbóin atá beartaithe, más iomchuí, agus cuirfidh sé na buiséid i láthair don Rialtas. Agus dearbhú faighte ón Aire, déanfaidh an tAire rún a mholadh in dhá Theach an Oireachtais d'fhonn faomhadh a fháil ar an mbuiséad carbóin. Beidh éifeacht leis an mbuiséad carbóin amhail ar an dáta a rithfear rún ina ndéanfar na buiséid charbóin a cheadú, sa dá Theach, agus ón dáta sin i leith.
Cé a dhéanfaidh monatóireacht ar chomhlíonadh le buiséid charbóin agus le bearta?
Tabharfaidh an fardal bliantúil ar ghás cheaptha teasa agus tuairiscí réamh-mheastacháin, de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil agus tuarascáil bhliantúil na Comhairle Comhairlí um Athrú Aeráide eolas ar mhonatóireacht ar chomhlíonadh le dul chun cinn náisiúnta agus earnála i dtaca le gach buiséad carbóin agus teorainn astaíochtaí earnála.
Ní mór don Comhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide tuairisc a thabhairt gach bliain faoin 30 Deireadh Fómhair, ina dhiaidh, beidh dualgas ar Airí ábhartha cur síos a thabhairt do Choiste Oireachtais ar na hábhair seo a leanas: an dul chun cinn a rinneadh i gcur i bhfeidhm gníomhartha ón bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide agus i gcloí le teorainn astaíochtaí a n-earnála laistigh den tréimhse buiséid charbóin. I gcás nach gcomhlíonann Airí na spriocanna seo, ní mór dóibh cuntas a thabhairt ar na bearta ceartaitheacha atá a meas acu. Ní mór d'Airí freastal ar an gCoiste agus freagairt d'aon mholtaí a dhéanann an Coiste laistigh de thrí mhí. Cinnteoidh an cur chuige 'cloígh leis nó tabhair míniú' go bhfuil níos mó iniúchta agus freagrachta curtha ar fáil.
Feidhmíonn an leasú bliantúil ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide mar mheicníocht athbhreithnithe sa bhreis agus deis chun bearta a athchoigeartú nó a athdhíriú lena chinntiú go baintear spriocanna amach.
Leanfaidh na meicníochtaí rialachais reatha, a cuireadh ar bun ar bhonn riaracháin leis an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2019, ar aghaidh chomh maith. Is é sin, go ndéanfaidh Roinn an Taoisigh maoirseacht ar chur i bhfeidhm na gníomhartha mar chuid de Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide agus foilseoidh tuairiscí ráithiúil ar an dul chun cinn.