English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Ryan fáilte roimh thoradh GCC go ndearnach rátaí astaíochtaí a ísliú in 2020 ach tugann sé rabhadh go "léirítear ann scála an dúshláin aeráide atá romhainn"

Chuir an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, fáilte roimh ráiteas ó GCC (an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil) inniu gur laghdaíodh astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann 2020 de 3.6% i gcomparáid le leibhéil 2019, ach dúirt sé go léiríonn an laghdú "measartha beag” in astaíochtaí scála an dúshláin atá romhainn.

Agus é ag plé an ráitis, dúirt an tAire an méid seo a leanas:

"Chuir imeachtaí 2020 isteach ar gheilleagair agus shochaithe na mbilliúin daoine ar fud an domhain agus níor fágadh Éire as an áireamh sa mhéid sin. D'imir na bearta chun dul i ngleic le paindéim Covid-19 tionchar soiléir ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann. Cé gur laghdaíodh astaíochtaí taistil go suntasach, rinneadh beagán cúitimh air seo le méadú in astaíochtaí inár bhfoirgnimh agus méadú tagtha ar an éileamh teasa uathu siúd atá ag obair sa bhaile.

"Ar an iomlán, tá laghdú na n-astaíochtaí 3.6% [nó 2.2 Mt coibhéis CO2] in aghaidh leibhéil 2019 measartha beag, nuair a mheastar scála na paindéime. Leis seo, arís, léirítear scála an dúshláin aeráide atá romhainn.

"Le hastaíochtaí ónár n-earnáil leictreachais, léirítear, áfach, gur féidir laghduithe in astaíochtaí a bhaint amach. Leanadh ar aghaidh le treocht astaíochtaí atá ag meathlú san earnáil seo, agus í faoi thionchar laghdaithe in úsáid móna i nginiúint leictreachais, agus méadaithe i méid an leictreachais a ghineann foinsí in-athnuaite. Den chéad uair, laghdaíodh déine carbóin na hÉireann faoi 300 gCO2/kWh, ar laghdú suntasach é ó leibhéil 1990, nuair arbh í trí uaire leibhéil 2020 í ag 896 gCO2/kWh."

Léiríodh sa ráiteas ó GCC, cé gur laghdaíodh astaíochtaí beagáinín in earnálacha tionscail agus tráchtála, go bhfuil astaíochtaí earnáil na talamhaíochta tar éis dul in airde go leanúnach. Leis seo, a deir an tAire, cuirtear béim ar thábhacht na mbeartas nua chun an treocht seo a mhalartú.

Chuir an tAire an méid seo a leanas leis:

"Cé gur céim sa treo ceart é an laghdú in astaíochtaí iomlána, ghabh Éire thar a buiséad astaíochtaí le haghaidh 2020. Ciallaíonn sé seo nach dócha go mbainfimid amach spriocanna foriomlána an Aontais Eorpaigh 2020. Ní mór dúinn ár n-iarrachtaí a dhíriú ar ár gcuid oibleagáidí a bhaint amach go ceann deich mbliana. Beidh gá le tuilleadh beart claochlaitheacha chun ár spriocanna aeráide náisiúnta a bhaint amach. Agus na dúshláin seo á n-aithint ag an Rialtas, tá sé tar éis dlús a chur lena chuid spriocanna."

I mí Iúil, ritheadh an tAcht um Ghníomhú Aeráide agus Forbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021. Leis seo, cuirtear de cheangal de réir dlí ar Éirinn neodracht iomlán ó thaobh astaíochtaí a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus laghdú 51% a bhaint amach faoi 2030 (i gcomparáid le leibhéil 2018). Leis an Acht seo, cuirtear an creat ar fáil chun ceangail aeráide idirnáisiúnta agus ceangail an Aontais Eorpaigh a bhaint amach agus chun a chur ar chumas na hÉireann a bheith ina ceannaire agus muid ag dul i ngleic leis an athrú aeráide.

Déanfaidh an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide, ar comhlacht neamhspleách í, buiséid charbóin a mholadh go luath. Rachaidh na buiséid charbóin chuig an Rialtas agus ansin chuig an Oireachtas. Beidh sé de dhualgas ar an Oireachtas na buiséid charbóin seo a mholadh agus athbhreithniú a dhéanamh orthu laistigh de thréimhse ceithre mhí.

Nuair a cheadófar na buiséid fhoriomlána charbóin ar fud an gheilleagair, roinnfidh an Rialtas an buiseád foriomlán in uasteorainn earnála. Beidh ar gach earnáil (den gheilleagar) a cion féin a dhéanamh. Beidh spriocanna éagsúla ag gach earnáil, ag brath ar thúsphointí na n-earnálacha faoi seach, agus ar dheacracht, costas, luas agus na sochair a bhaineann le hastaíochtaí a laghdú.

Déanfaidh an Rialtas, le cinntiú go leantar ar aghaidh leis an ngníomhú ar son na haeráide ar luas, an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021 a fhoilsiú sna seachtainí atá romhainn. Leagfar amach sa phlean seo na réimsí táscacha de laghdaithe astaíochtaí i ngach earnáil. Leagfaidh sé amach chomh maith na bearta praiticiúla atá de dhíth orainn chun ár spriocanna aeráide a bhaint amach.

Chuir an tAire Ryan i gcrích:

"Beidh sé seo dúshlánach agus beidh gá le hathruithe bunúsacha in go leor codanna den saol in Éirinn, ach is deis é freisin geilleagar agus sochaí níos glaine agus níos glaise a chruthú. Agus na hathruithe seo á ndéanamh againn, cuirfimid feabhas ar shláinte, leas agus slándáil ár ndaoine, chomh maith lenár gcomhshaol."

CRÍOCH


Nótaí chuig an eagarthóir

Déantar achoimre thíos ar phríomhthorthaí ráiteas an GCC (an nGhníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil), a ndéantar tagairt dó sa phreasráiteas seo thíos:

  • Tháinig laghdú 3.6% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann in 2020, níos lú ná an laghdú a chonacthas in 2019
  • Tháinig laghdú 15.7% ar astaíochtaí taistil (ba é an laghdú astaíochtaí earnála ba mhó é) mar thoradh ar bhearta dianghlásála COVID-19
  • Tháinig laghdú 7.9% ar astaíochtaí i dtionscal an fhuinnimh. Tharla sé seo de bharr laghdú 51% ar ghiniúint leictreachais móin-bhreoslaithe agus de bharr méadú 15% ar ghiniúint gaoithe
  • Tháinig méadú 9.0% ar astaíochtaí cónaithe. Bhí an méadú in úsáid breosla iontaise diancharbóin faoi thionchar praghsanna íseal breosla agus a bheith ag obair ón mbaile
  • Tháinig méadú 1.4% ar astaíochtaí talamhaíochta. Bhí sé seo bunaithe ar an méadú a tháinig ar ghníomhaíocht i ngach réimse; méadú 3.2% ar líon na mbó déiríochta san áireamh

Is féidir teacht ar an ráiteas iomlán GCC, dar teideal ‘Pandemic restrictions, less peat and more wind energy lead to reduced greenhouse gas emissions in 2020’ anseo.