Cuireann an tAire Smyth a ainm leis an Nuashonrú Bliantúil Náisiúnta ar Chibearshlándáil 2023 agus seolann sé Deontas Feabhsúcháin Cibearshlándála d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide ar fiú €2 mhilliún é
- Foilsithe: 5 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 7 Samhain 2024
- Léirítear sa Nuashonrú Bliantúil leithead na hoibre atá déanta ag ranna agus ag gníomhaireachtaí an rialtais maidir lenár gcibearspás a dhaingniú agus Éire a chosaint ar chibirionsaithe
- Leis an tionscnamh deontais d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, cuirtear leis an Deontas Athbhreithniúcháin Cibearshlándála atá ar fáil ó Fhiontraíocht Éireann
D’fhoilsigh Ossian Smyth, an tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, an chéad Nuashonrú Bliantúil Náisiúnta ar Chibearshlándáil riamh inniu, ar tionscnamh é a d’eascair as an gcomhairliúchán poiblí a rinneadh ag pointe Lár Téarma na Straitéise Náisiúnta Cibearshlándála. Tugtar sa Nuashonrú Bliantúil Náisiúnta ar Chibearshlándáil forbhreathnú leathan ar an obair ollmhór a rinneadh ar fud an Rialtais sa bhliain 2023.
Tá sa Nuashonrú ionchur ón Roinn, ón Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála, ón nGarda Síochána, ó Óglaigh na hÉireann, agus ón Roinn Gnóthaí Eachtracha. Trí nuashonruithe den sórt sin a thiomsú, faightear breac-chuntas cuimsitheach ar an obair agus na forbairtí i réimse na cibearshlándála in Éirinn.
Léirítear sa nuashonrú fadréimseach seo an obair ollmhór cibearshlándála a rinneadh ar fud na hÉireann, agus tarraingítear aird ann ar an gcaidreamh a rinne an rialtas leis an lucht léinn, leis an tionscal agus leis an tsochaí chun an tír ar fad a bhogadh ar aghaidh agus chun cibearspás slán sábháilte a chinntiú do chách. Cumhdaítear ann an dul chun cinn a rinneadh ar fhorbairt scileanna agus acmhainne, ar chibearthaidhleoireacht agus ar fhorbairt fiontar cibearshlándála. Tá sa nuashonrú freisin tuarascálacha stádais ar theagmhais chibearshlándála in Éirinn le linn na bliana, ar an éiceachóras rialála digiteach, agus ar leibhéil feasachta cibearshlándála a mhéadú ar fud gach gné de shochaí na hÉireann.
Agus é ag labhairt tar éis fhoilsiú an Nuashonraithe Bhliantúil, dúirt an tAire Smyth:
"Tá an-áthas orm inniu an Nuashonrú Bliantúil Náisiúnta ar Chibearshlándáil don bhliain 2023 a chur i láthair inniu. Is ionann an nuashonrú seo agus freagra díreach ar na hiarrataí a rinne an pobal á rá go ndéanfaí tuairisciú ar bhonn níos minice, go dtabharfaí tuilleadh léargais agus go mbeadh tuilleadh trédhearcachta ann maidir le hiarrachtaí an Rialtais i réimse na cibearshlándála.
"Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don sárdhul chun cinn a rinneadh go dtí seo ar an Straitéis uainn a chur chun feidhme ar fud na leibhéal uile den rialtas. Chabhraigh an obair dhochloíte sin le cur lena athléimní atá Éire i leith cibearbhagairtí. Léirítear sa Nuashonrú Bliantúil seo go bhfuil rún daingean ag rialtas na hÉireann bonneagar criticiúil an Stáit a chosaint, scileanna agus acmhainn a fhorbairt sa tsochaí shibhialta, agus aistriú digiteach leantach na hÉireann a choimirciú."
Chun amharc ar an Nuashonrú Bliantúil Náisiúnta ar Chibearshlándáil 2023, téigh chuig suíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Deontas Feabhsúcháin Cibearshlándála d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide
In éineacht leis an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála, sheol an tAire Smyth an Deontas Feabhsúcháin Cibearshlándála d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide ón Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin agus Forbartha um Chibearshlándáil inniu. Tá sé mar aidhm leis an gciste €2 mhilliún sin tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) in Éirinn de réir mar a chuireann siad feabhas ar a gcibearshlándáil. Leis an deontas, tacaítear le cuideachtaí cur chun feidhme a dhéanamh ar na moltaí tosaíochta a d’eascair as an Deontas Athbhreithniúcháin Cibearshlándála ó Fhiontraíocht Éireann a úsáid, mar aon le feabhas a chur ar a athléimní atá gnólachtaí Éireannacha i leith cibearbhagairtí.
Leis an tionscnamh nua seo, atá á chomhchistiú ag an gClár don Eoraip Dhigiteach de chuid an Aontais Eorpaigh, tairgtear do chuideachtaí an tacaíocht airgeadais a theastaíonn uathu chun a gcórais TF a neartú, chun a slándáil oibríochtúil a fheabhsú, agus chun a chinntiú go mbeidh siad cosanta san fhadtéarma ar chibirionsaithe a bhíonn ag éirí níos sofaisticiúla i gcónaí. Féadfaidh FBManna atá incháilithe iarratas a dhéanamh ar chistiú is fiú 80% de chostais an tionscadail, faoi réir deontas uasta €60,000, chun príomhbhearta cibearshlándála a chur chun feidhme, chun a gcórais a atástáil, agus chun treoir shaineolach a fháil maidir le feabhsuithe amach anseo.
D’fháiltigh an tAire Smyth roimh sheoladh an deontais, agus é ag rá:
"Bíonn gnólachtaí Éireannacha, go háirithe FBManna, ag éirí níos leochailí i gcónaí i leith cibearbhagairtí. Leis an deontas seo, tabharfar de chumhacht dóibh bearta fiúntacha a dhéanamh chun a gcuid oibríochtaí a dhaingniú, rud atá ríthábhachtach i ngeilleagar digiteach an lae inniu. Trí obair i gcomhpháirt leis an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála agus le Fiontraíocht Éireann, táimid ag tabhairt na n-uirlisí agus na n-acmhainní is gá do chuideachtaí ionas gur féidir leo cosaintí níos láidre a thógáil agus fanacht chun cinn ar chibir-rioscaí éabhlóideacha."
Dúirt Joseph Stephens, Stiúrthóir um Athléimneacht sa Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála:
"Tá an cistiú seo ina infheistíocht straitéiseach i slándáil ghnólachtaí beaga na hÉireann, ar gnólachtaí iad a bhíonn ag fás. Toisc go mbíonn cibearbhagairtí ag éirí níos sofaisticiúla i gcónaí, ní mór dúinn a chinntiú go bhfaigheann cuideachtaí an tacaíocht is gá chun bearta láidre a chur chun feidhme agus chun a gcuid sonraí, oibríochtaí agus custaiméirí a chosaint. Soláthraítear leis an Deontas Feabhsúcháin Cibearshlándála cúnamh praiticiúil chun cosaintí a neartú agus chun caighdeáin chibearshlándála a ardú ar fud na tíre. Tá na bearta a bhfuilimid ag iarraidh feabhas a chur orthu ag teacht leis na hoibleagáidí atá ar chuideachtaí faoin dara Treoir maidir le Slándáil Gréasán agus Faisnéise agus, ar an tslí sin, cabhróidh siad le cuideachtaí ullmhú do na hoibleagáidí sin."
Tá an deontas ar fáil do FBManna a rinne Athbhreithniú Cibearshlándála Fhiontraíocht Éireann cheana féin agus atá ag iarraidh na feabhsuithe molta a chur chun feidhme. Glacfar le hiarratais go dtí an 8 Nollaig 2024, agus táthar ag súil leis go mbeidh ardéileamh ann.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, is féidir le gnólachtaí cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
- Tá an Deontas Feabhsúcháin Cibearshlándála ón Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin agus Forbartha um Chibearshlándáil dírithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) atá cláraithe in Éirinn agus atá faoi úinéireacht agus faoi rialú san Eoraip. Ní mór do chuideachtaí incháilithe Athbhreithniú Cibearshlándála Fhiontraíocht Éireann a bheith curtha i gcrích acu sula ndéanfaidh siad iarratas ar an deontas
- Cumhdófar leis an deontas suas le 80% de chostais an tionscadail, faoi réir tacaíocht uasta €60,000 in aghaidh na cuideachta. Ceanglaítear ar iarratasóirí 20% ar a laghad de na costais a fhéinmhaoiniú
- Tá an tionscnamh seo á chomhchistiú ag an gClár don Eoraip Dhigiteach de chuid an Aontais Eorpaigh, agus tá sé mar chuid den mhórstraitéis atá ar bun ag an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála chun cur lena athléimní atá pobal gnó na hÉireann i leith cibearbhagairtí
- Beidh ar FBManna obair i gcomhar le comhairleoirí neamhspleácha cibearshlándála a chomhlíonann na critéir incháilitheachta atá leagtha amach ag an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála
- Beidh an t-ionú iarratais don deontas ar oscailt go dtí an 8 Nollaig 2024, agus ní mór éilimh a chur isteach faoin 30 Meitheamh 2025
- Soláthraítear le hAthbhreithniú Cibearshlándála Fhiontraíocht Éireann plean mionsonraithe feabhsúcháin, lena dtreorófar FBManna agus iad ag cur uasghráduithe agus bearta riachtanacha cibearshlándála in ord tosaíochta. Leis an deontas ón Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin agus Forbartha um Chibearshlándáil, tacófar le cur chun feidhme na ngníomhartha tosaíochta sin, amhail uasghráduithe balla dóiteáin, oiliúint foirne, agus deighilt líonra, i measc nithe eile
- Chun tuilleadh mionsonraí a fháil faoi na critéir incháilitheachta, faoin bpróiseas iarratais, agus faoi na doiciméid riachtanacha, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála.