English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann an tAire Ryan comhchathaoirleacht ar Chruinniú Aireachta na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh, 2024

  • Díreofar le linn ócáid chomóradh 50 bliain na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh ar an ngá le haistriú amach ó bhreoslaí iontaise agus le dlús a chur le fuinneamh glas a mhaoiniú, go háirithe sa domhan forbraíochta

Déanfaidh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, comhchathaoirleacht ar Chruinniú Aireachta na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA), 2024, an tseachtain seo, i dteannta Aire Comhshaoil na Fraince.

Is í seo an chéad uair riamh a dhéanfaidh Éire comhchathaoirleacht ar an ócáid, áit a dtugtar le chéile airí fuinnimh agus cumarsáide a dhéanann ionadaíocht do níos mó ná 40 rialtas ó áiteanna ar fud an domhain. Ceiliúrtar le hócáid na bliana seo freisin comóradh 50 bliain na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh agus is í an chéad ócáid iltaobhach mhór atáthar ag cur ar siúl ó cuireadh COP28 ar siúl in Dubai anuraidh í.

Príomheagraíocht idir-rialtasach is ea IEA. Soláthraíonn sé moltaí beartais, anailís agus sonraí maidir leis an earnáil dhomhanda fuinnimh dá chuid balltíortha agus tíortha comhlachais, ar mó a líon ná 40 tír, lena n-áirítear Stáit Aontaithe Mheiriceá, an tSín agus formhór na dtíortha den Aontas Eorpach.

Rud a ndíreofar air mar thosaíocht ag an gCruinniú Aireachta is ea an dóigh ar féidir leis an domhan aistriú amach ó bhreoslaí iontaise, mar a comhaontaíodh ag COP28 in Dubai. Táthar ag súil leis go gcomhaontóidh na hairí gurb amhlaidh, maidir le soláthairtí fadtéarmacha nua ola agus gáis a fhorbairt, atá sé neamh-chomhoiriúnach leis an téamh domhanda a choinneáil faoi bhun 1.5 °C. Má tá an domhan chun na roghanna malartacha fuinnimh ghlain a fhorbairt, is gá, dar le meastacháin ó IEA, don infheistíocht ó na foinsí uile – idir fhoinsí poiblí agus fhoinsí príobháideacha – USD$4.5 trilliún in aghaidh na bliana a shroicheadh faoin mbliain 2030. Ní mór USD$2.2 trilliún ar a laghad den fhigiúr sin a chaitheamh gach bliain i margaí atá i mbéal forbartha agus ag teacht chun cinn.

Dúirt an tAire Ryan gurb é atá i gCruinniú Aireachta IEA, 2024, ná céim aistir ríthábhachtach sa tsraith cruinnithe idirnáisiúnta lena gcinnfear conas is féidir leis an domhan uaillmhianta aeráide níos airde a shocrú le haghaidh gach tíre agus an maoiniú a theastaíonn uathu le haghaidh an aistrithe a sholáthar dóibh. Thagair sé don ról tábhachtach atá ag an mBrasaíl, a bhfuil uachtaránacht G20 aici sa bhliain 2024 agus a óstálfaidh COP30 sa bhliain 2025. Is ansin a bheidh orainn an uaillmhian níos mó sin a chomhcheangal le sásraí láidre airgeadais, ar seisean.

Dúirt an tAire Ryan:

"Tionscadal síochána ár linne is ea seo agus is gá dúinn a chinntiú go dtacófar le gach cuid den domhan, agus ní hamháin na codanna saibhre de. Tríd an méid sin a dhéanamh, is féidir linn cabhrú leis an mbochtaineacht a mhaolú, is féidir linn coimhlintí a laghdú agus is féidir linn cabhrú le himirce éigeantais a bhainistiú, anuas ar aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide."

Ag deireadh an chruinnithe i bPáras, foilseofar 'communiqué' (ráiteas) comhaontaithe, arb é doiciméad bunchloiche Chruinniú Aireachta IEA é. Leagfar amach ann sainorduithe nua do IEA suas go dtí an bhliain 2026, agus luafar ann na bearta atá glactha ag an ngníomhaireacht chun a cuid oibre atá dírithe ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a mhúnlú sa dá bhliain atá le teacht.

Bunaíodh IEA le linn ghéarchéim fuinnimh na 1970í agus tá cruinniú na bliana seo ag titim amach le linn tréimhse éiginnteachta domhanda i margaí fuinnimh, áit a bhfuil ionradh na Rúise ar an Úcráin agus an choimhlint in Gaza ag leagan béim ar na leochaileachtaí atá ann sa chóras fuinnimh agus ag léiriú an ghá le haistriú chuig fuinneamh in-athnuaite agus chuig slándáil fuinnimh níos mó.

Tá an clár oibre iomlán le haghaidh Chruinniú Aireachta IEA, 2024, ar fáil ar shuíomh gréasáin IEA.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Labhraíonn an tAire Ryan go minic agus go treorach ag cruinnithe de chuid na Comhairle Eorpaí a bpléitear cúrsaí fuinnimh, comhshaoil agus iompair lena linn. Toghadh é mar chomhchathaoirleach ar IEA mar gheall ar a shaineolas ar fhuinneamh in-athnuaite agus ar an athrú aeráide. Sa bhliain 2022, ceapadh é mar phríomh-idirbheartaí an Aontais Eorpaigh ar chainteanna ag COP27 in Sharm-El-Sheikh, an Éigipt, rud lenar soláthraíodh réiteach stairiúil ar mhaoiniú Caillteanas agus Damáiste. Chomh maith leis sin, d’fhóin sé mar chomhchathaoirleach ar ghrúpa Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh de chuid na Comhairle Eorpaí ar fud na bliana 2022 agus d’imir sé ról lárnach sa Ríocht Aontaithe a thabhairt isteach san eagraíocht deich mballstát sin an athuair. Déanann an eagraíocht forbairt acmhainneacht ollmhór eangaí agus fuinnimh in-athnuaite amach ó chósta na hEorpa a chur ar aghaidh agus a éascú.

An Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA)

Tá an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) i gcroílár an idirphlé dhomhanda maidir leis an bhfuinneamh, agus í ag soláthar anailís údarásach, sonraí, moltaí beartais agus réitigh fíorshaoil chun cabhrú le tíortha fuinneamh slán inbhuanaithe a sholáthar do chách. Cruthaíodh IEA sa bhliain 1974 chun cabhrú le freagairt chomhchoiteann do mhórchur isteach sa soláthar ola a chomhordú. Cé gur príomhghné dá chuid oibre fós í slándáil ola, tá IEA ag forbairt agus ag leathnú go suntasach ó uair a bhunaithe i leith.

Ón mbliain 2015 i leith, tá IEA ag ligean isteach tíortha atá ag teacht chun cinn chun a thionchar domhanda a mhéadú agus chun comhoibriú a dhoimhniú maidir le slándáil fuinnimh, sonraí agus staidreamh, anailís beartais fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh, agus an méadú atá ag teacht ar úsáid teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain.