English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann an tAire Ryan rialacha nua maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht a shíniú ina ndlí

Rinne Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, rialacha nua a shíniú ina ndlí lena n-athraítear an fhreagracht a chuireann Éire ar tháirgeoirí as pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht chun feabhas a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil fhoriomlán na hÉireann.

Leis na rialacháin leasaitheacha, athraítear na hoibleagáidí orthu sin ar a dtugtar 'mórtháirgeoirí'. Is iad sin táirgeoirí a chuireann 10 dtona nó níos mó de phacáistíocht ar an margadh gach bliain agus a mbíonn láimhdeachas bliantúil os cionn €1 mhilliún acu.

Chun na hoibleagáidí atá orthu faoi na rialacháin um pacáistíocht a chomhlíonadh, ceanglaítear ar 'mhórtháirgeoirí' anois a bheith ina mball de chomhlacht ceadaithe. Is é Repak a oibríonn an t-aon chomhlacht ceadaithe amháin do phacáistíocht in Éirinn faoi láthair. Bhí sé de rogha ag táirgeoirí 'féinchomhlíonadh' roimhe sin, ag gníomhú dóibh faoi fhormhaoirseacht ag údarás áitiúil. Cuireadh deireadh leis an rogha sin, áfach.

Tá na hathruithe á dtabhairt isteach chun feidhmíocht chomhshaoil chomhchoiteann na hÉireann a bhrú chun cinn trí thacú le táirgeoirí dearadh, oideachas, cuntasacht agus inrianaitheacht pacáistíochta a fheabhsú. Tá spriocanna uaillmhianacha nua ann anois do shruthanna pacáistíochta aonair (go háirithe plaisteach) do na blianta 2025 agus 2030. Agus í ag freagairt don dúshlán a bhaineann leis na spriocanna sin a chomhlíonadh, ceanglaíonn Éire anois go mbeadh an córas deartha chun a chinntiú go ndéanann gach táirgeoir a sciar féin ar bhonn cothrom coibhéiseach. Bhí na rialacháin ina n-ábhar do chomhairliúchán poiblí, a dúnadh ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair.

Chun cabhrú le táirgeoirí a mbeidh tionchar ag an athrú orthu, tabharfaidh Repak cúnamh do 'mhórtháirgeoirí' a d’fhéinchomhlíon roimhe sin.

Tiocfaidh na rialacháin i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023, agus is féidir an reachtaíocht a fháil ar shuíomh gréasáin Leabhar Reachtanna na hÉireann.

Le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pacáistiú), 2014, cuirtear roinnt oibleagáidí bunúsacha ar gach táirgeoir pacáistíochta in Éirinn. Áirítear leo sin dramhaíl ó phacáistíocht a dheighilt de réir cineál ábhair, dramhaíl ó phacáistíocht a bhailiú agus a chóireáil, agus sonraí a sholáthar le haghaidh staidreamh náisiúnta. Ní bheidh aon athrú ann ar na príomhoibleagáidí sin mar thoradh ar na rialacháin leasaitheacha.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Clár an Rialtais

Tugadh na gealltanais seo a leanas i gClár an Rialtais, a foilsíodh i mí an Mheithimh 2020:

  • an tsamhail Freagrachta Leathnaithe Táirgeora a neartú (do phacáistíocht)
  • a chinntiú go gcumhdaítear na glanchostais iomlána a bhaineann le táirgí a bhfuil a ré caite a bhailiú agus a chóireáil ar leithligh

Chuir an rialtas deireadh le féinchomhlíonadh mar rogha faoin tsamhail Freagrachta Leathnaithe Táirgeora chun a chinntiú go gcaitear go cothrom le gach táirgeoir agus chun deireadh a chur le bealaí éalaithe féideartha.

Féinchomhlíonadh

Leis na príomhrialacháin um pacáistíocht, cuirtear roinnt oibleagáidí breise ar tháirgeoirí a ghineann méid áirithe pacáistíochta. Chun comhlíonadh na n-oibleagáidí dlíthiúla sin a chinntiú, bhí sé de rogha ag 'mórtháirgeoirí' clárú le húdarás áitiúil agus cloí leis na ceanglais sin mar fhéinchomhlíontóir. Cuireadh deireadh leis an rogha chun 'féinchomhlíonadh' faoi fhormhaoirseacht ag údarás áitiúil. Beidh éifeacht leis an athrú sin ón 1 Eanáir 2023.

Repak

Oibríonn Repak an eagraíocht freagrachta táirgeora do phacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, ag gníomhú dó faoi cheadú ón Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil ar shuíomh gréasáin Repak.ie.

Comhairliúchán poiblí

Bhí comhairliúchán poiblí ar siúl ar feadh sé seachtaine. Dúnadh an 28 Deireadh Fómhair 2022 é. Tá tuarascáil ar an gcomhairliúchán agus cóip de na haighneachtaí a fuarthas ar fáil lena léamh ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.