English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deonaíonn an tAire Ryan na chéad Toilithe Limistéir Mhuirí in Éirinn le haghaidh tionscadail Fuinnimh Gaoithe Amach ón gCósta

Rinne Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Toilithe Limistéir Mhuirí a eisiúint inniu chuig an gcéad chéim de sheacht dtionscadal fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta. Is cloch mhíle shuntasach é sin maidir le gaoth amach ón gcósta a sholáthar in Éirinn. Agus é ag teacht sna sála ar fhoilsiú an Phlean Gnímh don Aeráid 2023, deimhníonn sé sin a thiomanta atá an rialtas dár n-uaillmhianta aeráide a bhaint amach agus do shlándáil fuinnimh an Stáit a bhreisiú.

Trí Thoilithe Limistéir Mhuirí a bhronnadh, cinnteofar nach féidir ach leis na tionscadail sin a bhfuil an inmharthanacht is mó acu chun spriocanna uaillmhianacha fuinnimh na hÉireann a bhaint amach dul ar aghaidh chuig an gcóras pleanála. Bronntar gach Toiliú Limistéir Mhuirí tar éis don Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar inniúlacht airgeadais agus theicniúil gach tionscadail. A bhuí leis an gcur chuige sin, cumasaítear do thionscadail uile Chéim a hAon tús a chur lena gcaidreamh réamhiarratais pleanála leis an mBord Pleanála.

Toradh eile atá air is ea go gcumasaítear do thionscadail Chéim a hAon páirt a ghlacadh in STLIAC 1, an chéad cheant le haghaidh gaoth amach ón gcósta faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite. Meastar gurb é an toradh a bheidh ar STLIAC 1 ná go soláthrófar thart ar 2.5 GW d’acmhainn ginte leictreachais.

Ag labhairt dó tar éis don Stát na chéad Toilithe Limistéir Mhuirí a bhronnadh le haghaidh fuinneamh amach ón gcósta, dúirt an tAire Ryan:

"Agus Toilithe Limistéir Mhuirí á mbronnadh againn inniu ar sheacht gcinn de thionscadail Chéim a hAon, thugamar deis do na tionscadail fuinnimh is inmharthana agus is mó dul chun cinn dul ar aghaidh tríd an gcóras pleanála agus forbairt a bhaint amach. Is cloch mhíle shuntasach é seo ar an gconair i dtreo ár soláthar fuinnimh a dhícharbónú agus ár neamhspleáchas fuinnimh a dhaingniú.

"Dréachtaíodh na chéad Toilithe Limistéir Mhuirí seo go cúramach chun imscaradh tapa éifeachtúil fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta a chur chun cinn agus chun acmhainn mhuirí shaibhir uathúil an Stáit a chosaint ar deireadh, ar aon dul le prionsabail an Chreata Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí."

Ceanglófar ar na tionscadail sin ar deonaíodh Toiliú Limistéir Mhuirí dóibh iarratas a dhéanamh ar chead forbartha agus bealach chuig an margadh a áirithiú laistigh de chreataí ama socraithe, á chinntiú go gcuirfear na tionscadail ar aghaidh agus go mbainfear na tairbhí is mó is féidir amach don Stát. Faoi théarmaí na dToilithe, ceanglaítear ar thionscadail Chéim a hAon tobhach bliantúil a íoc leis an Stát freisin.

Tagann bronnadh Thoilithe Limistéir Mhuirí Chéim a hAon sna sála ar oscailt an ionú measúnaithe Toilithe Limistéir Mhuirí i mí Aibreáin agus ar fhoilsiú Théarmaí agus Choinníollacha STLIAC go luath i mí na Samhna. Cumasaíodh iad le hachtú an Achta um Pleanáil Limistéir Mhuirí anuraidh, agus is léiriú iad ar an tiomantas láidir atá ann ar fud an Rialtais do phíblíne dhaingean tionscadal fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta a sholáthar sa Stát, ar píblíne í ar féidir léi ár spriocanna faoin bPlean Gnímh don Aeráid a chomhlíonadh.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Limistéar muirí na hÉireann agus a hacmhainn fuinnimh amach ón gcósta

Is ionann limistéar muirí na hÉireann agus seacht n-oiread mhéid a mórchríche. Mar thoradh air sin, ar ár sárdhálaí gaoithe agus ar ár láthair ag imeall an Aigéin Atlantaigh, tá acmhainneacht ollmhór againn le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta. Is féidir le hÉirinn bheith ar cheann amháin de na táirgeoirí is mó fuinnimh gaoithe san Eoraip.

Foráiltear don chóras Toilithe Limistéir Mhuirí faoin Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, 2021. Foráiltear leis an reachtaíocht d’Údarás Rialála Limistéir Mhuirí a bhunú, agus tá sé mar thosaíocht ag an rialtas an tÚdarás a bhunú mar ghníomhaireacht thiomnaithe limistéir mhuirí. Tá an obair atá ar siúl chun an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí a bhunú á stiúradh ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Beidh an tÚdarás i bhfeidhm go luath sa bhliain 2023, mar atá leagtha amach sa Phlean Gnímh don Aeráid. Idir an dá linn, tugtar leis an reachtaíocht de chumhacht don Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an chéad bhaisc d’iarratais ar Thoiliú Limistéir Mhuirí a mheas as measc seacht dtionscadal cháilithe Fuinnimh Inathnuaite Amach ón gCósta, ar a dtugtar tionscadail Chéim a hAon:

  • Feirm Ghaoithe Oiriall
  • Banc an Inbhir Mhóir II
  • Banc Bhré
  • Banc na Cise
  • Eagar Mhuir Éireann Thuaidh
  • Feirm Ghaoithe Codling (Codling I agus Codling II)
  • Carraigeacha Sceirde

Mar thoradh ar an bhforáil lena gceadaítear don Aire measúnú a dhéanamh ar iarratais ar Thoiliú Limistéir Mhuirí, cinntítear gur féidir dul chun cinn a dhéanamh láithreach chun leas a bhaint as an méid ollmhór acmhainní atá againn fad atá an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí á bhunú. Tar éis an chéad bhaisc a eisiúint, is ar an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí a leagfar an fhreagracht as Toilithe Limistéir Mhuirí sa bhliain 2023. Glacfaidh an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí freagracht as aon Toilithe Limistéir Mhuirí ar dheonaigh an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide iad. Ní dhéanfar aon difear d’aistear na dtionscadal sin tríd an bpróiseas toilithe agus pleanála.

Is é an Toiliú Limistéir Mhuirí an chéad chéim de phróiseas pleanála cuíchóirithe nua atá leagtha amach san Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí (2021).

Maidir le forbróirí a ndearnadh measúnú orthu i leith Toiliú Limistéir Mhuirí, agus ar bronnadh an Toiliú orthu ina dhiaidh sin, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar chead forbartha (cead pleanála) ón mBord Pleanála. Déanfar measúnacht timpeallachta ar na tograí tionscadail ansin. Tá deonú na dToilithe Limistéir Mhuirí do thionscadail Chéim a hAon ina chloch mhíle shuntasach, agus é ag teacht sna sála ar ionú iarratais a osclaíodh an 25 Aibreán ar feadh tréimhse ocht seachtaine. Tar éis na hiarratais ar Thoiliú Limistéir Mhuirí a fháil, measúnaíodh tionscadail uile Chéim a hAon bunaithe ar phríomhréimsí, lenar áiríodh inniúlacht airgeadais agus theicniúil, chun a chinntiú nach bhféadfadh ach na tionscadail is inmharthana fuinnimh gaoithe amach ón gcósta iarratas a dhéanamh ar chead forbartha ón mBord Pleanála.

Tá aon tionscadal ar bronnadh Toiliú Limistéir Mhuirí air incháilithe le haghaidh páirt a ghlacadh i gceant STLIAC 1, an chéad cheant le haghaidh gaoth amach ón gcósta faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite Amach ón gCósta. Cheadaigh an rialtas Téarmaí agus Coinníollacha STLIAC 1 an 9 Samhain 2022.

Dréachtaíodh Toilithe Limistéir Mhuirí Chéim a hAon go cúramach chun a chinntiú nach gcuirfí ar aghaidh go tapa ach na tionscadail is inmharthana fuinnimh gaoithe amach ón gcósta chun spriocanna fuinnimh na hÉireann a chomhlíonadh agus chun an leas atá ag an Stát ina acmhainn mhuirí luachmhar a chosaint ag an am céanna.

Nóta – Níor tógadh ach feirm bheag ghaoithe amach ón gcósta amháin faoin seanchóras imeall trá roimh achtú an Achta um Pleanáil Limistéir Mhuirí, mar atá: feirm ghaoithe amach ón gcósta ina bhfuil toilleadh 25 mheigeavata (MW) agus lena ngintear cumhacht leictreach i réigiún Chill Mhantáin.