English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

D’fhoilsigh an Rialtas an Measúnú Náisiúnta Cibir-Riosca

D’fhoilsigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus Ossian Smyth, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Cumarsáid, an Measúnú Náisiúnta Cibir-Riosca, 2022, inniu, rud ina leagtar amach na rioscaí cibearshlándála atá os comhair na hÉireann agus na bearta a theastaíonn chun ár gcibear-athléimneacht a threisiú.

Sa tuarascáil seo, a bhí faoi stiúir ag an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála, tugtar anailís ar an riosca d’Éirinn a eascraíonn as bagairtí éagsúla, amhail spiaireacht agus cibirionsaithe millteacha a dhéanann gníomhaithe náisiúnstáit, eagraíochtaí coiriúla agus grúpaí haiceálaithe cúise. Leagtar béim sa tuarascáil freisin ar a thábhachtaí atá slándáil shlabhra an tsoláthair i dteicneolaíochtaí digiteacha, rud atá ina phríomhphointe fócais den obair chibir-riosca le blianta beaga anuas.

Déantar trí mholadh sa tuarascáil chun cibear-athléimneacht bhonneagar náisiúnta criticiúil na hÉireann* agus sheirbhísí criticiúla na hÉireann a neartú agus chun cibir-rioscaí córasacha sa Stát a mhaolú:

1. Forálacha reachtacha a neartú chun a chinntiú go leabóidh oibritheoirí seirbhísí riachtanacha agus tábhachtacha, soláthraithe seirbhíse agus díoltóirí teicneolaíochta na bearta cuí cibearshlándála ina gcuid táirgí agus seirbhísí ó thús

2. Creat a fhorbairt chun rioscaí straitéiseacha spleáchais shlabhra an tsoláthair a bhainistiú le haghaidh seirbhísí criticiúla agus íogaire

3. Clár lárnach a bhunú de na heintitis riachtanacha agus thábhachtacha uile sa Stát

Tacaítear sa tuarascáil le forbairt leanúnach a dhéanamh ar bhearta chun cibear-athléimneacht a neartú laistigh de bhonneagar náisiúnta criticiúil na hÉireann. Déantar amhlaidh sa tuarascáil trí shainaithint a dhéanamh ar chonairí a d’fhéadfadh cibir-rioscaí córasacha a chruthú – ar rioscaí iad a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh do sheirbhísí riachtanacha an Stáit.

Ag labhairt dó ar fhoilsiú na tuarascála, dúirt an tAire Ryan:

"Rinneamar an cinneadh an Measúnú Náisiúnta Cibir-Riosca a fhoilsiú, rud a dréachtaíodh sa bhliain 2022 chun eolas a thabhairt do dhaoine faoi na cibir-rioscaí atá os comhair na hÉireann.

"Is spleách ar phróisis dhigitithe a bhíonn saol rí-idirnasctha na linne seo, agus tá sé ríthábhachtach go n-oibreoimis go comhtháite chun a chinntiú go mbeadh ardleibhéal cibear-athléimneachta ann ar fud sheirbhísí criticiúla an Stáit. Is féidir an méid sin a bhaint amach trí bhearta éagsúla, lena n-áirítear an acmhainneacht le haghaidh rialacháin reachtúla atá ann cheana agus atá le teacht i réimse na cibearshlándála a neartú.

"Trí na cibir-rioscaí féideartha a scrúdú ar fud raon earnálacha, soláthraítear leis an obair seo léargas ríluachmhar ar an timpeallacht gheopholaitiúil agus teicneolaíochta a bhíonn ag athrú de shíor agus tugtar cosaint léi ar na bagairtí féideartha atá ann. Ba é an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála de chuid na Roinne a chuir an tuarascáil i gcrích, agus cabhair á fáil aige ó Óglaigh na hÉireann, ón nGarda Síochána agus ó bhaill eile de ghrúpa stiúrtha na tuarascála."

Dúirt an tAire Stáit Smyth freisin:

"Is fite fuaite ina chéile agus i gcineálacha eile rioscaí atá na cibir-rioscaí atá os comhair aon tíre, os comhair aon earnála den gheilleagar nó os comhair aon pháirtí aonair. Mar fhreagairt don phaindéim, cuireadh dlús go tapa le gníomhaíochtaí tráchtála, oideachasúla agus sóisialta a dhigitiú, rud a d’fhág go rabhthas in ann leanúint de na gníomhaíochtaí sin, a stadfaí ar shlí eile.

"Dá dtarlódh cliseadh digiteach mórscála anois tar éis na paindéime, d’fhéadfadh sé níos mó dochair a dhéanamh ná mar a bhí amhlaidh roimh an bpaindéim, rud a léiríonn arís cé chomh tábhachtach is atá cibear-athléimneacht láidir ar fud na n-earnálacha uile. Sa tuarascáil a foilsíodh inniu, tugtar measúnú láidir ar chibir-rioscaí sistéamacha."

Ba é a bhí i Measúnú Náisiúnta Cibir-Riosca a chur i gcrích ná ceann de na príomhbhearta a sainaithníodh sa Straitéis Náisiúnta Cibearshlándála 2019-2024. Luadh i mbeart a ceathair den straitéis go ndéanfadh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála, ag obair dó i gcomhar le hÓglaigh na hÉireann agus leis an nGarda Síochána, measúnú riosca mionsonraithe a bhfuil díriú ar chibearshlándáil aige ar an mbonneagar náisiúnta criticiúil ar fad laistigh den Stát.

D’ullmhaigh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála tuarascáil an Mheasúnaithe Náisiúnta Cibir-Riosca, 2022, le cabhair ó ghrúpa stiúrtha a bhí comhdhéanta de bhaill de na comhlachtaí seo a leanas: an Garda Síochána, an Oifig Pleanála Éigeandála, Óglaigh na hÉireann, an tIonad Náisiúnta um Anailís Slándála, Banc Ceannais na hÉireann, an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU), agus an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg).

Is féidir an tuarascáil a léamh agus a íoslódáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

  • Is é is Bonneagar Náisiúnta Criticiúil ann ná na córais riachtanacha atá mar bhonn agus thaca ag saol laethúil tíre, ag cur ar a cumas go bunúsach feidhmiú ar an mbealach is réidhe is féidir. Ar na réimsí a meastar go traidisiúnta gur bonneagar náisiúnta criticiúil iad tá an earnáil fuinnimh, an earnáil iompair, an earnáil seirbhísí airgeadais, an earnáil cúram sláinte agus an earnáil teileachumarsáide, mar aon leis na córais TF de chuid an Rialtais lena soláthraítear an-chuid de na seirbhísí sin.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

An Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála

Bunaíodh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála sa bhliain 2011 agus is aonad oibríochtúil cibearshlándála é laistigh den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Tá an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála freagrach as comhairle agus faisnéis a thabhairt don Rialtas, do sholáthraithe bonneagair náisiúnta chriticiúil, do ghnólachtaí agus don phobal i gcoitinne maidir leis na bagairtí agus na leochaileachtaí reatha a bhaineann le slándáil faisnéise líonra.

Is iad príomhróil an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála dul i gceannas ar mhórtheagmhais chibearshlándála a bhainistiú ar fud an Rialtais, treoir agus comhairle a thabhairt do shaoránaigh agus gnólachtaí maidir le mórtheagmhais chibearshlándála, agus caidreamh idirnáisiúnta láidir a fhorbairt sa phobal domhanda cibearshlándála chun faisnéis a chomhroinnt.

Cibir-rioscaí

Is cuid d’iomlán níos mó, mar atá an fearann digiteach domhanda, iad seirbhísí digiteacha, próisis dhigiteacha agus córais dhigiteacha. Is féidir a fheiceáil ó ghéarchéim airgeadais na bliana 2008 agus ó phaindéim COVID-19 sa bhliain 2020 gur féidir le himeachtaí áirithe tionchar domhanda a bheith acu go tapa ar fhearainn eile agus croí na sochaí agus an gheilleagair a bhualadh. Tá sé sin fíor i gcás cibirtheagmhas freisin agus tá sé amhlaidh go háirithe nuair a tharlaíonn teagmhais ar mhórscála agus i gcomhar le teagmhais eile. Mar shampla, bhí iarmhairtí ollmhóra san earnáil sláinte ag teagmhas cibearshlándála mórscála agus paindéim COVID-19 i dteannta a chéile.

Mar fhreagairt don phaindéim, cuireadh dlús go tapa le gníomhaíochtaí tráchtála, oideachasúla agus sóisialta a dhigitiú, rud a d’fhág go rabhthas in ann leanúint de na gníomhaíochtaí sin (a stadfaí ar shlí eile). Ar an taobh eile den scéal sin tá an t-athrú tapa gan fasach atá tagtha chun cinn ar fud na sochaí, rud lenar brúdh bealaí nua oibre isteach, mar aon le hidirghníomhaíochtaí sóisialta, oideachasúla agus tráchtála a mbíonn ag méadú ar an méid atá an fearann digiteach mar bhonn agus thaca acu. Dá dtarlódh cliseadh digiteach mórscála anois tar éis na paindéime, d’fhéadfadh sé níos mó dochair a dhéanamh ná mar a bhí amhlaidh roimh an bpaindéim, rud a léiríonn arís cé chomh tábhachtach is atá cibear-athléimneacht láidir ar fud na n-earnálacha uile.

Is lánspleách ar TFC atá gach ceann, beagnach, de na próisis chriticiúla agus na seirbhísí criticiúla. Mar gheall ar laghdú suntasach i roghanna malartacha analógacha nó láimhe agus toisc nach ann d’aon roghanna cúltaca, tá méadú chomh mór sin tagtha ar phróisis dhigitithe agus ar chórais dhigiteacha gur féidir le haon lagú ar na córais agus próisis sin damáiste a dhéanamh a bheadh suaiteach ón taobh sóisialta de.

Is féidir le forbairtí geopholaitiúla difear a dhéanamh do chibir-rioscaí freisin mar gheall ar an dlús cuideachtaí atá ag táirgeadh teicneolaíochtaí tábhachtacha amhail córais chumarsáide 5G, néalríomhaireacht, éirim shaorga agus táirgeadh leathsheoltóirí i gcríocha lasmuigh den Aontas Eorpach. Is féidir leis sin róspleáchas a chruthú ar shlabhraí soláthair le haghaidh teicneolaíochtaí tábhachtacha, rud a bhféadfadh forbairtí geopholaitiúla amhail smachtbhannaí trádála, coinbhleachtaí réigiúnacha nó leasanna straitéiseacha náisiúnta difear diúltach a dhéanamh dóibh.

Tá ardspleáchas ann ar líon measartha íseal soláthraithe crua-earraí agus bogearraí, néalseirbhísí agus soláthraithe seirbhíse, agus spleáchas suntasach ann ar sholáthraithe seirbhíse ó áiteanna lasmuigh den Stát.