English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Dul chun cinn suntasach ar an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda

  • Tá an Plean Náisiúnta Leathanbhanda ag comhlíonadh thiomantas an rialtais maidir lena chinntiú go bhfuil fáil ag gach saoránach ar an idirlíon trí leathanbhanda ardluais. Tá an chuideachta atá ag comhlíonadh an tiomantais sin sa Limistéar Idirghabhála thar ceann an Stáit, Leathanbhanda Náisiúnta Éireann (NBI), tar éis dul chun cinn suntasach a dhéanamh in 2020

Tá clár leata amach NBI ina chuid shuntasach de straitéis an rialtais a chur i bhfeidhm i raon réimsí beartais. Clúdaíonn an Limistéar Idirghabhála 96% de mhórchríoch na hÉireann, agus áirítear ann os cionn 544,000 áitreabh nua, lena n-áirítear áitreabh nuathógtha sa Limistéar Idirghabhála ó bronnadh an conradh. Tabharfar leathanbhanda ardluais ag a bhfuil luas íoslódála íosta 500Mbps do thart ar 23% de dhaonra na hÉireann, lena n-áirítear 69% d’fheirmeacha na tíre, trí thart ar 140,000km cábla snáthoptaice, 1.5 milliún cuaille, agus os cionn 15,000 ciliméadar de líonraí duchtanna faoi thalamh.

Snáithín Optúil chomh fada leis an mBaile

Rachfar thar áitribh i ngach contae sa chéad dá bhliain agus beidh fáil ag os cionn 90% d’áitribh an Stáit ar leathanbhanda ardluais faoi cheann ceithre bliana.

Chruthaigh clár leata amach NBI deiseanna suntasacha fostaíochta cheana féin, ag soláthar fostaíocht dhíreach agus indíreach do 800 duine go dtí seo, agus fostaíonn NBI 160 comhalta foirne go díreach. Fostaítear líon suntasach daoine ar ghníomhachtaí deartha freisin trí na fochonraitheoirí dearaidh enet agus eir, atá ag soláthar bonneagar agus seirbhísí ríthábhachtacha.

Tá fochonraitheoirí NBI i mbun suirbhéireacht ar bhealaí snáithín chun a mheas an bhféadfaí cuaillí atá ann cheana féin a úsáid, ag meas duchtanna faoi thalamh agus a mhéad crainn a bheidh le bearradh chun a chinntiú nach mbaintear de na cáblaí snáithín nuair a leagtar ar na cuaillí lasnairde iad. Rinne siad dul chun cinn suntasach go dtí seo agus amhail an 23 Samhain, rinneadh suirbhéireacht ar os cionn 136,000 áitreabh ar fud 26 contae. Sáraíonn sé sin an sprioc suirbhéireachta don bhliain iomlán, nó 120,000 áitreabh, a thuar an chuideachta.

Cuireadh tús leis an obair soláthair líonra don Snáithín Optúil chomh fada leis an mBaile sna ceantair seo a leanas:

  • Co. Chorcaí – Carraig Uí Leighin, Baile Mhontáin, Béal Átha an Cheasaigh, Baile an Mhanaigh agus Baile an Róistigh Uachtarach
  • Co. na Gaillimhe – Órán Mór, Droichead an Chláirín, Baile an Chláir, na Forbacha agus Bearna Béal Átha na Sluaighe – ceantair timpeall ar Bhéal Átha na Sluaighe amhail Cill Tormóir, Corr an Choirce, an tEanach, Cill Chonaill agus Áth Eascrach
  • Co. an Chabháin – Béal Átha na nEach, Corlurgan, Airneachán, na Pollaí agus Cauhoo
  • Co. Luimnigh – bailte fearainn lasmuigh de Chathair Luimnigh, lena n-áirítear Mungairit, Tobar Phádraig, Craobh Chomhartha, Caisleán Uí Chonaill agus Cathair Chinn Lis

Táthar ag díriú ar shnáithín a chur thar nach mór 8,000 áitreabh agus go mbeidís in ann nascadh le seirbhís leathanbhanda ardluais faoi dheireadh na chéad bhliana de Chonradh an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda (deireadh mhí Eanáir 2021). Cuirfear tús le céim phíolótach tástála agus trialach i mí na Nollag 2020 agus mí Eanáir 2021 do naisc i gCarraig Uí Leighin, Co. Chorcaí. Beidh soláthraithe seirbhíse idirlín in ann an tseirbhís sin a chur ar fáil go díreach do chustaiméirí go luath in 2021.

Tá tiomantas sonrach i gClár an Rialtais d’fhéachaint le dlús a chur faoi leathadh amach an líonra ag NBI. Bhunaigh NBI foireann thiomanta chun deiseanna a fhiosrú maidir leis an sceideal leata amach a fheabhsú i gcomparáid leis an sprioc-sceideal reatha atá ina chonradh.

Tionchar Phaindéim COVID-19

Tharraing paindéim COVID-19 béim ar thábhacht an leathanbhanda iontaofa chun a chinntiú go bhfuil saoránaigh ar fud na tíre in ann tairbhe a bhaint as cianobair, oideachas agus seirbhísí riachtanacha eile ar líne. Mar aitheantas air sin, creideann Clár an Rialtais go bhfuil an Plean Náisiúnta Leathanbhanda ina phríomh-áisitheoir den chianobair agus de chiansoláthar seirbhísí.

Cé go ndearnadh dul chun cinn mór go dtí seo, bhí tionchar ag paindéim COVID-19 ar sholáthar an líonra snáithín. Táthar ag measúnú i gcónaí chomh tromchúiseach is a bheidh an tionchar sin agus tá NBI ag cur bearta i bhfeidhm go leanúnach chun an tionchar a mhaolú a oiread agus is féidir, lena n-áirítear líon chonraitheoirí suirbhéireachta agus dearaidh NBI a mhéadú. Anuas air sin, tugadh faoi phlé le Openeir le feiceáil an bhféadfadh sé líon na n-oibreacha a dhéantar ar a líonra a mhéadú, ionas go mbeidh an bonneagar cuaillí agus duchtanna atá ann cheana réidh don soláthar snáithín.

Pointí Nasctha Leathanbhanda: Réitigh Ghearrthéarmacha don Nascacht faoin Tuath

Soláthróidh Pointí Nasctha Leathanbhanda (PNLanna) nascacht agus cabhróidh siad le pobail teacht go tapa ar leathanbhanda ardluais poiblí saor in aisce sula gcuirtear an príomhsholáthar ar fáil faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda. Shainaithin údaráis áitiúla na suíomhanna PNL beartaithe agus áirítear leo scoileanna, moil leabharlainne, agus saoráidí áitiúla spóirt.

Tá an tionscadal soláthair PNL faoi lán seoil anois, agus tá nascacht á cur ar fáil ag NBI ag gach láithreán. Shuiteáil NBI trealamh ag 201 láthair chun WiFi rochtana poiblí a chur ar fáil ag PNLanna. Tá Vodafone ag cumasú na bhfoirgneamh sin leis an WiFi laistigh agus lasmuigh riachtanach faoina gconradh leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Amhail lár mhí na Samhna, nasc Vodafone 59 PNL.

Mar chuid den chlár sin, soláthrófar 74 pointe nasctha bunscoile. Shuiteáil NBI trealamh i 52 láithreán amhail lár mhí na Samhna 2020, agus tá 22 nasctha anois trí chonradh soláthraí seirbhíse leis an Roinn Oideachais agus Scileanna. Cuirfear naisc WiFi sna láithreáin scoile eile as seo go ceann cúpla mí. Déanfar sin mar chuid de chlár ilbhliantúil chun tús áite a thabhairt don nascacht i ngach scoil agus tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ag obair leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chun tús áite a thabhairt do na scoileanna atá fós ag fanacht le nascadh i rith théarma soláthair NBI.

Tá an Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta ag stiúradh Straitéis Cianoibre agus tá an Plean Náisiúnta Leathanbhanda ina phríomh-áisitheoir d’fhorbairtí sa timpeallacht nua oibre atá ag teacht chun cinn.

CRÍOCH