Fáiltíonn Éire roimh thiomantas an AE éileamh gáis a laghdú don gheimhreadh seo chugainn de agus léiríonn na Ballstáit dlúthpháirtíocht
- Foilsithe: 26 Iúil 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Is díol sásaimh d’Éirinn gur léirigh Ballstáit ar fud an AE dlúthpháirtíocht in aghaidh armáil soláthairtí gáis ag an Rúis, trí theacht ar chomhaontú maidir le rialachán maidir le héileamh ar ghás a laghdú. Áirítear leis an rialachán laghdú deonach 15% ar éileamh gáis nádúrtha an geimhreadh seo.
Áirítear leis an rialachán freisin ceanglas do laghdú éigeantach i gcás riosca suntasach go mbeadh ganntanas gáis ar fud an AE ann. Áirítear sa chomhaontú seo raon solúbthachta a aithníonn imthosca éagsúla na mBallstát maidir le soláthairtí gáis.
I gcás na hÉireann tá sé aitheanta nach bhfuil ár n-eangach gáis idirnasctha le haon Bhallstát eile agus, dá bhrí sin, tá an fhéidearthacht ag Éirinn díolúine a fháil ón gceanglas laghdaithe éigeantach.
Déanfaidh an roinn athbhreithniú agus breithniú anois ar impleachtaí an rialacháin seo, i gcomhar leis an nGrúpa Éigeandála um Shlándáil Fuinnimh, chun scrúdú a dhéanamh ar roghanna chun éileamh ar ghás a laghdú i ndlúthpháirtíocht le Ballstáit eile an AE.
Tá gealltanas an AE ar aon dul le teachtaireachtaí ó fheachtas Rialtas na hÉireann féin 'Úsáid Níos Lú' - a seoladh mar chuid den Chreat Náisiúnta um Shlándáil Fuinnimh i mí Aibreáin na bliana seo. Beidh an chéad chéim eile den fheachtas 'Úsáid Níos Lú', a thosóidh sna míonna amach romhainn agus muid ag druidim le tréimhse an gheimhridh, an-tábhachtach chun úsáid fuinnimh agus costais a shábháil ar thomhaltóirí.
Cé nach bhfuil Éire nasctha le córas gáis an AE, beidh tionchar ag costas méadaithe an gháis ar úsáideoirí na hÉireann.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Creat Náisiúnta Slándála Fuinnimh
Bhunaigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Grúpa Éigeandála um Shlándáil Fuinnimh (faoi chathaoirleacht an Ard-Rúnaí) i mí Aibreáin, mar atá leagtha amach sa Chreat Náisiúnta um Shlándáil Fuinnimh.
Comhordaíonn agus maoirsíonn an grúpa seo gníomhaíocht agus freagraí ar leibhéal náisiúnta maidir le tionchar an chogaidh ar shlándáil fuinnimh. Sainmhíníonn an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) slándáil fuinnimh mar infhaighteacht gan bhriseadh d’fhoinsí fuinnimh ar phraghas réasúnta.
Áirítear ar an ngrúpa ionadaithe ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, ón nGníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta (NORA), ón gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRF), Líonraí Gáis Éireann (LGÉ), EirGrid agus an SEAI.
Feachtas 'Úsáid Níos Lú'
Is féidir linn go léir a fheiceáil mar atá cogadh agus coinbhleacht ag dul i bhfeidhm ar phraghsanna fuinnimh ar fud na hEorpa. Níl sé difriúil in Éirinn. Soláthraíonn an rialtas raon tacaíochtaí chun an tionchar ar thithe agus ar ghnólachtaí a laghdú. Trínár n-úsáid fuinnimh a laghdú, is féidir linn airgead a shábháil agus teorainn a chur lenár spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe.
Téigh chuig gov.ie - Úsáid Níos Lú (www.gov.ie) chun tuilleadh eolais a fháil faoin bhfeachtas 'Úsáid Níos Lú.'